THALL IS ABHUS
Na Daichidí
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Tá ‘fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth’ feicthe ag Breandán de Gallaí anois. Bhuail Breandán tríd an teora aoise sin a thug a fhad le tríú line an rainn, ‘fiche bliain ag cromadh (is fiche bliain ag dul ar lár)’. Is atús é aois áirithe a scoitheadh agus tá buntáiste go leor ag baint leis, dar leis.

Íomhá
Jane Fonda nuair a bhí sí breis is leathchéad (Alan Light a tharraing ag Flickr)
Íomhá
Nuair a chruann an tslat is deacair a shníomh ina gad
Íomhá
An fíogadán, tae na glaise, sríobún, ola ae an troisc, mil mhanuka srl. feasta

cuimhne mhaith agam ar an lá a thiompaigh mo mháthair ceathracha. Bhí muid amuigh sa teach beag agus móraí ann ag airneál. Bhí a fhios agam gur breithlá mo mháthar a bhí ann, ach, agus mé ag cúléisteacht leofa, chuala mé móraí ag ráit le Mam “Life begins at forty”. Bhí mé féin óg go maith, deich mbliana d’aois ag an am, ach shíl mé gurbh é seo aois mhillteanach sean ar fad. Cha dtiocfadh liom mo chloigeann a fháil thart ar an aois sin, ag déanamh i m’intinn anabaí féin nach dtiocfadh le ‘nduine a bheith chomh sean, agus cinnte, cha dtiocfadh liom a shamhlú mé féin a bheith a choíche chomh sean sin.

Bhuel tháinig an lá sin an mhí seo caite. Chríochnaigh mé mo thráchtas don MA ar an dara lá de mhí an Mheithimh agus bhí an viva voce agam ar a 5ú. Níos lú ná seachtain ina dhiaidh sin, d’fhág mé slán leis na tríochaidí. Bheartaigh mé ó mhí roimhe sin maireachtáil shláintiúil a chur i bhfeidhmneart aclaíochta a dhéanamh, gan an iomarca a ól, agus gan a dhath ach bia follán a ithe. Mar sin, nuair a tháinig an 10ú lá de Mheitheamh, bhí mé measartha tanaí, ní raibh sprochaillí dubha faoi mo dhá shúil agus bhí spionnadh iontach maith orm. Mhothaigh mé níos fearr ná a mhothaigh mé an bhliain roimhe sin, agus bhí mé ábalta amharc siar ar an bhliain a chuaigh thart le háthas agus le mórtas. D’éirigh liom go leor a chur i gcrích, rinne mé go leor rudaí a scanraigh mé (ar bhealach maith) agus tháinig mé amach an taobh eile in aon phíosa amháin.

Creidim go bhfuil cuid mhór ag an philleadh ar an Ollscoil le déanamh leis. Thug sé fócas domh nach raibh agam le traidhfil blianta roimhe sin. D’fhoghlaim mé struchtúr a chuir ar mo shaol, agus an cheird is tábhachtaí – rudaí a chríochnú. Tá drochfhaisean agam gan a bheith ábalta tionscadal atá ar bun agam a thabhairt chun críche. Bím i gcónaí ag meas go dtig le rudaí a bheith níos fearr, níos foirfe, agus bíonn go leor nithe fágtha leathdéanta, rudaí nach bhfeiceann solas an lae a choíche. Anois, ’sé an fhealsúnacht nuachumtha atá agam nó – cruthaigh agus comhlánaigh rudaí! Ní chaithfidh siad a bheith maith, ach caithfidh siad a bheith comhlíonta. Seo maidir le gach rud – scríobh, aclaíocht, cóiagrafaíocht, obair tí.

Fiche Bliain faoi Bhláth

Bhí mé i Hamburg na Gearmáine nuair a d’fhág mé mo chuid fichidí i mo dhiaidh, agus cé go raibh mé ag damhsa go gairmiúil, chonacthas domh de réir a chéile go raibh mé ag bogadh isteach i ré ann a raibh mé i bhfad níos mó ar mo shuaimhneas ná mar a bhí mé go dtí sin. Tá sé deacair do lúthchleasaí/lúithnire ar bith éirigh níos sine nuair atá a bhuaicré aclaíochta ag seacht nó ocht mbliain déag. Ach níl buaileadh amach ar an taithí agus an lánaibíocht, agus cé go raibh orm i bhfad ní ba mhó obair a chur isteach i ngach gné de mo shlí bheatha, stad sé a chur isteach orm go raibh damhsóirí níos óige agus níos corpacmhainní ná mé ag teacht aníos ar mo chúl. Bhí mé ábalta díriú isteach ar an jab a bhí os mo choinnese agus neamhaird a dhéanamh de dhaoine eile agus de na cuspóirí a bhí acusan – i.e. ag ’ul i ndiaidh mo phostsa. Agus anois deir siad gurbh é ceathracha an tríocha úr, mar sin thig liom dul tríd na deich bliana sin arís le deich mbliana taithí sa bhreis.

Le bheith cothrom, níl san aois ach dearcadh, agus ní mhothaíonn daoine níos sine ó lá go lá. Mhúscail mise suas ag mothú go hiontach, go díreach cionn is gur chaith mé cúpla lá ag amharc i mo dhiaidh féin. Tá na laetha a raibh mé ag dó na mílte agus na mílte calra sa lá chomh fada sin ar shiúl nach bhfuil cuimhne agam ar conas a mhothaigh sé, ach tá cuimhne mhaith agam ar angst na fichidí, gan trácht ar na déaga.

Fiche Bliain ag Cromadh?

An tuar féinchomhlíontach seo de a bheith ní ba mhoille, níos boige mar fhear, níos caite ag amharc, is féidir seo a sheachaint. Agus buíochas le Dia, ’s iad na daoine ar comhaois liom féin a amharcann dóighiúil agus gnéasach i mo shúilese agus ní na tachráin lushúla agus foirfe a fheiceann tú i bpubanna faiseanta Bhaile Átha Cliath. Is maith liom an carachtar, taithí agus cruatan atá le feiceáil ar aghaidheanna m’aoisghrúpa féin. An rud tarraingteach sin – tá scéalta le hinse agam duit fá mo shaolsa.

Leis an lá a cheiliúradh, d’eagraigh mé par-tay i mo theach. Tháinig seasca cloigeann, agus nuair a athfhéachaim ar an éagsúlacht pearsantachta a bhí ann, cuireann sé spionnadh maith orm go raibh daoine iontach suimiúil agus an-difriúil óna chéile i mo shaol.

Ní sin le rá gur réitigh siad lena chéile b’fhéidir (m’aram go raibh siad réidh lena chéile a mharbhadh), ach is cuma fá sin. Tá a fhios agam go bhfuil speictream leathan cúlrach, tionchar agus claonadh thart orm ag ’ul i bhfeidhm orm agus le tarraingt uathu.

Cé gur éirigh liom bail a chur ar mo shaol agus d’éirigh mé i bhfad ní ba tháirgiúla, ní sin le rá go bhfuil claochlú foirfe déanta agam, ná a dhath cosúil leis. Thig liom a bheith lán go falsa agus a bhí mé riamh, ach ar bhealach, cionn is go raibh mé aibí go leor an dúshlán sin a thabhairt domh féin feiceáil an raibh mé in ann rudaí a athrú, ní bheadh a fhios agam. Níl aon duine againn chomh gearr nó chomh gasta nó chomh foirfe agus a shíl muid go raibh muid nuair a bhí muid níos óige, ach ar a laghad níl muid chomh scanraithe agus a bhíodh. Seo mé ag súil leis an chéad cheathracha eile...

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.