CÚINNE NA nEALAÍON
Michelangelo Merisi da Caravaggio: na blianta deireanacha
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tá saothar ó bhlianta deireanacha an ealaíontóra Iodálaigh Caravaggio le feiceáil i dtaispeántas atá ar siúl i Londain faoi láthair. Féachann Ciara Nic Gabhann siar ar shaol an ealaíontóra chonspóidigh seo.

Íomhá
Bacchus (1595-6)
Íomhá
Gabháil Chríost, saothar de chuid Caravaggio atá i seilbh Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann

Is sa Ghailearaí Náisiúnta i Londain a bheidh an chéad taispeántas cuimsitheach le feiceáil den saothar deireanach a rinne an mórealaíontóir barócach Michelangelo Merisi da Caravaggio (1571-1610). Gan amhras, meallfaidh sé na sluaite isteach chun iontas a dheánamh den saothar dorcha cumhachtach seo agus chun meabhrú ar an fhear teasaí a rinne é.

Chruthaigh Caravaggio pictiúir a bhí drámatúil agus lán de d’atmaisféar, agus a bhí ina n-ábhar scannail, iontais agus míshuaimhnis go minic acu sin, eaglaisigh de ghnáth, a bhí mar phátrúin aige. Ba é an bealach macánta neamhghéilliúil a bhí aige a chuir eiteoga ar chroí daoine agus bhí dúil i gcónaí ag an ghnáthphobal ina shaothar. Bhí macallaí dá shaol rácánach féin le feiceáil ina chuid pictiúr agus thuig sé níos fearr ná go leor daoine angar mór an tsaoil.

Is ina luathshaothar a fheiceann muid é ag meabhrú ar an domhan miangasach, go minic i bhfoirm stócaigh óig. I Bacchus (1595-6), feiceann muid dia an phléisiúir ár mealladh le bheith ina chomhluadar. Cuireann sé cathú orainn leis an ghloine fíona atá á síneadh aige inár dtreo ach cuireann Caravaggio in iúl dúinn nach bhfuil an truailliú agus an meath i bhfad ar shiúl. Taispeánann sé babhla torthaí aibí in aice leis an fhear óg agus ina measc tá úll a bhfuil poll péiste ann agus pomagránait atá ró-aibí. Cuireann sé seo i gcuimhne dúinn chomh neamhbhuan is atá an saol. Léiríonn an stíl chiaroscuro (codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas) a úsáideann sé an mhaitheas agus an t-olc agus go bhfuil beatha agus bás thart timpeall orainn i gcónaí.

Thaispeáin Caravaggio an saol réalaíoch de réir mar a chonaic sé féin é. Léirigh sé fíordhaoine ina shaothar agus ba é an realachas garbh seo a d’úsáid sé ina phictiúir chráifeacha a spreag daorbhreith agus cáineadh air. Dhiúltaigh sagairt de chuid an Oird Chairmilítigh don phictiúr de bhás na Maighdine Muire d’iarr siad air a phéinteáil mar gur mhothaigh siad go raibh sé mígheanasach. Bhí ráfla ann gur striapach nuabháite a bhí sa mhainicín a d’úsáid sé don phictiúr ina léiríonn sé an Mhaighdean mar bhean mheánaosta mhíghnaíúil, í sínte amach ar leaba agus a dhá cos nochta shalacha ag gobadh amach.

Cuireann sé in iúl go soiléir agus go macánta an t-éadóchas agus an chumha a bhaineann le bás agus cailliúint. Rinne Caravaggio téamaí móra mar chailliúint, trócaire agus fuascailt a scrúdú go mion ina shaothair dheireanacha, téamaí a bhí gearr dá chroí féin ar go leor dóigheanna éagsúla.

Dúnmharú

Ba sa Róimh, ar an 26 Bealtaine 1606 a mharaigh Caravaggio fear óg darbh ainm Ranuccio Tomassoni i ndiaidh dóibh comhrac aonair fada bheith acu. Is cosúil gur tharla an troid eatarthu mar gheall ar easaontú faoi chluiche leadóige. Theith Caravaggio agus chaith sé na ceithre bliana deireanacha dá shaol sa tSicil, Málta agus Napoli, ag éalú ón dlí.

Is le linn na tréimhse míshocra seo dá shaol a rinne Caravaggio an chuid is tromchiallaí agus is géarchúisí dá shaothar, agus, murab ionann agus an chuid is cáiliúla dá shaothar, atá le feiceáil gan stró in eaglaisí agus iarsmalanna sa Róimh, tá an saothar deireanach seo scaipthe in áiteanna éagsúla.

Tháinig athruithe drámatúla ar a ealaín nuair a d’fhág sé an Róimh agus in áit a phictiúir a bheith lán de ghníomhaíochtaí pléisiúrtha an tsaoil, d’éirigh siad inbhreathnaitheach, dorcha agus machnamhach. In áit na ndathanna tarraingteacha geala a d’úsáid sé chun na hógánaigh leis na súile mealltacha a léiriú ina shaothar luath, thiontaigh sé ar dhathanna mar dhubh agus donn le saol duine croíbhrúite agus cráite a chur in iúl.

Chaith Caravaggio bliain i Napoli, áit ar fhan sé le pátrúin dá chuid, muintir Colonna. B’ansin a rinne sé An Lascadh, pictiúr atá deich dtroithe ar airde. Bhog sé go Málta ansin áit ar dearnadh ridire d’Ord Naomh Eoin de. Agus é ansin, bhí dóchas aige go bhfaigheadh sé pardún ón Phápa as an dúnmharú a bhí déanta aige, ach ina áit sin bhris troid eile amach agus caitheadh i bpríosún é. Aisteach go leor, d’éirigh leis éalú ón phríosún inar cuireadh é agus rinne sé a bhealach go dtí an tSicil ag fágáil a loirg ina dhiaidh, i bhfoirm pictiúr, gach áit ar stop sé.

Fuair Caravaggio bás uaigneach sular shroich sé a 40ú breithlá agus é ar a bhealach chun na Róimhe le pardún a fháil ón Phápa. D’fhág sé uacht dhochreidte ina dhiaidh, a dhaingníonn a sheasamh mar dhuine de laochra stair na healaíne.

Beidh an taispeántas “Caravaggio: The Final Years” ar siúl go dtí an 22 Bealtaine 2005 i Sciathán Sainsbury sa Ghailearaí Náisiúnta, Londain.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.