AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Méadú mór tagtha ar phraghas na dtithe sa Spáinn
Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez

Tá praghas na dtithe tar éis ardú seacht déag faoin déag le roinnt míonna anuas sa Spáinn agus níl aon dóchas ag Carmen Rodríguez go dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo.

Íomhá
Íomhá
Tá praghas na dtithe méadaithe go mór i gcathracha na Spáinne le roinnt blianta anuas

Is minic a dhéanann na meáin chumarsáide Éireannacha comparáid idir praghas na dtithe in Éirinn agus i dtíortha eile ar nós na Spáinne. Cuirtear in iúl i dtuairiscí den chinéal seo gur féidir, ar an bpraghas céanna, *villa *deas mór a cheannach in áit the ghalánta cois farraige, in áit teachín, cur i gcás, i mBaile Átha Cliath 8 nó a mhacasamhail d’áit i gCorcaigh nó i nGaillimh.

Ach, faraor, ní dhéanann na cláracha teilifíse agus raidió nó na nuachtáin trácht ar bith ar na praghsanna scannalacha atá i gceist sna mórchathracha Spáinneacha ar nós Barcelona, Bilbao, Valencia nó Mhaidrid. Dála na hÉireann, tá méadú suntasach tagtha ar phraghas na dtithe sna cathracha sin le cúpla bliain anuas. Fágann sé seo nach bhfuil mórán daoine sna tríochaidí ábalta teach a gcuid tuismitheoirí a fhágáil, toisc nach féidir leo morgáiste mór a íoc leis an gcinéal airgid a shaothraíonn siad i bpostanna nach bhfuil na coinníollacha oibre rómhaith iontu. (De réir an OECD, níl timpeall tríocha faoin gcéad de na daoine óga sa Spáinn in ann post buan le coinniollacha maithe oibre a fháil.)

Ní fhéadfadh sé go bhfuil sin folláin, agus tarlaíonn nach bhfuil tuairim dá laghad ag daoine cén réiteach atá ar an bhfadhb mhór seo. Tá méadú de sheacht déag faoin gcéad tagtha ar na praghsanna le cúpla mí anuas agus anois tá na bainc sásta morgáistí de chaoga faoin gcéad den ioncam indiúscartha míosúil a thabhairt dá gcuid custaiméirí ar feadh cúig bliana is tríocha. Mar sin, má thagann méadú ar na rátaí úis, titfidh geilleagar na tíre as a chéile.

Ceapann daoine áirithe go dtitfidh na praghsanna áiféiseacha seo luath go leor. Ach, os a choinne sin, tá daoine eile den tuairim go mbeidh orthu infheistíocht shubstaintiúil a dhéanamh, fiú mura bhfuil siad róshásta leis an teach a bheidh siad a cheannach nó leis an gceantar ina bhfuil sé suite.

Tá polaiteoirí den Partido Popular (Páirtí an Phobail) agus den Partido Socialista (an Páirtí Sóisialach) araon den tuairim go gcaithfear daoine a spreagadh le tithe a fháil ar cíos, seachas iad a cheannach. Ach, go traidisiúnta, is fearr leis na Spáinnigh, dála na nÉireannach, a dteach féin a bheith acu in ionad cíos a íoc gach mí, fiú má tá sé fíordheacair morgáiste mór millteach a aisíoc leis an tuarastal atá acu.

Táthar ag tuar i dtuarascáil de chuid an Banco de España (Banc na Spáinne) go dtitfidh na praghsanna dochreidte seo luath go leor, ós rud é go bhfuil luach rómhór ar na tithe i láthair na huaire.

Míníonn Rodrigo Rato, Leas-Uachtarán na Spáinne agus Aire Eacnamaíochta na tíre, go bhfuil praghas na dtithe ró-ard agus go bhfuil fadhbanna struchtúrtha bunúsacha, ar nós amhantraíochta, leis an talamh sna cathracha.

Ar aon nós, tá sé soiléir don saol mór anois go mbeadh géarchéim sa gheilleagar, ní hamháin sa Spáinn ach i dtíortha eile ar nós na hÉireann chomh maith, dá dtitfeadh praghas na dtithe go tobann. Tá na rialtais breá sásta béalghrá a thabhairt do chruachás na saoránach, ach ní dóigh liom go ligfidh siad do laghdú sna praghsanna agus caillteanas cothromais tarlú. Mar sin, is cosúil go bhfanfaidh na praghsanna díreach mar atá siad.

*As Galicia sa Spáinn ó dhúchas í Carmen Rodríguez ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois. Tá céim sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.