AR NA SAOLTA SEO
Meon Chicago i réim i mBaile Átha Cliath
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

An bhfuil dream an tsaibhris ag magadh fúinn agus a gcuid tiachóg ag éirí teann lenár gcuidne airgid i rith an ama. Sin é a deir Maidhc Ó Cathail linn sa alt seo i ndiaidh labhairt le Jeff Gates. thuigeann an móramh an diabhlaíocht atá á himirt orthu, deir .

Íomhá
An t-údar Jeff Gates (planetwork.net a tharraing)
Íomhá
Léirsiú in éadan an WTO 10 mbl. ó shin (Steve Kaiser a tharraing go Flickr.com)
Íomhá
Ollscoil Chicago, eithne modhanna smaointe geilleagair (Paul Goyette a tharraing go Flickr.com)

Buartha faoin ngéarchéim gheilleagair? I d’intinn atá sin ar fad, a deir príomhshaineolaí airgeadais.

Agus sin í an fhadbh, dar le Jeff Gates, údar Democracy at Risk: Rescuing Main Street from Wall Street, agus The Ownership Solution: Toward a Shared Capitalism for the 21st Century, leabhar ar ar thug léirmheastóir amháinthe best book on economics for a generation,” agus ar mhol Ralph Nader mara Capitalist Manifesto, a blueprint for spreading the benefits of capitalism more equitably.”

Is é foinse na géarchéime geilleagraí comhdhearcadh a cuireadh ina luí orainn ár muinín a chur ann, a mhaíonn Jeff Gates in agallamh le Beo! Dar le Gates, a bhí ina abhóide don Choiste Airgeadais de chuid Seanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987, go ndearna an dearcadh seo an-dochar do thromlach mór na ndaoine ar mhaithe le mionlach fíorbheag. gur bhain na himeachtaí ar Wall Street ó Mheán Fómhair 2008 i leith stangadh as cuid mhaith daoine -- na mílte Éireannach a chaill a gcuid postanna ó shin ina measc -- d’fhéadfadhlucht sofaisticiúil an airgeadais’ é sin a thuar gan stró, a áitíonn Gates. I measclucht sofaisticiúil an airgeadais, luann Gates leithéidí Robert Rubin, Larry Summers (príomhchomhairleoir eacnamaíochta do Barack Obama anois) agus Alan Greenspan a raibh baint mhór acu leisna hollmhargaidh airgeadais’ ar nós Goldman Sachs agus Citigroup a d’éascaigh siad lenaleasuithe, agus iad in ainm is a bheith ag obair ar son mhuintir Mheiriceá.

Agus nuair a chlis ar an margadh dírialáilte a bhí curtha ar bun acu, b’éigean don cháiníocóir teacht i gcabhair ar an dream a rinne go han-mhaith as le blianta. Mar a chuireann Gates é, “The gains were theirs; the losses ours.”

Airgead, airgead, airgead

Ach an bhfuil aon fhianaise ann gur calaois é a rinneadh d’aon ghnó?

The purpose of a system is what it does,” a fhreagraíonn Gates, agus é ag tagairt don acrainm, POSIWID, téarma atá ag anailísithe córas le fabhtanna sistéamacha a aithint.

An tsamhail Chicago is ea is chúis leis an bhfaopach ina bhfuil an geilleagar faoi láthair, dar leis. Le leathchéad bliain anuas, d’éirigh le dearcadh bhunúsachas an mhargaidh seo as Ollscoil Chicago a bheith ina chomhdhearcadh na coitiantachtaWashington. Agus é mar phrionsabal treorach na hEagraíochta Domhanda Trádála, an tsamhail seo á dhomhandú anois. Le cruinneshamhailna samhla Chicago’ a mhíniú, deir Gates go n-oibríonn ar an mbonn seo: “maximize financial returns and -- trust us -- all else will be fine.” Muinín sa dearcadh sin is chúis le torthaí an lae inniu, deir . Tugtar tús áite d’airgead sa chóras oibriúcháin domhandaithe seo, a mhíníonn Gates, agus déantar neamhaird ar na luachanna atá riachtanach i gcomhair folláine fhadtéarmach an phobail: fadbhreathnaitheacht fhioscach, comhtháthú sóisialta agus inmharthanacht an chomhshaoil.

D’fhéadfaí a thuar go dtarlódh móriarmhairtí dochracha de thoradh na béime seo ar airgead, dar leis: “The results of this purpose-drivenoperating system’ were guaranteed to concentrate wealth and income and thereby undermine both democracies and markets. By equating personal freedom with financial freedom, we were induced to freely embrace the very forces that now jeopardize freedom.”

