CÚRSAÍ SPÓIRT
Mícheál Ó Grádaigh (Cuid 1)
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá a shaol caite ag Mícheál Ó Grádaigh ag plé leis an iománaíocht agus a rian fágtha aige ar an spórt. Chuaigh Colm Mac Séalaigh chun cainte leis le déanaí.

Le breis agus 40 bliain tá Mícheál Ó Grádaigh ag plé le cúrsaí iománaíochta mar imreoir, mar theagascóir, mar roghnóir, mar bhainisteoir agus mar thionscnóir ag gach leibhéal den spórt: ag an leibhéal áitiúil, agus ag leibhéil na scoile, an choláiste, an chlub agus an chontae i gceithre cinn de chontaetha éagsúla. Chuas chun cainte leis le déanaí agus is ar a óige a thosnaíomar ag caint ar dtús.

I dTobar Phádraig, Co. Luimnigh a rugadh Mícheál i 1948, agus is ann a tógadh é i gceartlár an cheantair iománaíochta sa chontae sin. Le linn a óige ba é an gnáthchleachtas ná a bheith ag imirt iománaíochta gach oíche den samhradh tar éis bhleán na mbó agus uaidh sin go clapsholas. Muintir Uí Ghríofa, Uí Ghrádaigh, Uí Chatháin etc. a bhíodh i mbun an bháire agus gasúir de gach aois amuigh sa pháirc ag bualadh sliotair (nó an liathróid spúinse nuair nach mbíodh sliotar ceart ar fáil). Bhualadh na gasúir óga an liathróid isteach i dtreo an chúil áit a raibh tosaithe i gcoinne tacaithe i measc na mbuachaillí níos sine ar siúl.

Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin. Ní raibh aon traenáil nó oiliúint eagraithe i gceist ach oiread, ach gach duine ag foghlaim na scileanna óna chéile agus ó imreoirí níos sine. Bhí an saol simplí an uair sin. Mar a deir Mícheál féin: “Ní raibh aon rud eile le déanamh. Ní raibh an teilifís ann agus ní raibh aon airgead againn le caitheamh ar aon saghas seafóide; ní raibh ann ach an iomáint.”

Scolaíocht

Chuaigh Mícheál ar an mbunscoil leis na Bráithre Críostaí in Áth Dara agus ba é an Bráthair Dwane a chéad thug oiliúint dó i scileanna na hiomána. An chéad rud a rinne sé ná iarracht a dhéanamh a ghreim camáin a athrú. Ciotóg a bhí i Mícheál agus greim ciotóige aige, ach theastaigh ón mBráthair Dwane deasóg a dhéanamh de!

An Leader Cup (Limerick Leader) an comórtas a bhí ann ag an am sin ag na scoileanna agus shroich foireann Mhíchíl an cluiche leathcheannais. Ach, taobh amuigh den scoil, ní raibh aon chomórtas ann dóibh siúd níb óige ná 16 bliana. Ach bhí sraith pharóiste ann agus foireann ag gach baile fearainn. D’imrítí na cluichí i bpáirceanna fheirmeoirí an cheantair mar ní raibh bealaí iompair ar fáil chuig na páirceanna cearta.

Nuair a d’fhág Mícheál an scoil náisiúnta i 1961, agus é trí bliana déag d’aois, chuaigh sé isteach sna Bráithre Críostaí. An Charraig Liath, Dún Laoghaire an chéad ionad ina raibh sé. Bhí sé an-sásta ansin mar bhí imreoirí an-mhaithe iománaíochta as contaetha éagsúla ann agus bhíodh an-chluichí eatarthu féin (ní raibh cead acu, mar chuid de pholasaí na mBráithre, páirt a ghlacadh i gcomórtas idir coláistí.) Níos déanaí, bhí sé ina dhalta i Mainistir Eibhlín, Baile an Bhóthair agus bhí an oiread bráithre óga ann go mbíodh a gcluiche idirchúige “Bóthar Iarainn” ina measc féin acu gach Lá Fhéile Pádraig.

