Féachann Ian Ó Caoimh ar an gcoimhlint idir an tÉireannachas agus an Sasanachas i saol agus saothar an amhránaí as Manchain, Morrissey, a bheidh ag seinm i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo.
“The Irishness of other people is always a subject of great interest to the Irish,” a dúirt an tráchtaire Anthony Cronin tráth. “It is not always of equivalent interest to the people themselves.” Is de bhunadh na hÉireann é an t-amhránaí Sasanach Morrissey, agus tá breis is scór bliain caite ag daoine ar fud na cruinne, idir Éireannaigh agus eile, ag cur an-suime ina chuid amhrán, ina phearsantacht agus fiú sa chor is lú a chuireann sé de. Díol suime é gur thrácht sé níos mó ina shaothar ar a Éireannachas féin le dhá bhliain anuas ná mar a rinne ó bhí 1983 ann, an bhliain a tháinig sé os comhair an tsaoil mhóir den chéad uair.
Ba sa bhliain sin a d’eisigh The Smiths a gcéad cheirnín, Hand in Glove. Ceathrar as Manchain a bhí sa ghrúpa: Mike Joyce, Andy Rourke, Johnny Marr agus Steven Morrissey. Imircigh a d’fhág Éire i gcaogaidí an chéid seo caite ab ea tuismitheoirí Joyce, Marr (Maher) agus Morrissey; glúin rompu siúd a thug athair Rourke an bád bán air féin.
Samhlaíodh cineál áirithe Sasanachais le saothar The Smiths ó thus, féiniúlacht a shíolraigh ó shaoldearcadh lucht oibre thuaisceart na tíre sin. Bhí an dearcadh seo faoi scáth thimpeallacht ailtireachta Mhanchain, cathair a bhí fós in ísle brí tar éis mheath na tionsclaíochta.
Má d’fhág duibhe na bhfoirgneamh a rian féin ar The Smiths, bhí i bhfad níos mó ná an duairceas in ábhar taifeadta an ghrúpa. Mar sin féin is ar an ngné sin go príomha a dhírigh daoine áirithe a n-aird. B’amhlaidh a rinne na meáin chumarsáide, cuir i gcás, sa raic a tharraing an t-amhrán “Suffer Little Children” a scríobhadh faoin gcúigear páistí a dúnmharaíodh go gránna i Manchain sna seascaidí. Chaith na páipéir thablóideacha an oiread sin dua leis an ngáifeachas, gur tugadh an chluas bhodhar do chúrsaí i bhfad ní ba shubstaintiúla. Ar imeall an chlampair, bhí iarsma an Éireannachais i sloinne duine de na dúnmharfóirí, Ian Brady.
Bhí snaidhmeanna eile fite fuaite sa phortráid. Ainm Shelagh Delaney, mar shampla, údar A Taste of Honey, saothar a tharraing as tobar Mhanchain agus a raibh an-tionchar aige ar Morrissey. Bhain sé úsáid as frása nó dhó ón dráma ina shaothar féin, fiú. I measc na ndaoine a roghnaíodh le clúdaigh albam a mhaisiú, bhí an t-aisteoir Yootha Joyce (“George and Mildred”) agus an dornálaí Cornelius Carr. Deirtear go bhfuil an t-amhrán “A Rush and a Push and the Land is Ours” bunaithe ar gháir chatha Gaelach a dtagraítear di i ndán de chuid Speranza (máthair Oscar Wilde). Níorbh ionann an méid seo ar fad gan amhras agus iniúchadh ar an Éireannachas.
Faoin am gur eisíodh an t–albam The Queen is Dead i 1986, áfach, bhíothas ag tarraingt ar chroí na ceiste. San amhrán teidil deir an reacaire, “So I broke into the palace / with a sponge and a rusty spanner / She said ‘Ah I know you and you cannot sing’ / I said ‘That’s nothing, you should hear me play piano’”. Tá an méid seo bunaithe ar eachtra a thit amach i 1982, nuair a dhúisigh banríon Shasana maidin amháin i bPálás Buckingham agus fear ina shuí ar cholbha a leapa. Deirtear go raibh comhrá calma deich nóiméad acu sular cuireadh fios ar fhear slándála. Éireannach darbh ainm Michael Fagan a bhí sa chuairteoir gan choinne.
Míshocracht Tá sé ráite ag Morrissey faoi amhrán eile ar an gceirnín, “Never Had No-one Ever”, gur fáisceadh é as an míshocracht a bhraith sé agus é ag fás aníos, mar nár bhain sé go dlúth leis an gceantar inar rugadh agus ar tógadh é. Cé go raibh sólás le fáil i muintir a thuismitheoirí a bheith ag teacht as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath chun cónaithe timpeall ar na Muiríosaigh eile a bhí lonnaithe i Manchain cheana féin, i ndeireadh na dála níorbh as an tír chéanna dá ghaolta agus de féin. An chanúint a bhí acu siúd, b’éagsúil í ón mblas a bhí ar a chuid cainte féin. Anuas air sin, deir sé go bhfuil sé bródúil nach le tuin Mhanchain a labhraíonn sé: taobh na máthar den gclann, daoine atá “an-Éireannach”, ina fhocail féin, a thóg é nuair a scar a thuismitheoirí.
Níl Sasanachas Morrissey thíos lena Éireannachas, ámh. Tá an dá oidhreacht fite fuaite ina chéile agus bíonn siad ag streachailt lena chéile in amanna. Tá cuid mhaith dua caite aige ag moladh agus ag cosaint thír a bhreithe, agus ag nochtadh na ngnéithe sin di nach maith leis freisin. Cad a thug air imirceach a dhéanamh de féin, mar sin?
