Agus Kíla ar camchuairt sna Stáit Aontaithe roimhe seo, bhraitheadh Colm Ó Snodaigh go mbíodh easpa spioradáltachta i gceist. Braitheann sé anois, áfach, go bhfuil an banna réidh lena n-aghaidh a thabhairt ar an tír arís.
Tráthnóna Dé hAoine. An trácht an-trom. Tiomáineann muid ó thuaidh ó aerfort JFK ar an Taconic Parkway i dtreo Williamstown, Massachusetts, le freastal ar chomhdháil a bheas á reáchtáil ag dream ar a dtugtar Creative Capital. Ag an ócáid seo, casfaidh dhá chéad ealaíontóir ó gach cearn de na Stáit Aontaithe ar dhaoine “fásta ciallmhara” a bheas ann le comhairle a chur orthu faoi chúrsai gnó i saol na n-ealaíon. Tá an lá dorcha, gruama. Tá cuma sheanchaite ar Mheiriceá; dealraíonn sé nach bhfuil aon duine ag tabhairt aire don tír.
Ar an mbealach, stopann muid i York Town Heights, áit ar tógadh Lizbeth, mo chailín. Tá a haigne báite i gcuimhní. M’aigne féin lán cuimhní chomh maith. Agus mé cúig bliana déag, tháinig mé chuig an mbaile seo le páirt a ghlacadh i gcomórtas sacair. Níl mórán cuimhne agam ar an áit, ach deirim le Lizbeth go rabhas á cuartú ach go raibh sí ceilte orm.
Téann muid i dtreo uaigh a hathar. Tchíonn muid lachain ar an mbóthar, iad ag seachaint na lochán uisce. Tuigeann siad go bhfuil stoirm ag teacht. Pléascann an spéir, steallann báisteach anuas orainn agus de cheal radhairc shoiléir, moillím an carr go cúig mhíle san uair. Déanann muid gáire le chéile, ag rá gurb éard atá ag
tarlú ná go bhfuil ár ndomhain ag teacht le chéile – na heilimintí uilig ag bualadh i gcoinne a chéile; tintreach agus toirneach, scamaill agus báisteach.
Maolaíonn an stoirm agus muid ag teacht gar don uaigh amhail is dá mba radharc ó scannán é. Táimid faoi shíocháin agus ár gcuid á rá againn leis na mairbh.
Níos déanaí, agus muid ag taisteal chuig tigh cara liom i Redding sa chéad stát eile – Connecticut – pléascann an spéir in athuair. An uair seo, is clocha sneachta a thiteann anuas orainn – cinn chomh mór le liathróidí gailf. Téann muid ar foscadh faoi chrann agus eagla orainn go ndéanfar damáiste don charr atá glactha ar cíos againn.
Sroicheann muid an tigh ar chúlbhóithre tuaithe dorcha, a bhuíochas sin ar an gcóras suite domhanda. Tá smaointe ag teacht chugam faoi chomhlacht ceirníní, Green Linnet, a bhí ag obair le Kíla deich mbliana ó shin.
Agus muidne ag plé leis an gcomhlacht, ba in Danbury, Connecticut, a bhí sé lonnaithe – cúig mhíle ó thigh mo chara. Theip ar an gcomhlacht cúpla bliain ó shin agus díoladh le comhlacht eile é. Caimiléireacht ba chúis leis an teip agus úsáideadh an t-airgead a fuarthas as an díol le socraíocht ollmhór a dhéanamh le ceoltóirí éagsúla – Altan, Cherish The Ladies agus Cathy Ryan, cuir i gcás.
Bhí fadhbanna leanúnacha againn féin le Green Linnet agus ar deireadh, chuireas cara linn, Fergal Ó hAnnracháin (ar cuntasóir é) chun na hoifige in Danbury. Rinne sé iniúchadh ar fhigiúirí an chomhlachta agus dheimhnigh sé an tuairim a bhí againn, is é sin, go raibh siad ag insint bréaga dúinn, go raibh ní ba mhó dlúthdhioscaí díolta acu ná an líon a bhí admhaithe acu agus go raibh airgead le híoc go fóill acu linn. Ach thar aon ní eile, dúirt sé go raibh oifig thruamhéalach acu – í leathfholamh agus boladh tais na teipe inti. Ar deireadh, ba í an chomhairle dlí a
fuaireamar ná gur chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an eachtra ar fad mar go raibh an tsuim airgid a bhí i gceist róbheag le dul i mbun cáis cúirte.
Cinnte, thit gnó Green Linnet as a chéile, ach seachas a bheith ionraic leo siúd a chothaigh an gnó dóibh i dtosach, rinne an t-úinéir agus an ceannasaí (seoiníní a bhí iontu beirt) an comhlacht a bheathú le bréaga agus gadaíocht. Theip orthu. Na créatúir, bhí eagla orthu roimh an bhfírinne, agus d’fhágadar an-chuid ceoltóirí gan airgead a bhí tuilte acu. Tá na ceoltóirí céanna fós ag seinm ceoil. Is dócha gurb é sin an bua is binne.
Maidin Dé Luain. Tá muid fillte ar Nua-Eabhrac i ndiaidh dúinn comhdháil an-spéisiúil a chur dínn. Mo cheannín maol i mbaol a dhóite ag gathanna na gréine – aimsir Manhattan fíorthé go deo. Cruinniú agam ar Wall Street le comhlacht ceirníní.
Deirtear go bhfuil ag teip ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain, ach ó bheith ag breathnú ar oifigí áille an chomhlachta seo, níl sé sin fíor. ATO Records a thugtar orthu. Is é an comhlacht céanna a chuir an t-amhránaí David Mathews chun cinn beagnach deich mbliana ó shin. Teach sábháilte do cheol David Gray agus Rodrigo y Gabriela sna Stát Aontaithe is ea é. Buailim le daoine maithe stuama.
Tá cúig bliana imithe tharainn ó bhí Kíla ar camchuairt sna Stát Aontaithe. Ní de bharr easpa tacaíochta nach ndeachaigh muid sall. Ní hea, ach agus muid ag filleadh ar Éirinn tar éis na gcamchuairteanna, bhraithimis fuacht éigin nach mbíodh i gceist agus muid ag filleadh abhaile ó aon tír eile. Cinnte, d’éirigh go hiontach leis na ceolchoirmeacha agus dhíolamar slám mór dlúthdhioscaí, ach sílim nach raibh ár ndóthain bia spioradálta á fáil againn astu. Chuireamar stop leo. Sílim anois go bhfuil muid réidh le filleadh ar Mheiriceá. Tá comhpháirtithe láidre uainn, mar sin.
Oíche Dé Luain. Táimid i Swift’s ar East 4th Street and Layfayette. Slua deas atá san áit; atmaisféar teolaí. Mise i dteannta Dan Donnelly ó Sonovagun agus a chomhghleacaí, Roy Harter, ar an méarchlár. Casann mé féin agus Dan amhráin le chéile agus fanann Roy sa chúlra, é ag seinm go cúramach anamúil. Ceoltóir den scoth atá ann, atá ag seinm linne den chéad uair. Tá an slua linn an oíche ar fad – ag canadh linn, ag éisteacht linn agus ag mothú linn. Mothúcháin áille, dhoimhne atá i gceist an oíche ar fad. Mise breá sásta ag filleadh ar an óstán agus brothall agus torann Nua-Eabhrac mórthimpeall orm. Seo linn abhaile go hÉirinn amárach. Nílim fuar.