Duine de na bráithre ar chuir Mícheál aithne mhaith air agus a chuaigh i bhfeidhm air ná an Bráthair Jack Beausang. Fear ann féin ab ea an Bráthair Beausang agus duine uasal a raibh a amscála féin aige. D’inis Mícheál scéal greannmhar dom faoin mBráthair Beausang: “Ag 5.30 maidin samhraidh amháin bhíos ag tiomáint síos débhealach Stigh Lorgain ar mo bhealach chuig an aerfort agus cé a chasfaí orm ach an Bráthair Beausang agus é in airde ar tharracóir! Is amhlaidh go raibh sé ar a bhealach ar ais go dtí an mainistir i gCnoc Mhuirfean tar éis dó féar pháirc Choláiste Eoin a ghearradh! Is minic a ghearradh an Br Jack an féar le soilse na sráide ar oícheanta breátha samhraidh.” Rud eile ba chuimhin leis faoi ná nuair a bhí An Bráthair Beausang in Áth Dara bhí foirne iománaíochta na scoile faoina chúram agus bhídís ag labhairt na Gaeilge ar pháirc na himeartha.

Ag teagasc

An chéad áit ina raibh Mícheál ag múineadh ná Caisleán Druimnigh i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sé ansin i 1968 agus níorbh fhada ann dó nuair a bhí foireann na scoile faoina chúram agus cleachtadh agus traenáil ar siúl acu gach maidin agus tráthnóna. Bhí an peileadóir clúiteach Kevin Moran ar scoil ann ag an am úd agus bhí cónaí air in aice le teach na mBráithre. An-iomanaí a bhí ann agus ba mhinic é ag bualadh ar dhoras theach na mBráithre chun iarraidh ar an mBráthair Ó Grádaigh teacht amach agus “cúpla poc” a bhualadh in éineacht leis. Roghnaíodh Caoimhín Ó Móráin mar iománaí agus mar pheileadóir na bliana agus é ar scoil.

Ní bhíodh cead ag na Bráithre iománaíocht ná peil a imirt taobh amuigh de chomhluadar na mBráithre, ach tá go leor scéalta ann faoi lúbadh na rialacha áirithe sin. D’imir Mícheál é féin gan chead le hÉire Óg i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ráite aige le bainisteoir na foirne gan a ainm ceart a scríobh ar liosta nó a thabhairt d’aon tuairisceoir. Ach ar ámharaí an tsaoil, bhí tuairisc faoi chluiche áirithe ar *Scéala Éireann *an lá tar éis cluiche áirithe agus i measc lucht scórála bhí B. O’Grady luaite. Chonaic Mícheál an boss ag léamh na tuairisce sa mhainistir agus bhí sé cinnte go dtuigfeadh sé gur Mícheál a bhí i gceist mar bhí sé as láthair an lá áirithe sin. Ach ní dúirt an tUachtarán tada leis. Fear iomána a bhí ann!

In éineacht leis an mBráthair Jim O’Hagan bhunaigh Mícheál cumann nua i gceantar Bhóthar an Mhíle Fhada i ndeisceart Átha Cliath. An Caisleán an t-ainm a thugadar ar an gclub i ngeall ar Chaisleán Druimní a bheith mar lárionad acu. Bhain Mícheál an-taitneamh as imirt leis an gclub nua agus d’éirigh an-mhaith leo ar feadh roinnt blianta. Ach d’athraigh an saol agus b’éigean don Chaisleán comhnascadh le cumann eile agus bunaíodh Gaeil na Life ina n-áit. Tá an cumann sin ag dul ó neart go neart i gcónaí.

