Cé go raibh Mícheál Ua Ciarmhaic cúig bliana is seachtó sula chuir sé peann le pár, tá deich leabhar foilsithe aige faoin am seo. Thug Liz Curtis cuairt air ina cheantar dúchais, Baile an Sceilg i gCiarraí.
Nuair a shroich mé Baile an Sceilg i gContae Chiarraí, shíl mé go raibh na flaithis bainte amach agam. Tá bá i gcruth corráin ann, agus bhí daoine ag siúl go suaimhneach ar an trá i solas an tráthnóna. Tá seanchaisleán le feiceáil ar leathinis, agus sléibhte gorma ag bun na spéire. Bhí smugairlí róin móra ina luí ar an ghaineamh, ag lonrú mar sheoda ómracha.
Bhain mé fúm sa bhrú de chuid An Óige. Bhí an t-ádh orm, mar fuair mé seomra i m’aonar, agus radharc ón fhuinneog trasna na bá. Ní hamháin sin, ach ní raibh duine ar bith eile sa bhrú - bhí grúpa i ndiaidh imeacht agus grúpa eile ar tí teacht - mar sin bhí mo phálás féin agam.
Tá bean an-chineálta i mbun an bhrú sin. Hannie an t-ainm atá uirthi - is leasainm ar Shiobhán é sin. Tá sí i mbun siopa bhig freisin, atá in aice leis an bhrú.
An fáth a raibh mé i mBaile an Sceilg ná go raibh mé ag súil le labhairt le scríbhneoir iontach darb ainm Michael Kirby, nó Mícheál Ua Ciarmhaic sa Ghaeilge. Tá sé díreach i ndiaidh a dheichiú leabhar a fhoilsiú agus é - creid é nó ná creid - 97 mbliana d’aois.
Tháinig an leabhar sin, Skelligs Calling, trí mo bhosca litreach le gairid, agus cuireadh faoi dhraíocht mé ar an toirt nuair a thosaigh mé á léamh.
Is iariascaire é Mícheál Ua Ciarmhaic a chaith a shaol iomlán sa Ghaeltacht sin ar imeall an Aigéin Atlantaigh. Cuireann sé síos go gliondrach áthasach ar an saol nádúrtha agus sóisialta sa cheantar sin.
Léimeann na créatúir ilchineálacha amach as na leathanaigh - na héin agus na héisc, na rónta agus na portáin, na bairnigh agus na boid lice.
Tagann teideal an leabhair ó na focail “Skelligs calling”, a deireadh coimeádaithe theach solais oileán Sceilg Mhichíl le longa agus iad ag dul thar bráid.
Tá an Sceilg le feiceáil ó cheanntíre Cheann Bhólais, a spuaiceanna ag snámh ag bun na spéire mar chaisleáin sí. Is é Sceilg Mhichíl an t-oileán beannaithe ar a thóg manaigh cealla cloiche níos mó na míle bliain ó shin.
Rinne na Lochlannaigh ionsaithe ar an oileán, mar sin bhí ar na manaigh bailiú leo, agus thóg siad mainistir ar an mhórthír. Is ón mhainistir sin a tháinig ainm Bhaile an Sceilg. Tá na hiarsmaí le feiceáil go fóill in aice leis an fharraige, agus roinnt mhaith uaigheanna iontu.
Tá fís dhian ildaite ag Michael den domhan nádúrtha. Feiceann sé chomh hálainn is atá sé, agus chomh hilchineálach is atá na créatúir, agus a thréithe féin ag gach ceann acu.
Tá cuid acu mín séimh, mar an fhaireog agus cuid eile cruálach contúirteach, mar an míol draide. Tá cuma bharrúil ar an chánan dearg, nó puifín, ach tá sé cliste go leor, agus é ag déanamh tollán fá choinne a chuid neadacha. Tá cuma ghránna ar an scalltán, ach mar a deir an seanfhocal, “Is fada dho ráite gur geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.”
Is Gaeilgeoir ó dhúchas é Michael, agus tá saibhreas na Gaeilge le mothú ina chuid Béarla. Tá abairtí Gaeilge scaipthe fud fad a chuid leabhar freisin.
Daoine
Tá daoine áirithe luaite i *Skelligs Calling *chomh maith le créatúir. Ina measc tá athair Mhíchíl, a thug sároideachas dó agus iad amuigh ar an fharraige nó ar an trá. Tá a mháthair ann freisin, a dhéanadh an seabhdar brealláin ab fhearr ar domhan agus a raibh seanscéalta áille aici. Tá gardaí cósta ann, a chuireadh isteach ar mhuintir na háite agus iad ag iarraidh raic as longbháití a bhailiú.
Thosaigh Mícheál ar an scríbhneoireacht nuair a bhí 75 bliana bainte amach aige. Cuig bliana roimhe sin, chuaigh sé leis an phéintéireacht. Tá an-tóir ar a chuid pictiúr, a léiríonn tírdhreach na háite go dian-dathannach.
Tá ocht leabhar Ghaeilge foilsithe aige, idir phrós agus fhilíocht, agus ceann amháin eile i mBéarla, dar teideal Skelligside.
Ar seisean, “Thosaigh mé ag scríobh i mBéarla mar bhí daoine i gcónaí ag clamhairt orm, ag rá, ‘Cén fáth nach scríobhann tú rud éigin ab fhéidir le gach aon duine a thuiscint?’”