Dallamullóg

a chuir ina luí orainn ár muinín a chur i gcóras nach bhfuil lenár leas? An dream céanna a chuir ina luí ar Mheiriceánaigh gur bagairt mhór a bhí i Saddam Hussein, the people in betweenmar a thugann Jeff Gates orthu ina leabhar nua, Guilt By Association: How Deceit and Self-Deception Took America to War.

Is éard atá i gceist leisthe people in betweenna daoine idir sinn agus na firicí. Míníonn Gates: “All flows downstream from aconsensus’ perspective --regardless whether the deception is a shared belief in Iraqi weapons of mass destruction or a consensus faith in the infallibility of unfettered financial markets. The modus operandi is identical -- the displacement of facts with beliefs.”

B’fhéidir gur comhtharlú é, ach téann fréamhachaintleachtacha’ na nuachoimeádach siar go Chicago chomh maith, áit a raibh Richard Perle agus Paul Wolfowitz i measc an chaidre de mhic léinn a bhí ag an Ollamh Albert Wohlstetter in Ollscoil Chicago. Bhí Wohlstetter féin ina mhac léinn ag Ollamh Chicago eile, Leo Strauss, ar a dtugtarseanóir intleachtach’ na nuachoimeádach. Suntasach go leor, mhol Strauss fealsúnacht ina gcuireann éilít dallamullóg ar an bpobal.

Beirt atá ina n-eiseamláirí dena daoine idir sinn agus na firicí’ Paul Wolfowitz agus, a chomharba mar Uachtarán an Bhainc Dhomhanda, Robert Zoellick. Shínigh Wolfowitz agus Zoellick an Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua i 1998, a mhol Hussein a threascairt agus na tíortha Ioslamacha eile sa Mheánoirthear a dhíchobhsú. Thug 9/11 an deis a bhí ó lucht Iosrael i SAM ionradh a éileamh ar an Iaráic, i ndiaidh gur chuir siad dallamullóg ar mhuintir Mheiriceá maidir leisna hairm ollscriosúla nárbh ann dóibh. Gheall Wolfowitz go gcuirfeadh muintir na hIaráice fáilte mhór roimh shaighdiúirí SAM, fiú.

Agus an fhís pholaitiúil ó Chicago curtha i gcrích acu le fógairtchogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta, bhí ról lárnach ag an mbeirt Shíónach ag an mBanc Domhanda, ag domhandú an mheoinChicago’ ó thaobh cúrsaí geilleagair de.

Comhairle Fhíorchostasach

Os rud é nach n-aithníonn siad cúis na faidhbe, déanfaidh freagairt rialtas na hÉireann don ghéarchéim gheilleagair cúrsaí níos measa, a deir Gates. Is beag an difear, dar leis, idir na freagairtí don ghéarchéim i mBaile Átha Cliath agus i Washington. “Same pig; different lipstick,” a deir agus é ag tagairt don tuarascáil dar teideal A Pathway to Recovery and Renewal for the Irish Economy, a d’ullmhaigh Ronald Greenspan don Taoiseach Brian Cowen i Márta na bliana seo. Saineolaí athchóirithe iomráiteach, a thugann a chomhlacht féin, FTI Consulting, ar Greenspan.

Ach, de réir Gates, tagann Greenspan as líonra domhanda de chomhairleoirí beartais atá ar aon intinn. Molann an dream seo fadhb shistéamach a réiteach gan dul i ngleic leis an bhfadhb bhunúsach: an meon Chicagóch.

Agus mar bharr ar an donas, dar le Gates, “...those who follow this traditionalChicago’ advice are unleashing long-term financial forces destined to make a bad situation worse -- at a staggering cost.”

Mar sin, céard atá i ndán dúinn? Tuarann Gates: “Both nations can anticipate stagnation and inflation whilethe people in between’ continue to amass more assets (at distressed prices) and collect more interest on more taxpayer-secured debt. The pace is poised to quicken in this policy-enabled redistribution of wealth -- from the bottom to the top.”

An nglacfaidh muintir na hÉireann le bheith ina mbochtáin arís? an éireoidh siad amach uair amháin eile -- fhaigheann siad amach gur cuireadh dallamullóg orthu? Sin í an cheist mhór.

Is cinnte, áfach, go mb’fhearr leisna daoine idir sinn agus na firicí’ nár chuala iomrá ar Jeff Gates riamh, ionas nach gcuirfí isteach ar mheon Chicago.

Féach ar http://anfhirinneshearbh.wordpress.com/ le haghaidh nasc do na foinsí a úsáidtear san alt seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.