Is minic a deir daoine go bhfuil an seicteachas in Albain chomh holc céanna is atá sé i dTuaisceart Éireann, ach ní aontaíonn na saineolaithe leis an tuairim sin, mar a fuair Stiofán MacGréill amach.
Is minic a bhíonn Albanaigh ag maíomh go bhfuil a dtír seicteach. Go deimhin, tá míchlú ar Albain le fada an lá dá dheasca sin. Féach, mar shampla, ar roinnt imeachtaí uafasácha a tharla ó 1995 i leith. Sa bhliain sin, dúnmharaíodh tacaí óg de chuid Cheiltigh Ghlaschú, Mark Scott, i mBridgeton (ceantar “dílis” Ghlaschú, a dtugtar “Little Shankill” air). I 1997, sádh Sean O’Connor, tacaí eile de chuid na gCeilteach, san áit chéanna; ansin, ar an 29 Bealtaine 1999, d’ionsaigh lucht tacaíochta Rangers Liam Sweeney, tacaí eile de chuid an chlub, agus d’fhág ina luí gan aithne gan urlabhra é; bhuail saighead crosbhogha Karl Roarty, tacaí de chuid na gCeilteach, agus sádh Thomas McFadden, 16, tacaí eile. D’éag seisean. Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh an t-abhcóide conspóideach (agus leaschathaoirleach Rangers), Donald Findlay, a thaifeadadh ag canadh amhrán seicteach ag cóisir. Bhí air éirí as a phost le Rangers.
Ní haon ionadh é, b’fhéidir, gur mhaígh an cumadóir Caitliceach James MacMillan ina dhiaidh sin go bhfuil “ár ngairmeacha, ionaid oibre, ciorcail acadúla agus forais spóirt lán le leithéidí Findlay”. Ach an raibh an ceart aige?
Cinnte, chreid an t-uafás daoine go raibh, Jack McConnell, an Chéad Aire, san áireamh. Mar a dúirt sé, ag lainseáil feachtas ollmhór frithsheicteachais: “Is dearbhú iad na bearta seo nach gcuirfidh Albain suas níos mó le gníomhartha ar léiriú iad ar an fhuath reiligiúnda ... Ní mór d’Albain a bheith páirteach san Eoraip ... tá sé riachtanach nach leagfaidh marbhualach na biogóideachta seictí chun talaimh í”. Mar sin: tá fadhb ag Albain. Tá sé sin ríshoiléir, nach bhfuil?
Bhuel, b’fhéidir nach bhfuil, dar le húdair áirithe. Is scéal beagán níos casta é, a deir siad. Ní féidir a shéanadh go raibh an-fhadhb ag an tír san am a chuaigh thart, ach anois?
“Nílim ag rá nach bhfuil fadhb de shaghas éigin ag Albain a bhfuil cruth seicteach uirthi,” arsa an Dr Mike Rosie, socheolaí in Ollscoil Dhún Éideann agus scríbhneoir aitheanta ar an cheist, “agus, cinnte, ní féidir aon rud eile ach ‘seicteachas’ a lua i gcás bhás Mark Scott. Bhí gáir cheana féin ar a mharfóir Jason Campbell mar bhiogóid ina phobal féin, fiú, agus thosaigh siad ag cabhrú leis na póilíní go han-ghasta i ndiaidh an dúnmharaithe. Shíl siad go ndeachaigh sé thar fóir.”
Fir óga
Murab é an seicteachas atá faoi bhláth in Albain, céard atá ag tarlú, mar sin? Rud éigin eile ar fad, dar leis an Ollamh Steve Bruce, ó Ollscoil Obar Dheadhain: “Níl fadhb an tseicteachais ag Albain. Fir óga de chuid na haicme oibre agus an t-ólachán is cúis le cuid fadhbanna na hAlban, fir óga a chreideann, agus iad faoi thionchar an óil, go gcaithfidh siad daoine a shá.” Ní dóigh leis gurb é an creideamh faoi deara é; dar leis go bhfuil lorg níos lú á fhágáil ag an chreideamh ar Albanaigh an lae inniu ná riamh, ar an aos óg go mór mór. “Sa lá atá inniu ann in Albain, pósann níos mó ná 50% de Chaitlicigh óga daoine nach Caitlicigh iad. Ní sampla é seo de shochaí scoilte. I dTuaisceart Éireann, 3% de na póstaí atá measctha. Faoi bhonn 6% do phóstaí atá idirchiníoch i Stáit Aontaithe Mheiriceá.” Creideann sé gurb í géarchoimhlint an “Old Firm” i nGlaschú, idir na Ceiltigh agus Rangers, agus tábhacht ghinearálta an tsacair in Albain atá ag cur na bpolaiteoirí agus na meán amú.
“Dá mbeadh ‘fíorsheicteachas’ le fáil go forleathan,” arsa Mike Rosie, “tchífeadh duine é ag oibriú fud fad an phobail. Rachadh sé i bhfeidhm ar do phost, ar do dheiseanna sa saol, ar d’áit chónaithe agus mar sin de - mar a tharlaíonn i dTuaisceart Éireann, abair. Ach ní féidir a leithéidí sin a chruthú in Albain, dáiríre. Tóg cúrsaí oibre, mar shampla: d’fhéadfadh seicteachas a bheith i gceist ag leibhéal áitiúil gan amhras, abair siopadóir beag Caitliceach nach ndéanann ach cúntóirí Caitliceacha a earcú. Ach cuirim geall leat nach dtarlódh a leithéid i gcás fostóirí móra. Tá siadsan beag beann ar chreideamh - níl ach scileanna oiriúnacha ag teastáil uathu!”
Deir Rosie gurb é an taighde is fearr dá bhfuil le fáil ar an ábhar ná an 2001 Social Attitudes Survey. “Léiríonn sé go gcreideann daoine go bhfuil an seicteachas le fáil go forleathan anseo - freagra dearfach a thug 53% de fhreagróirí Caitliceacha ar an cheist, “An dtarlaíonn idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta go han-mhinic/go minic i gcás na gCaitliceach?” Ach i dtaca le ceist eile, “An gcreideann tú féin gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit mar gheall ar do chreideamh?” ní dúirt ach 18% de na freagróirí Caitliceacha gur diúltaíodh. (3% an figiúr i gcás na bProtastúnach.) Is cosúil gur rud é an t-idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta a tharlaíonn do dhaoine eile!
“Níor cheart a bheith bogásach,” ar Mike Rosie, “ach mar sin féin, sílim go bhfuil cúrsaí ag feabhsú. Is é mo bharúil go bhfuil fadhbanna i bhfad níos tromchúisí ná an seicteachas le réiteach in Albain. Má tá dúshlán dáiríre uainn, cad faoin leibhéal scannalach bochtanais i measc na bpáistí sa tír seo - is é sin an t-ábhar náire is mó agus is measa dá bhfuil againn fós.”
Is iriseoir agus scríbhneoir é Stiofán Mac Gréill a bhfuil cónaí air i nDunblane na hAlban.