AR NA SAOLTA SEO
Na Féileacáin
Seán Mac Risteaird Seán Mac Risteaird Seán Mac Risteaird

Theagmhaigh Seán Mac Risteaird leis an obair mhaith a dhéanann an t-eagras Féileacáin, eagras a thacaíonn le teaghlaigh a iompraíonn ualach trom cumhaíúil na marbhghine.

Íomhá
Robyn's Tea Party, eagraithe is ar an bhfód i mBaile Bháigh
Íomhá
Féileacáin
Íomhá
Deacair, ach déanta
Íomhá
Ag súil le duais ag an gCóisir Tae
Íomhá
Neam neam, le cupán tae

Ní féidir an dorchadas a sheachaint. Ag deireadh an lae, is cuma cé chomh geal is a bhreátha is a bhí lá, rachaidh an ghrian ina luí thiar. Ach ar an gcuma chéanna, ní féidir an ghrian a sheachaint ná an solas ach oiread. Nuair a éiríonn an saol dúshlánach, brónach nó fiú amháin mí-ádhúil, sílim i gcónaí gur féidir linn glacadh leis nach mbíonn néal gan ghealán, nach mbíonn sa dorchadas ach seal agus nach mbíonn sa bhrón ach tocht neamhbhuan. Sin mar a tharla do mo theaghlach roinnt blianta ó shin nuair a cailleadh mo neacht Robyn, páiste a rugadh agus í ina codladh. Is deise a rá mar sin, measaim, ná ‘marbhghin’ a thabhairt ar dhuine beag nach luaithe ar an saol seo ná a himeacht as. Chonacthas dúinn gur féidir aon dúshlán sa saol a shárú má thugann tú aghaidh air le chéile. Tuigimid anois gur féidir le cineáltas an choimhthígh do shaol iomlán a leasú agus go bhfuil daoine ar leith sa saol a shínfeas amach an lámh chúnta le fonn, gan choinne.

Is eagras é Féileacáin a thapaíonn an deis le tacaíocht thábhachtach a chur ar fáil go cneasta do theaghlaigh a d’fhulaing an bhris sin nuair a tháinig páiste ar an saol marbh. Ainm cuí atá ar an gcarthanacht a léiríonn tréimhsí de shaol an pháiste – ón mbolb beag bídeach go dtí an feileacán ildaite álainn atá tagtha ar an saol - agus ní háille go foirfeacht na broinne. Ní súil seirce go súil na máthar in am breithe.

An Súsa Bán

Bunaíodh Féileacáin le cabhair thuisceanach feidhmiúil a chur ar fáil do theaghlaigh a dtagann páiste chun an tsaoil chucu marbh. Dar leo, ní féidir créachtaí doimhne caillteanas mar sin a leigheas ach gur féidir le Féileacáin tacú leis an teaghlach chun an méala a láimhseáil ar an dóigh is fearr agus is féidir. Nuair a tháinig deireadh le saol Robyn in am a breithe, sular cuireadh tús leis, bhronn Féileacáin bosca cuimhneacháin ar mo dheirfiúr, bosca lán earraí úsáideacha mar chúnamh le tuismitheoirí an linbh. Bhí ceamaraí le grianghraif a tharraingt den pháiste, eolas faoi sheirbhísí cuimhneacháin is comhairleoireachta agus bhí súsa bán, nó pluid, don leanbh ann. Ba í an súsa bán, a chniotáil máithreacha a raibh naíonáin marbhghine acu, an rud is mó a shonraigh muid. Cá bhfios an t-am agus an dua a caitheadh lena dhéanamh agus é anois thart ar an leanbh go suaimhneach.

Níl a fhios agam go baileach cén chaoi a raibh mo dheirfiúr agus mo dheartháir céile in ann bás an linbh a shárú ar chor ar bith ach thuigeadar beirt go mbeidh orthu an tacaíocht chéanna a chúiteamh le teaghlaigh eile le páistí nach dtiocfaidh ar an saol amach anseo. De thoradh air seo, chuir mo dheirfiúr lá tae agus cístí ar siúl agus chruinnigh sí na mílte euro do Féileacáin. Tháinig muintir an bhaile agus daoine eile ó gach cearn sa tír le chéile le hairgead a thabhairt don charthanacht agus chun tacú le mo dheirfiúr. Bhailigh na sluaite timpeall orainn lena gcomhbrón a léiriú ach chun go dtuigfí go bhfuil pobal taobh thiar dínn – rud atá fíorthábhachtach don eagras seo. Rinneadh Robyn a cheiliúradh agus a chomóradh. Cuireadh an dubh ina bhán.

Tacaíocht Bheag Eile

Bhí mé féin ag iarraidh beart éicint a dhéanamh agus dhírigh mé ar thús a chur leis an aclaíocht agus rás deich gciliméadar a dhéanamh ar son na carthanachta. Duine leisciúil leathstromptha a bhí ionam agus ní raibh spéis dá laghad agam a bheith páirteach in aon spórt d’aon chineál. Dá bharr sin, shocraigh mé an rith seo a dhéanamh toisc gur thuig mé gur dhúshlan a bheadh ann dom agus go cinnte, bhí sin ann. Trí leas a bhaint as mo leathanach Smutleabhair, bhailigh mé thart ar €400 do Féileacáin agus bhain sé seo siar asam go hiomlán – daoine agus cairde a raibh fadhbanna den chineál céanna buailte anuas orthu ag bronnadh airgid ar an iarracht agus dár moladh as ár n-iarrachtaí an chartanacht a chur chun cinn. Léiríodh a flaithiúla agus a thuisceanaí atá mo chairde agus daoine eile nach iad. Tugadh ardú meanman dom agus do mo theaghlach toisc gur léiriú tacaíochta a bhí ann dúinne freisin.

Cuireadh teaghlaigh na bpáistí seo ina dtost in imeacht na gcianta. Taispeánadh dom ar Oileán an Bhlascaoid agus don scata mac léinn eile as Maigh Nuad cillín na leanaí a bhíodh in úsáid sa seansaol. Ba ghnách na gasúir seo a chur i reilig gan aon chomharthaíochtgan sochraid. Ba é an nós céanna ar tír mór, cleachtas fuarchúise nach bhfuil ann a thuilleadh. Tuigim anois go bhfuil cúrsaí tar éis feabhsú go mór, go bhfuil muintir na hÉireann anois sásta a bheith oscailte agus a bheith ionraic nuair atá deacrachtaí an tsaoil ag luí go trom orainn. Coimhthígh a bhí ina gcabhair mhór dúinn agus do mo theaghlach. Fós féin, bíonn laethanta dorcha ann dúinn, cothrom an lae a cailleadh í, agus faoi Nollaig, agus aon am a chuireann a deartháir mór ceist orainn, ar nós, “an bhfuil Robyn ar Neamh ag breathnú anuas orainn?” Mar sin féin, tuigimid go maith anois go scairtfidh an solas arís agus nach bhfuil sa dorchadas ach seal gairid eile. Tuilleadh eolais faoi Féileacáin sna naisc de leataobh ar dheis.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is mac léinn taighde Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Má Nuad é Seán Mac Risteaird.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.