CÚINNE NA nEALAÍON
M’albam féin curtha i gcrích
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Tá albam nua dar teideal [i]Giving[/i] eisithe ag Colm Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla. Próiseas cruthaitheach neamhghnách a bhí i gceist leis an albam a léiriú, ach ba phróiseas é a bhí thar a bheith speisialta ag an am céanna.

Íomhá
Tá albam nua dar teideal Giving ar fáil anois
Íomhá
Colm Ó Snodaigh: bhí próiseas neamhghnách i gceist leis an t-albam aonair a léiriú
Íomhá
Tá guth binn Maria Doyle Kennedy le cloisteáil ar an albam

“Maith dom, a eagarthóir. Is peacach mé. Tá m’alt deireanach agus tá mé róthinn le hé a chríochnú.”Maitheadh dom mo pheacaí, agus mar sin, seo an bhliain úr chugam – biseach orm agus mé ar ais i mbun pinn arís.

An t-am seo an bhliain seo caite, d’fhógair mé go raibh m’albam féin – a rabhas ag obair air le bliantacurtha i gcrích, nach mór, agus go rabhas cinnte go n-eiseofaí an t-albam san athbhliain. Bhuel, eisíodh é i mí na Samhna agus tá mé an-sásta leis!Blianta ó shin a chuaigh mé ina bhun den chéad uair, ach thit an tóin as nuair a d’aistrigh an léiritheoir a rabhas ag obair leis chun na hAstráile. Ba é Lance a mhol gur chóir dom dul chun cainte le seanchara linn – léiritheoir an-oilte darb ainm dó Shea Fitzgerald. Labhair mé leis, agus uair éigin in 2002 thosaíomar ar an obair go hiomlán as an nua!

Caithfidh mé a admháil gur tharla sé cúpla uair go rabhas ar tí éirí as toisc go raibh sé ag tógáil i bhfad an iomarca ama aon dul chun cinn a dhéanamh. Bhí mé féin agus Shea an-ghnóthach agus bhí sé deacair dúinn am saor a fháil a d’fheilfeadh don bheirt againn. Dúirt mé leis go rabhas ag éirí bréan den obair uilig agus go rabhas ag éirí róchleachtaithe ar na hamhráin. Tá an-chreidiúint ag dul dó agus dá mhodh oibre mar gur cheansaigh sé mo smaointe duairce – mar a dúirt mé, is léiritheoir an-oilte é.

Is fear oíche é chomh maith. Dúisíonn sé tráthnóna, fiú má tá sé tar éis a bheith i mbun oibre ar feadh roinnt mhaith uaireanta an chloig. Bhí orm teacht ar an tuiscint sin leis an gceirnín a chríochnú. Seo mar a tharla.

Bhuailinn amach chuige timpeall a seacht istoíche agus plean oibre i mo lámh agam a bhíodh scríofa amach go néata. Ach bhíodh fonn air greim bia a ithe. Ansin, bhíodh ríomhphoist le freagairt aige. Ní chuireadh seo isteach orm mórán óir a luaithe is a thosaíodh Shea ag obair ba mhinic a bhíodh sé deacair stop a chur leis. Oíche amháin ag a naoi, dúirt sé liom go raibh fonn air bualadh isteach chuig Lance agus a bhean Suzanne leis an jab tógála a bhí díreach curtha i gcrích ar a dteach a fheiceáil. Away linn, mar sin, agus cuireadh fáilte romhainn agus bhí ceiliúradh beag againn. Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam, a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair. D’fhilleamar agus d’fhanamar ann go dtí 7.00 a.m. – faoin am sin bhí na héin ina ndúiseacht le fada! Ba ar éigin a d’fhan mé i mo dhúiseacht, ach níor chuir a leithéid stop le Shea riamh. Thuig mé ansin go mbeadh orm fanacht leis, ba chuma faoin gcodladh! Agus d’fhan!

Trí hamhrán déag, idir Bhéarla agus Ghaeilge, atá ar an albam. Mo chuid amhrán féin atá iontu. Tá an-chuid cairde de mo chuid ag seinm air. Ceoltóirí oilte agus daoine áille atá iontu – daoine a thug a gcuid ama dom ar bheagán airgid, nó saor in aisce. Tá croí mór acu. Lisa Hannigan, mar shampla. Bhuaileas léi lasmuigh den Centra atá suite trasna an bhóthair ón oifig. D’iarr mé uirthi ar dheas léi canadh ar amhrán amháin. Anois, tá a guth binn le cloisteáil ar thrí amhrán. Sin mar a tharla le Maria Doyle Kennedy freisin. Bhuaileas léi blianta sula ndearnamar an taifeadadh agus dúirt sí ansin gur bhreá léi canadh liom. Oíche an tseisiúin taifeadta, thug sí Liam Ó Maonlaí léi chun an stiúideo. Nuair a thosaigh sé ag seinn an phianó sa stiúideo gan choinne, rinneamar taifeadadh ar a chuid ceoil chomh maith. Bhí beagán beag draíochta ag

baint le gach ócáid taifeadta agus le gach uair a chan nó a sheinn duine éigin ar an albam.

I ndáiríre, caithfidh mé a rá gurbh é an pléisiúir is mó a bhain mé as an bpróiseas taifeadta ar fad ná na hamanna a shuigh mé istigh sa seomra taifeadta leis na ceoltóirí oilte seo ar fad. Bhain mé an-chuid taitnimh as a bheith ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, an modh oibre a bhí acu agus iad i mbun a gceoil, an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara agus an chaoi a raibh siad in ann a nguthanna a théamh agus a chur in oiriúint don cheol. Ar deireadh, b’iontach an rud é a bheith ag éisteacht leis an ndraíocht a bhí déanta acu ar na hamhráin.

Anois, agus an t-albam eisithe agus ar fáil, is gá dom iarracht a dhéanamh ar an gceirnín a dhíol, ar cheolchoirmeacha a eagrú agus ar mo sheó aonair féin a chur le chéile agus a tharraingt timpeall na tíre. Albam an-phearsanta atá ann agus is cinnte gur seó an-phearsanta a bheas i gceist sna ceolchoirmeacha.“Maith dom, a léitheoirí. Is ceoltóir mé agus tá albam aonair eisithe agam!”

Almanag 2008:

Dhá shingil ag Kíla sa chairt Éireannach.

Kíla ag seinn i scannán úr de chuid Neil Jordan.

Tithe lána suas síos an tír – ní hamháin do Kíla, ach dom féin chomh maith. Is ionann tithe lána agus pócaí lána!

Amhrán amháin ó Giving le cloisteáil ar “Grey’s Anatomy” agus an t-albam é féin ar fáil go forleathan sna Stáit Aontaithe.

Cúpla rian ón albam Giving le cloisteáil ag: http://www.myspace.com/kilaofficial

An t-albam ar fáil ó: www.kila.ie/shop

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.