Aistríodh Mícheal go dtí an Caiseal i 1973 agus, mar ba dhual dhó, ghlac sé cúram air féin foirne na scoile a thraenáil. D’imir sé féin (le cead!) ar feadh ceithre bliana le foireann shinsear Chaiseal Rí Cormaic agus chabhraigh sé freisin chun foireann mhionúr an chlub a thraenáil agus Craobh Mhionúr an chontae a bhuachaint. Ainmníodh é mar roghnóir le mionúir Thiobraid Árann ina dhiaidh sin agus áthas an domhain air an deis a fháil dul i mbun oibre le foireann idirchontae den chéad uair.

Ach chuir a bhfaca sé maidir le traenáil foirne idirchontae déistin air - sliotar amháin do sheisiún traenála, gan córas ar bith chun scileanna a fhorbairt i measc na n-imreoirí ach díreach cluiche a chur ar siúl ina measc. Tar éis do Thiobraid Árann cailliúint i gcoinne Chorcaí i gcluiche ceannais na Mumhan an bhliain sin (1975), chuir sé in iúl i scríbhinn do chathaoirleach Choiste an Chontae nár mhian leis bheith ina roghnóir le Tiobraid Árann riamh arís. Is é an freagra a bhí ag an gCathaoirleach ar a litir tamall ina dhiaidh sin ná post an bhainisteora a thairiscint dhó! In ainneoin an mhéid a tharla roimhe sin ghlac sé leis an gcuireadh sin go fonnmhar, mar bhí a fhios aige go bhféadfadh sé athruithe a chur i gcrích (ag an am sin bhí cúigear roghnóir ceaptha ach gan aon duine amháin i gceannas!) agus an bhliain dár gcionn bhuaigh Tiobraid Árann Craobh Mhionúr na hÉireann faoina stiúir i gcoinne Cill Chainnigh.

Bhain sé an-sásamh as an mbua sin agus lean sé leis an obair le mionúir an chontae ar feadh bliana eile. Ach chaill Tiobraid Árann sa chéad bhabhta an bhliain dár gcionn i gcoinne Chorcaí le cúilín amháin agus ina dhiaidh sin chuaigh Mícheál i bhfeighil ar an bhfoireann Faoi 21. D’éirigh leo dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann i 1978 ach chaill siad i gcluiche athimeartha i gcoinne na Gaillimhe le cúilín amháin!

Ceapadh é ansin ina bhainisteoir ar an bhfoireann shinsearach agus chaith sé dhá bhliain sa phost sin. D’éirigh leo Craobh na Sraithe Náisiúnta a bhuachaint i gcoinne na Gaillimhe ach bhuaigh Corcaigh orthu le cúilín amháin sa chraobhchomórtas. Tá cuimhní breátha ag Mícheál ar an tréimhse a chaith sé i dTiobraid Árann agus an-mheas aige ar mhuintir an chontae sin ó shin.

Ar ais i mBaile Átha Cliath

Aistríodh Mícheál ar ais chuig Baile Átha Cliath i 1977 agus cuireadh go Sráid Synge é. Bhí sé fós ina bhainisteoir ar fhoireann Thiobraid Árann agus bhíodh sé ag taisteal gach deireadh seachtaine síos agus aníos chuig Tiobraid Árann le haghaidh traenála agus cluichí. Ach bhí air éirí as an bpost sin toisc go raibh cúrsaí taistil ró-achrannach.

Bhí baint aige mar roghnóir le mionúir Átha Cliath sa bhliain 80/81 agus ina dhiaidh sin chuaigh sé i mbun fhoireann an Choláiste Ollscoile. Thaitin an tréimhse sin go mór leis mar bhí spiorad iontach i measc na mac léinn. Bhí sé difriúil freisin sa mhéid is gur i rith an gheimhridh a bhí an traenáil agus na cluichí ollscoile ar siúl agus, i ngeall air sin, bhí gá le carachtar agus cur chuige ar leith ó gach duine. Bhí iománaithe den scoth ann ar nós Matt Ruth agus Jack Ryan. Dar leis, is comórtas iontach é Corn Mhic Giobúin agus déantar cairdeas buan i measc imreoirí.

Ar leanúint an mhí seo chugainn.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.