AR NA SAOLTA SEO
Na deacrachtaí a bhaineann leis an vótáil leictreonach
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim go gcothóidh an vótáil leictreonach fadhbanna móra le linn thoghcháin na bliana seo in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.

Íomhá
Michael McDowell - ní raibh ach 27 vóta idir é féin agus John Gormley in olltoghchán 1997
Íomhá
Jeb Bush, gobharnóir Florida

Cén tionchar a bheas ag an vótáil leictreonach ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha? Níl a fhios sin ag éinne, ach tá gné amháin den scéal nár pléadh go poiblí fós: a laghad vótaí is a bhí idir iarrthóirí éagsúla nuair a tionóladh na toghcháin dheireanacha i 1999.

Bhí an toradh ba ghaire i mBuiríos Mór Osraí i gCo Laoise. Bhí coimhlint éachtach idir John Bonham (Fine Gael) agus Larry Kavanagh (Páirtí an Lucht Oibre) don suíochán deiridh. Bhí an bheirt acu ar comhscór, 795 vóta an duine, agus in ainneoin gur caitheadh seachtain, nach mór, ag déanamh athchomhairimh i ndiaidh athchomhairimh níor athraigh an scéal. Ar deireadh tugadh an suíochán do John Bonham, ar an ábhar gur aigesean a bhí an vóta ab airde ar an gcéad chomhaireamh. Ní bhíonn sé níos gaire ná sin. Déanadh achomharc sa gCúirt Chuarda faoin toradh ach d’fhan rudaí mar a bhí agus an suíochán ag John Bonham.

Anois, dá mba rud é gur vótáil leictreonach a bhí i bhfeidhm thiar i 1999, agus gan aon taifead ar páipéar ar fáil faoin gcaoi ar chaith daoine a gcuid vótaí, an mbeadh aon athrú ar dhearcadh an Bhreithimh sa gcás áirithe seo? Beidh le feiceáil is dócha, mar tá gach seans ann go mbeidh roinnt cásanna ag teacht os comhair na gcúirteanna nuair a bheas toghcháin 2004 thart.

Bhí cúpla toradh spéisiúil eile ann i 1999. Theip ar Brian Meaney ón gComhaontas Glas in Inis nuair a toghadh Bernard Hanrahan ó Fhianna Fáil don suíochán deiridh. An bhearna eatarthu? Aon vóta amháin. Ní raibh ach cúig vóta idir Victor Boyhan (An Páirtí Daonlathach) agus Mary Brophy (Fine Gael) ar an gCarraig Dhubh i nDún Laoghaire. Toghadh Victor Boyhan.

Sé vóta a bhí idir Joe Meagher (Fianna Fáil) agus Noel Gleeson ón bpáirtí céanna nuair a toghadh Meagher i gCaisleán Uí Chonaill i Luimneach. Fuair Liam McGirl (Sinn Féin) an ceann is fearr ar Paddy O’Rourke (Fianna Fáil) i mBéal an Átha Mhóir i gContae Liatroma - ach ní raibh ach seacht vóta eatarthu. Bhí an bhearna chéanna idir Paudie Coffey (Fine Gael) agus Victor Bowers (Páirtí an Lucht Oibre) i gceantar na Súire i gContae Phort Láirge. Ba é Coffey an buaiteoir. Agus ní raibh ach deich vóta idir Seán Lynch ó Shinn Féin Poblachtach agus Benny Reid ó Fhianna Fáil nuair a toghadh an Loingseach i nDroim Lis i gContae Longfoirt.

Ní sna toghcháin áitiúla amháin a bhíonn bearna bheag idir na hiomaitheoirí. Is cuimhin le daoine an t-achrann a thóg leithéidí Cathy Sinnott agus Nicky Kelly nuair a theip orthu san olltoghchán deireanach. Ach céard faoi olltoghchán 1997 nuair a theip ar Michael McDowell ón bPáirtí Daonlathach i mBaile Átha Cliath Thoir-Theas? Ní raibh ach 27 vóta idir eisean agus John Gormley ón gComhaontas Glas nuair a toghadh Gormley. Agus i 1992 theip ar Eric Byrne ón nDaonlathas Clé nuair a toghadh Ben Briscoe ó Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Láir-Theas. Lean an t-athchomhaireamh ansin ar aghaidh ar feadh seachtaine. Ar deireadh toghadh Briscoe agus é cúig vóta chun cinn ar Byrne.

Breathnadóirí neamhspleácha

Ní in Éirinn amháin atá conspóid ar siúl faoin vótáil leictreonach. I bhFlorida tá na Poblachtánaigh le ceangal tar éis gur fhógair an eagraíocht síochána Pax Christi USA go gcuirfidh siad breathnadóirí neamhspleácha idirnáisiúnta chun na háite don toghchán uachtarántachta thall sa bhfómhar. Gnás é seo a úsáidtear go minic sna tíortha neamhfhorbartha agus in áiteanna eile ina mbíonn amhras ar dhaoine faoin gcóras daonlathach ann. Dar le Gobharnóir Florida, Jeb Bush, gur masla é a rá gur gá a leithéid a dhéanamh sa Stát.

Tá deireadh leis an seanchóras vótála i bhFlorida, an córas lochtach úd a tharraing an oiread sin achrainn in 2004 agus a chuir téarmaí ar nós “pregnant chads” isteach i gcaint na ndaoine. Tá sé i gceist an vótáil leictreonach, gan taifead páipéir, a úsáid sa Stát seo. Ar ndóigh, ba é Florida a shocraigh gur Bush agus ní Gore an t-ainm a bheadh ar uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá ceithre bliana ó shin. Móramh fíorbheag a bhí ag Bush i bhForida. Toghadh ina uachtarán é dá bharr sin in ainneoin nach raibh móramh iomlán na vótaí sna Stáit Aontaithe trí chéile aige. Ach má bhíonn achrann arís ann faoin toradh ní bheifear in ann athchomhaireamh a dhéanamh, faoi mar a tharla in 2000, mar ní bheidh páipéir bhallóide ann.

Leanfar leis an gconspóid faoin toghchán áirithe sin go deo. Muna mbíonn ach bearna bheag idir na hiarrthóirí an turas seo bí cinnte go gcríochnóidh ceist na vótála leictreonaí sa gCúirt Uachtarach thall - faoi mar a tharlós sa tír seo.

Idir an dá linn, tá mana áirithe ag na Cubanos i bhFlorida arbh fhiú do na teifigh in Éirinn aird a thabhairt air. “Ní féidir linn uachtarán a thoghadh inár dtír féin,” a deir siad, “ach is féidir linn uachtarán Mheiriceá a thoghadh.” Agus iarrthóirí de chuid lucht na dteifeach ag seasamh i nGaillimh, i gContae an Chláir agus i Ros Comáin, an mbeidh iolrachas nua na hÉireann le feiceáil ag cruinnithe comhairlí contae amach anseo?

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.