Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim nach spórt a thuilleadh é a luaithe a bhuailtear duine ar bith ag báire. Caithfear an mí-iompar a dhíbirt as an spórt.
Beidh sé breactha sna cuntais staire go deo gur bhuaigh Contae na Mí ar chontae Lú i gcluiche ceannais peile Laighean 2010 leis an scór 1-12 i gcoinne 1-10. Ní inseoidh na fíricí loma sin áfach, go raibh críoch a bhí conspóideach agus scannalach araon leis an gcluiche ceannais úd mar go ndearna an réiteoir, Martin Sludden, tuaiplis le cinneadh mícheart, rud a d’admhaigh sé féin níos déanaí, i bhfíordheireadh na himeartha a sciob an chraobh ó Lú agus a bhronn ar an Mhí í, dar le cách. De thoradh na tuaiplise sin díríodh maslaí agus tarcaisní ar an réiteoir, bualadh é agus caitheadh diúracáin leis. Má fhéachann duine ar na pictiúir a tarraingíodh ar an ala sin agus an cluiche díreach thart agus a foilsíodh sna nuachtáin i rith na seachtaine ina dhiaidh sin, feicfidh sé an réiteoir faoi ionsaí agus faoi léigear agus imní agus sceon i súile an fhir bhoicht agus é á thionlacan den pháirc ag an Garda Síochána agus ag maoir. Ní raibh sé deas, ní raibh sé ceart, bhí sé náireach agus sin í glan na fírinne.
Eachtra ab ea é a tharraing aird na tíre sna laethanta a lean Domhnach na náire, lá a thug léargas dúinn uair amháin eile ar aghaidh de chuid CLG a thagann chun cinn rómhinic agus is é sin, an claonadh chun foréigin agus na hainrialach ar an bpáirc agus ar an gclaí. I ngeall ar an eachtra is déanaí seo a bheith ar taispeáint ‘beo’ ar an teilifís, bhain sí geit agus scéin as daoine.
Dhá Mháthair na hÉagóra
Cad a spreag na himeachtaí míchlúiteacha a tharla ag deireadh an chluiche úd?
Ar an gcéad dul síos, bhí dóchas mór i measc phobal an dá chontae, go mbéarfaí Craobh Laighean ar ais go dtí a gcontae féin don chéad uair le roinnt blianta: caoga bliain i gcás chontae Lú agus deich mbliana i gcás chontae na Mí. I ngeall gur comharsana iad pobail an dá chontae, bhí coimhlint ghéar i gceist faoi mar a bhíonn i gcónaí idir contaetha agus clubanna atá in aice a chéile.
Bhí gach imreoir ar a mhíle dícheall ag iarraidh an bua a bhaint amach mar is ceart agus mar is cóir agus mar a raibh gach duine ag súil leis. Bhí an réiteoir ar a mhíle dícheall freisin ag iarraidh an cluiche a stiúradh agus na rialacha a chur i bhfeidhm. Bhí dhá thoisc ann a chuir laincis ar a chuid iarrachtaí (rud atá amhlaidh i gcoitinne) is iad sin luas mear na himeartha agus éiginnteacht na rialacha peile. Dá bhrí sin, rinne an réiteoir go leor botún agus cinntí a bhí mícheart le linn an chluiche. Ach, bhí an t-aicsean ar an bpáirc iontach tarraingteach, an caighdeán peile go fíormhaith, an cluiche idir dhá cheann na meá agus an slua ar bís. Gan ach nóiméad fágtha, bhí Lú chun cinn le cúilín agus é tuillte go maith acu. Ach go tobann thit an lug ar an lag orthu agus ar a lucht leanúna glórach. D’éirigh le foireann na Mí, mar is dual dóibh, ionsaí déanach a dhéanamh ar dhúnfort Lú, agus le teann díocais agus díograise, an liathróid a chur thar líne chúil Lú. Cheadaigh an réiteoir cúl don Mhí agus chuaigh idir imreoirí agus lucht leanúna an Lú le báiní. Bhí an cluiche thart meander ina dhiaidh sin agus ba shin an uair a tháinig an réiteoir faoi ionsaí.
Anois, baineann sé le nádúr an duine a bheith teasaí agus glórach ag ócáidí spóirt mar a bhí le feiceáil níos déanaí an tráthnóna céanna le linn chluiche ceannais Chorn an Domhain sa sacar. Arís, sa chluiche sin, tharraing cinntí an réiteora fearg agus cáineadh ó dhaoine ar an dá thaobh den chlaí. Ach, is é an t-iompar foréigneach nach féidir a mhaitheadh agus is í an fhadhb go ndéantar é a mhaitheadh ró-éasca sa CLG. Is údar díomá é a mhinice agus a éasca is a mhaitear a n-iompar míshásúil d’imreoirí cáiliúla, agus an chaoi a dtugann idir bhainisteoirí agus choistí contae tacaíocht agus tarrtháil orthu. Cén fáth nach gcuirfí fionraí ar feadh an chomórtais ar imreoir atá ciontach i ngníomh foréigin le linn chluiche sa chomórtas sin?
An Réiteach
Baineann an fhadhb chomh maith le ceist na dílseachta sa Chumann. Tá neart an CLG bunaithe ar dhílseacht, don chlub, don pharóiste, don chontae. Ach, bíonn dílseacht d’idéil na heagraíochta lag go minic agus samhlaítear naimhde a bheith ar fud na haite: coiste an chontae, réiteoirí, an ‘crowd’ thuas i bPáirc an Chrócaigh, lucht riaracháin i gcoitinne, an club/contae is comharsa dá chlub/chontae féin, lucht an Sunday Game, nuachtáin Bhaile Átha Cliath agus mar sin de. Dá bhrí sin, má dhéantar ‘éagóir’ ar a chlub/chontae is é dualgas an imreora/leantóra é a chosaint, bíodh sé ceart nó mícheart. Ní mór a rá, áfach, gur mionlach an-bheag a théann i muinín an fhoréigin mar mhodh lena bhfearg agus lena bhfuath do lucht na héagóra a chur in iúl. Ach is é an mionlach sin an fhadhb agus ní mó díriú air má tá deireadh le teacht le mí-iompar foréigneach. Réiteach amháin ná díbirt amach as an gCumann iad sin a thrasnaíonn an teorainn, cuma cé mhéid oibre a dhéanann siad ar son club nó contae. Is gá an teachtaireacht a bheith an-soiléir: nach bhfuil iompar áirithe inghlactha agus nach bhfuil ionad san eagraíocht dó.
Maidir leis na réiteoirí bochta, cráite, tá sé thar am tacaíocht chuí a bheith ar fáil dóibh i gcás cluichí idirchontae (bheadh sé deacair dóthain daoine a fháil i gcás cluichí club) i bhfoirm maoir líne agus maoir chúil a bheadh forghníomhach agus a mbeadh údarás acu agus dualgas orthu aird an réiteora a dhíriú ar mhí-iompar agus ar rógaireacht imreoirí agus ar chionta imeartha. Seans go bhfuil an scéal amhlaidh i láthair na huaire ach ní léir gurb ea. Is annamh a fheictear maoir ag cur ina luí ar réiteoir go bhfuil feall déanta. Bhí go leor d’fhearg lucht leanúna Lú dírithe ar na maoir chúil a bhí in ann gach ar tharla i ‘gcearnóg’ Lú a fheiceáil. Ach, roghnaigh siad gan aon pháirt a ghlacadh bealach amháin nó bealach eile i gcinneadh an réiteora. Is beag is fiú iad a bheith ann mura bhfuil d’fheidhm acu ach brat a ardú anois is arís.