CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Meáin chumarsáide neamhspleácha i mbaol

impleachtaí ag na fadhbanna airgid atá ag an Irish Times agus ag Raidió na Gaeltachta do phobal na tíre i gcoitinne agus do lucht na Gaeilge go háirithe.

Táimid ag am cinniúnach do na meáin anseo in Éirinn, ní hamháin anois ach le tamall anuas. Tá níos mó ná 70% de na meáin chlóite faoi smacht Nuachtáin an Independent agus an Uasail Tony O’Reilly. Tá na stáisiúin raidió ag dul sa treo céanna chomh maith leis an chóras cumarsáide leictreonach agus Valencia ag glacadh seilbhe ar Eircom. Tá cuid dá neamhspleáchas á chailleadh ag RTÉ fosta de bharr go bhfuil siad ag cur a gcuid seirbhísí digiteacha trí Sky Television.

Ba cheart go mbeadh an imní is mó orainn faoi dhá cheann ar leith: an Irish Times agus Raidió na Gaeltachta.

Is léir go bhfuil an Irish Times i mbaol de dheasca míbhainistíochta agus an cinneadh a ghlac siad clólann úrnua a thógáil ar £60m nuair nach raibh a leithéid ag teastáil. Cé nach n-aontódh daoine i gcónaí le guth eagarthóireachta an Irish Times, is cinnte go dtugann sé seirbhís iontach nuachta agus gur féidir gach taobh den scéal a fháil ann i gcónaí. Tá siad ar thaobh na Gaeilge le fada agus is cinnte go mbíonn éileamh ar ‘Tuarascáil’ Phóil Uí Mhuirí in eagrán na Céadaoine. Tugann leathanach litreacha an Times guth do go leor grúpaí a bhíonn ag iarraidh a gcás a chur chun cinn agus cuirtear fáilte i gcónaí roimh chomhfhreagras i nGaeilge agus faoin Ghaeilge.

Ní thugann nuachtáin O’Reilly aon aird ar an Ghaeilge, beag ná mór, agus is olc an scéal a bheas ann má ghearrtar siar ar shaothar an Irish Times agus ar an cholún Gaeilge go háirithe.

Thrácht Caint sa tSráidbhaile cheana (in eagrán mhí Mheán Fómhair) ar bhuiséad íseal Raidió na Gaeltachta. Dúramar ag an am sin go raibh siad ag cur seirbhís den scoth ar fáil ar bhuiséad an-íseal go deo agus gur cheart dóibh a bheith ag feidhmiú ar bhuiséad de £5m ar a laghad. Thabharfadh seo an deis dóibh réimse níos leithne sainchláracha a chur ar fáil agus sceideal níos éagsúla a sholáthar. Ach anois, tá a mhalairt tarlaithe. Tá orthu leanúint ar aghaidh le buiséad atá gearrtha go smior agus níltear cinnte conas ciorruithe a dhéanamh gan slad a dhéanamh ar an tseirbhís.

Tá cuid den locht ar bhainistíocht an stáisiúin a ghlac le buiséad chomh híseal thar na blianta gan seasamh a ghlacadh. Ach sin ráite, tá an dochar déanta agus níl de rogha ag lucht na Gaeilge ach troid ar a son. Caithfear cur ar a súile don Aire Síle de Valera nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann - go gcaithfear an £380,000 a chur ar fáil ar ais nó ar éigean.

Cé go gcáintear an tAire go minic as a heaspa cumais ó thaobh labhairt na Gaeilge de, is léir go bhfuil sí an-bháúil leis an Ghaeilge, más comhartha é an £2 milliún a thug sí do TG4 agus iad ag comóradh cúig bliana ar an aer le déanaí. Thig léi chomh maith glacadh le hiarratas RTÉ agus costas an cheadúnais a mhéadú, rud a chiallódh go réiteofaí na fadhbanna maoinithe go fadtéarmach.

Tá meáin neamhspleácha mar an Irish Times de dhíth ar phobal na Gaeilge agus is cinnte go mbeidh saol lucht labhartha na teanga níos boichte mura mbíonn na hacmhainní ag Raidió na Gaeltachta chun seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.