Ag ligean dá dhearcadh ar an Sasanachas dul thar fóir, a dúradh. I gcaitheamh na mblianta cáineadh é mar gheall ar amhráin ar nós “Asian Rut”, “Bengali in Platforms” agus “National Front Disco”. Chuir lucht a cháinte ciníochas ina leith. Mhaígh a chuid cosantóirí gur chuir iriseoirí áirithe bunbhrí na n-amhrán as a riocht d’aon ghnó. Cuireadh an lasóg sa bharrach ag ceolchoirm i 1993. Nuair a rinne sé é féin a chuachadh i mbratach na Breataine ar an stáitse, rinneadh faíreach faoi, caitheadh buidéil leis agus b’éigean dó teitheadh roimh dheireadh na ceolchoirme. Ba ghairid go ruaigfí as an tír ar fad é.
D’aistrigh Morrissey anall go Baile Átha Cliath tuairim is deich mbliana ó shin agus chaith tréimhsí ina chónaí i Mullach Íde agus i gCill Iníon Léinín. Ina dhiaidh sin chuir sé ocht mbliana deoraíochta isteach i Los Angeles. Thréig na comhlachtaí ceirníní ar fad é agus cheap a lán go raibh a phort seinnte. Idir an dá linn bhí grúpaí ar nós Blur, Oasis agus (slán mar a n-instear é!) The Spice Girls ina ndéithe beaga as a mbratach náisiúnta a phlástráil ar fud an bhaill. Choinnigh Morrissey air, áfach, agus d’fhill sé lán fuinnimh agus caithréime leis an albam You are the Quarry dhá bhliain ó shin.
Chuir fiche míle duine fáilte ghlórach abhaile roimhe ag ceolchoirm ina chathair dhúchais an lá céanna a shlánaigh sé cúig bliana is dhá scór. Bhí sé ar ais ar a sheanléim. Ansin, agus é ag cur amhrán nua i láthair na bhfíréan, chuir sé síos air féin mar dhuine atá “ten parts Crumlin and ten parts Old Trafford”. “Irish Blood, English Heart” an t-amhrán a bhí i gceist, croílár agus buaicphointe an scéil go dtí seo.
Na tagairtí ócáideacha sin a rinneadh roimhe sin, tá siad cruinnithe le chéile agus tugtha chun tosaigh go trodach in “Irish Blood English Heart”. Is mar gheall ar a oidhreacht gur duine neamhspleách neamheaglach é:
Irish blood, English heart: this I’m made of;
There is no-one on earth I’m afraid of
And no regime can buy or sell me.
An té atá bródúil as a Shasanachas, níl sé le cáineadh mura nglactar leis an tírghrá uaidh:
I’ve been dreaming of a time
When to be English is not to be baneful,
To be standing by the flag not feeling shameful, racist or partial
Cuirtear foirceann fíochmhar leis an aisling:
I’ve been dreaming of a time
When the English are sick to death of Labour and Tories
And spit upon the name Oliver Cromwell
And denounce this royal line that still salute him
And will salute him
Forever
Ag cuimhneamh ar an raic a tharraing sé le bratach na Breataine i 1993, bhain tábhacht nach beag lena chinneadh bratach eile a tharraingt amach agus a chaitheamh isteach sa slua ag an gceolchoirm sin i Manchain i 2004. Ní bratach na hAontachta a bhí ann an uair seo, ach trídhathach na hÉireann.
Ardmholadh a thug na léirmheastóirí do “Irish Blood, English Heart” - ní hionann agus an sciúradh a rinne imirceach de Morrissey seacht mbliana roimhe sin, ná an gháir faoi tholl a tharraing cuid de shaothar The Smiths níos sia siar. “Lascadh fuipe” a thug duine acu air. An bhliain dár gcionn eagraíodh siompóisiam ollscoile i Manchain faoi The Smiths. Ar na páipéir a cuireadh i láthair bhí “Irish Blood, English Heart: Nationality, Subjectivity and The Smiths” agus “England is Mine: Place, Nation and Beyond”. D’imigh sin agus tháinig seo; bhí Morrissey i mbarr a réime arís.
Ansin thóg sin áit seo arís. Cé nach bhfuil ann ach cúpla mí anois ó thagair eagarfhocal moltach sa nuachtán The Guardian d’eisiúint an albaim The Queen is Dead i 1986, ní gach duine atá chomh tógtha céanna leis an gcaint seo ar fad faoi chúlra an Mhuiríosaigh (“He’s Irish, you know” – Jim Carroll, The Irish Times).
A Morrissey féin, Morrissey gach duine. Éireannach críochnaithe, Sasanach go smior. An “Mozfather” a thugtaí air nuair a bhí sé ag cur faoi i Los Angeles. “Mozalini” a leasainm anois agus é lonnaithe sa Róimh. Tá sé de nós ag cuid dá lucht leanúna a shloinne a bheith mar mhaisiú ar gheansaithe a rogha foirne – Man United, Ceiltigh Ghlaschú, Éire, Sasana – mar a bheadh ainm imreora ann. Mar chuid den chamchuairt is déanaí dá chuid, casfaidh Morrissey i mBaile Átha Cliath ar an dara lá fichead den mhí seo. Cá bhfios nach mbeidh “Ó Muiríosa” le feiceáil scríofa ar gheansaí oilithrigh éigin.
Is as Ciarraí é Ian Ó Caoimh. Tá sé ag obair mar eagarthóir leis an nGúm i mBaile Átha Cliath.