Tá drogall ar an Aire Airgeadais Charlie McCreevy an cháin ioncam a ardú sa cháinaisnéis, ach tá seifteanna eile aige chun airgead a aimsiú, seifteanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, a chuirfidh brú mór ar chomhairlí contae ar fud na tíre.
Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua. Íocann lucht tógtha tithe na táillí sin ar chuile theach, siopa agus monarchan nua a thógtar sa gcontae, agus cuireann siad an costas ar aghaidh chuig na daoine a cheannaíonn iad. Má ghlactar leis na moltaí, ardófar na táillí go mór agus cuirfear leis an mbrú síoraí i dtreo na spéire atá ar phraghas na dtithe.
Maith go leor, a deir tú. Mo ghraidhin iad muintir na Gaillimhe, na créatúir. Ach táimse im’ chónaí i gCiarraí - ní bhaineann sé liomsa. Ní hea, a dhuine chóir. Baineann.
Cé gur ar an raic faoi tháillí bruscair i mBaile Átha Cliath is mó a bhí aird na meán le tamall anuas, tá an scéal seacht n-uaire níos measa taobh amuigh den chathair sin ná mar a thuigeann daoine go fóill. Ní hamháin go bhfuil cleachtadh ag daoine thíos fán tuath ar tháillí bruscair agus eile a íoc le blianta anuas, ach tá na táillí sin ag méadú an t-am go léir. Agus, mar a deir an t-aisteoir sa scannán, níl tada feicthe fós agat. Is ag dul in olcas atá an scéal, agus an rialtas lárnach ag iarraidh sciar suntasach den ualach cánach a chur ar aghaidh go seiftiúil, ciúin chuig na húdaráis áitiúla - díreach ag an am céanna is atá go leor cumhachtaí bainte de na húdaráis chéanna. An dtiocfaidh an lá go mbeidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe táille ar leith a ghearradh ar dhaoine chun íoc as loiscneoir sa gcontae, loiscneoir nár theastaigh ón gcomhairle ná ón bpobal áitiúil ach a tógadh faoi bhrú ón Rialtas?
An rud atá ag tarlú i nGaillimh, tarlóidh sé ar fud na tíre, mar go bhfuil treoir tugtha ag an Rialtas do chuile údarás áitiúil, faoin Acht Pleanála agus Forbartha 2000, airgead a bhailiú chun íoc as na costaisí caipitil a bhaineann le hinfrastruchtúr agus áiseanna thar tréimhse dhá bhliain déag. An clár caipitil le cúig bliana anuas agus don seacht mbliana atá le teacht atá i gceist.
Ardú sa táille seirbhíse
De réir na scéime atá molta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, ardófar an táille seirbhíse ó €6,100 go €7,800 i gcás tithe nua i dTuaim, Baile Átha an Rí, Baile Locha Riabhach, Gort, Uachtar Ard agus bailte eile sa gcontae. Ardófar an táille ó €4,300 go €5,700 i mbailte beaga eile agus ó €1,200 go €4,300 i gceantair tuaithe taobh amuigh de na bailte. Tugtar briseadh síos ar na figiúirí sin chomh maith: mar shampla, i gcás tithe faoin tuath, deirtear go rachaidh €1,500 den táille ar chórais séarachais; €1,500 ar chúrsaí uisce; €1,000 ar áiseanna áineasa agus €300 ar bhóithre.
Is sna ceantair tuaithe taobh amuigh de na bailte is mó a bheas ardú sa táille. Deir an chomhairle, áfach, nach ngearrfar táille séarachais sa gcás nach bhfuil córas séarachais ar fáil sna ceantair sin. Ós rud é nach mbíonn córais séarachais ar fáil taobh amuigh de na bailte de ghnáth, is ionann sin is a rá nach mbeidh an táille sin i gceist an chuid is mo den am, rud a fhágann an táille seirbhíse sna ceantair tuaithe ag €2,800 - nó méadú €1,600 ar an táille a bhíodh ann go dtí seo.
Tá drochscéal amach is amach ag an gcomhairle don lucht gnó. Méadófar an táille seirbhíse do ghnólachtaí tráchtála - monarchana nua, siopaí nua agus a leithéid - ó €28,400 go €45,000 sna bailte móra agus i gcathair na Gaillimhe. Sna bailte beaga is é €24,500 an táille a bheas ann, nó méadú de €10,300 ar an táille a bhíodh ann go dtí seo. Sna ceantair tuaithe - ceantair Ghaeltachta san áireamh - méadófar an táille seirbhíse do ghnólachtaí nua ó €8,800 go €20,000.
Moltar táillí eile ann chomh maith, mar shampla, táille €3,600 ar áiteanna páirceála do charranna, cé nach dtugtar mórán eolais faoi sin sa gcáipéis a réitigh an chomhairle.
Tá arduithe ar na táillí seirbhíse molta ag Bardas na Gaillimhe don chathair sin, agus tá Comhairle Chontae an Chláir agus údaráis áitiúla eile ag obair ar scéimeanna eile. Faoi mar a dúirt Pádraig MacCormack ó Fhine Gael liom, gearrfar na táillí sin chun íoc as tionscadail a cheap na polaiteoirí áitiúla a bheith íoctha cheana féin, as airgead na Bruiséile i gcuid mhaith cásanna. Teachta Dála agus polaiteoir áitiúil araon is ea Pádraig MacCormack, ach bhí air éirí as a shuíochán ar Chomhairle Chathrach na Gaillimhe faoin reachtaíocht nua a chuireann cosc ar an dual mandate. Tá sé den tuairim go léiríonn an scéal seo faoi na táillí seirbhíse go raibh dul amú ar na tráchtairí sna meáin a dúirt gur fearrde an próiseas daonlathach sa tír d’uireasa an dual mandate. Nuair a bhíonn an nasc idir na húdaráis áitiúla agus an pharlaimint briste, a deir sé, bíonn sé níos deacra ag daoine seifteanna cliste an Rialtais i leith na n-údarás áitiúil a thuiscint.
Tá leisce ar an Rialtas, ar Charlie McCreevy ach go háirithe, aon ardú sa gcáin ioncaim a thabhairt isteach sa gcáináisnéis. Agus an borradh mór geilleagrach tráite go maith faoin am seo, áfach, ní mór an t-airgead a aimsiú in áit éigin. Tá deireadh le flaithiúlacht na hEorpa i leith na hÉireann - go deimhin, beidh sciar den chostas a bhaineann le forbairt oirthear na hEorpa le n-íoc againne feasta. Fágann sin na comhairleoirí bochta áitiúla ag plé le scéimeanna míthaitneamhacha táillí a chuirfidh múisiam mór ar an bpobal, díreach agus na toghcháin áitiúla ar leic an dorais. An bhfuil botún mór déanta ag Fianna Fáil, nó an bhfuil seifteanna eile le nochtadh acu sna míonna atá romhainn?
*Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an *Irish Times.