Tá stíl ar dóigh aige sa Bhéarla chomh maith le sa Ghaeilge. Is aoibhinn leis a bheith ag léamh, agus tá a rian sin ar a chuid scríbhneoireachta.
Tá blaisín samhloidí ón litríocht chlasaiceach ann - is carbhad a bhád beag, mar shampla - agus tá macallaí na salm ann freisin. Chuir dearcadh agus stíl Mhíchíl na focail seo i gcuimhne dom:
“Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.”
Bóthar na scríbhneoireachta
Agus mé i mBaile an Sceilg, bhí an t-ádh dearg orm mar go raibh deis agam bualadh le Mícheál agus lena bhean Peggy. Bhuail mé le iníon s’acu, Anne, freisin, agus a fear céile Pat Coffey. Ba é Pat a thug peann agus leabhrán nótaí do Mhícheál, le é a chur ar bhóthar na scríbhneoireachta.
Bhí Mícheál lán de chroí is d’aigne agus ní chreidfeá go bhfuil 97 mbliana aige. Is breá leis a bheith ag caint, agus bhí muid i mbun comhrá ar feadh uair an chloig ar a laghad, déarfainn.
Labhair sé faoin mheas as cuimse atá aige ar an nádúr. “Feic ar an damhán alla,” ar seisean. “Tá sé chomh beag sin, ach tá intinn mar mhicrishlis aige agus monarcha taobh istigh dá bholg. Tá a fhios aige go díreach an tslí lena líon a chur le chéile, agus siméadracht álainn air.”
Níl sé abálta siúl i bhfad na laethanta seo, ach suíonn sé síos sa ghairdín agus déanann sé dreas comhrá le spideog ansin.
“Dúirt mé leis an spideog,” arsa Mícheál, agus é ag gáire, “más tusa mo mháthair ag teacht ar ais ar cuairt, bí an-chúramach, nó críochnóidh tú i mbolg an chait!”
Rud iontach faoi Mhícheál nach bhfuil eagla ná faitíos air labhairt faoina chuid mothucán.
“Is rud neamhaí í an fhilíocht,” a deir sé, “a bhrúchtann aníos nuair is mian le duine rud éigin álainn a chur in iúl.”
Ar seisean: “Bhí grá chomh mór sin agam don nádúr, go bhfaca mé fáinní an lae agus luí na gréine agus dá ndéanfainn iad a phéinteáil go ndéarfadh daoine go raibh áibhéil déanta agam.”
Tagann fís Mhíchíl as an seansaol, atá imithe anois. Ach tá sé an-nua-aimseartha ar bhealach, mar tá a lán daoine óga ann sa lá atá inniu ann ar mhaith leo an domhan nádúrtha a chosaint in éadan léirscrios an chine dhaonna.
Cárta poist
Tamaillín ó shin, agus mé thall in Londain, tháinig mé ar chárta poist i siopa beag leabhar. Grúpa radacach i mBirmingham Shasana a d’fhoilsigh an cárta. Bhí sliocht air ó scríbhneoir Meiriceánach, Henry Beston, nach maireann, a scríobh leabhar dar teideal *The Outermost House *faoin bhliain a chaith sé i dteach beag ar an trá i gCape Cod, Massachussetts.
Cheannaigh mé an cárta agus chuir mé suas ar an bhalla é. Deirtear air: “For the animal shall not be measured by man. In a world older and more complete than ours, they move finished and complete, gifted with extensions of the senses we have lost or never attained, living by voices we shall never hear. They are not brethren, they are not underlings: they are other nations, caught with ourselves in the net of life and time, fellow prisoners of the splendour and travail of the earth.”
Agus mé ar ais i mBéal Feirste, sheol mé an sliocht sin chuig Mícheál, agus chuir mé ceist air ar chuala sé faoi Henry Beston. Tháinig litir ar ais, agus tháinig deora le mo shúile nuair a léigh mé a chuid focal:
“Bhain tú geit asam leis an bpíosa a chuir tú chugam maidir le Beston agus an Outermost. Tá sé dochreidte gur chuir tú ceist orm faoi sin! Sílim go bhféadfainn dul agus an trá fhada Outermost a shiúl: na riasca, na dumhcha, na maidhmeanna fiáine toinne - reilig mórán long - na míolta móra caite i dtír uaireanta, an tsnámhraic agus an muirchur, reilig ag ceann amháin di ina bhfuil coirp gaolta agus cairde curtha, agus na tithe solais aonair atá mílte óna chéile ar dhroim an Outermost.”
Is dhá áit iad Baile an Sceilg agus Cape Cod a bhfuil nasc láidir eatarthu, is cosúil. Agus is anamnacha a bhfuil nasc láidir eatarthu iad anamnacha Mhíchíl agus Henry, freisin.
Is é an Lilliput Press http://lilliputpress.ie a d’fhoilsigh Skelligs Calling.* Praghas: €9.99. Is é an comhlacht céanna a d’fhoilsigh Skelligside. Is é an comhlacht Coiscéim foilsitheoirí Guth ón Sceilg agus na leabhar Gaeilge eile de chuid Mhíchíl Uí Chiarmhaic.*
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.