Draíocht coláiste samhraidh agus draíocht na Gaeltachta a chrom Cáit Ní Cheallacháin ar an méarchlár lena céad alt a chur di go díreach sular imigh Beo.ie de saol.
D’fhreastail mé ar choláiste samhraidh i Ros Muc, Conamara, i mbliana. Seo an cúigiú uair dom dul chuig choláistí samhraidh - ach is é an cúrsa i mbliana mo chéad uair riamh sa Ghaeltacht – agus mé im’ chinnire an t-am seo.
Bhí mé trína chéile ag tús na chéad seachtaine. Cheap mé go raibh teanga aduain á labhairt ag bean an tí. Bhí náire an domhain orm mar go raibh mé ag rá “Cad?” níos mó ná aon fhocal eile in gach aon chomhrá. Roimh an gcúrsa seo, bhí mé cinnte go raibh Gaeilge shnasta foirfe agam – ach a leithéid de sheafóid níor chuala mé riamh as mo bhéal féin. Bhíos ag éisteacht go géar le bean an tí i gcónaí. Lá amháin, dúirt mé “Gabh mo leithscéal?” faoi cheathair go dtí an abairt “Tá an aimsir go huafásach meirbh inniu, a Mhór” Mar dhuine le Gaeilge as Corcaigh, bhí mé im’ amadán ceart ag éisteacht agus ag caint leo go léir. Ag tús na seachtaine, cheap mé go raibh an gnáthcholáiste, a reáchtáiltear sa Ghalltacht, i bhfad níos éasca, ach níorbh fhada go ndeachaigh mé i dtaithí le saol is le caint na Gaeltachta.
Ar an gcéad dul síos, bhí bia den scoth ann, agus ba mhór an cúnamh sin, agus bhí an tae níos fearr fós, agus bhí sé ar fáil go seasta! Bhí na daoine an-fháilteach agus cairdiúil liom agus ba léir dom go raibh siad an-bhródúil agus sásta an Ghaeilge a chloisteáil i measc na ndaltaí. Bhí blasanna éagsúla ag na daltaí mar go raibh siad as gach cearn den tír. Bhí múinteoir ann as Béal Feirste agus daltaí as Corcaigh. Chabhraigh muintir na Gaeltachta le gach éinne freisin, ag roinnt an tsaibhris orainn agus ag tabhairt cúnaimh dúinn nuair a bhí deacracht againn le teilgean cainte nó le heaspa cruinnis.
Níl sé Éasca
Cinnte, bhí sé deacair a bheith gan mo GHD, mo ghuthán póca, agus a bheith gan aon ionad siopadóireachta. Ach, gan amhras ar bith, is mór is fiú é. Fuair mé sos ón ngnáthshaol. Bhí miongháire fáilteach ar gach duine thart timpeall orm agus mar sin, bhí sé deacair an áit a fhágáil inár ndiaidh nuair a tháinig an lá deiridh sin.
Im’ thuairimse, molaim do gach duine turas a thabhairt ar an nGaeltacht. Ní hamháin chun bród agus chun an teanga fuinniúil a mhothú thart timpeall ort, ach fiú chun na radharcanna a fheiceáil. Bogann sé an croí. Nuair a dhúisínn gach maidin sa Ghaeltacht, d’fhéachainn amach ar an bhfuinneoig agus d’fheicinn mé an Éire úd, Éire na seanchártaí poist, b’fhéidir le hais radharc na cathrach abair, mar an tseoid luachmhar atá fós ann agus a bhí linn inár gcroí is inár n-aislingí sular bhaineamar an áit amach. Cuirim an cheist orm féin, conas nár tharla sa Ghaeltacht mar seo mé blianta roimhe seo. Beidh mé ag gearradh cosán dearg siar ann feasta.