Déanann Liz Curtis cur síos ar na himeachtaí iontacha a bhíonn ar siúl i mí Lúnasa i nDún Éideann, an chathair a bhfuil sí ag cur fúithi inti faoi láthair.
D’aistrigh mé ó Bhéal Feirste go Dún Éideann le gairid, le cúrsa bliana ollscoile a dhéanamh faoi stair na hAlban. Shroich mé Dún Éideann ag tús mhí Lúnasa, mí na féile, nuair a chuireann an chathair gliondar ar an chroí.
Is cathair álainn é Dún Éideann, agus an caisleán ar a charraig mhór sa lár os cionn Ghairdíní Shráid an Phrionsa. Gleann domhain glas atá sna gairdíní sin, idir an tseanchathair mheánaoiseach ar chnoc géar ar thaobh amháin agus an “chathair nua” a tógadh san 18ú haois ar an taobh eile.
I rith mhí Lúnasa, bíonn atmaisféar ar leith ann. Bíonn na sráideanna plódaithe le daoine a thagann ó gach cearn den domhan, agus cuma shona shuaimhneach orthu. Bíonn neart tuismitheoirí agus a bpáistí ann, ag siúl thart nó i mbun picnice sna gairdíní. Bíonn na mílte duine óga ann freisin, cuid mhaith acu ag glacadh páirte in imeachtaí na Féile ar an Imeall.
Cé go dtugtar “Féile Dhún Éideann” ar imeachtaí mhí Lúnasa uilig, tá féilte éagsúla i gceist. Bíonn ceol clasaiceach den scoth le cloisteáil san Fhéile Idirnáisiúnta. Bíonn féile snagcheoil ann, féile scannán agus féile leabhar freisin. Ansin, ag tús mhí Mheán Fómhair, bíonn Mela Dhún Éideann ar siúl, ócáid shona mheidhreach a cheiliúrann cultúr na hIndia agus áiteanna eile thar sáile.
Is í an Fhéile ar an Imeall an fhéile is mó i mí Lúnasa, agus tá clú agus cáil uirthi ar fud an domhain. Tagann daoine – go háirithe daoine óga – as tíortha i gcéin is i gcóngar le páirt a ghlacadh inti. Bíonn na mílte dráma agus seó grinn stand-up ar siúl, agus baintear úsáid as gach aon saghas foirgnimh mar ionaid, neart eaglaisí agus coláistí ina measc.
Saor in aisce
Ní dóigh liom go mbíonn sé riachtanach mórán ticéad a cheannach d’imeachtaí mar go mbíonn an oiread sin rudaí ar siúl saor in aisce faoin spéir. Déanann daoine áitiúla neart imeachtaí beaga a reáchtáil freisin. Mar shampla, tá cara agam ar file í agus chuaigh mé léi chuig seoladh leabhair i Leabharlann na Filíochta, leabharlann bheag nua in aice leis an Mhíle Ríoga, a chuireann fáilte mhór roimh dhuine ar bith a bhfuil suim aici nó aige san fhilíocht.
I rith na féile, is féidir an-sult a bhaint as a bheith ag fálróid thart, de réir mar a bhuaileann an tallann tú. Dé Domhnaigh amháin, chuaigh mé féin amach agus tháinig mé ar dtús ar Fhéile na Leabhar, a bhíonn ar siúl gach bliain i gCearnóg Charlotte. Is cearnóg mhór sa Chathair Nua í seo a bhfuil féar ina lár agus crainn thart uirthi. Bhí pubaill socraithe i gciorcal mór thart ar an fhéar, agus siúlbhealach clúdaithe in aice leo – smaoineamh an-mhaith mar go n-athraíonn an aimsir go tobann i nDún Éideann! Bhí daoine ina suí ar an fhéar, ag léamh nó ag caint nó ag ól dí, agus neart páistí ag súgradh thart orthu.
Baintear úsáid as na pubaill ar dhóigheanna éagsúla – mar thithe tábhairne, nó caifí, nó siopaí leabhar, nó mar ionaid do chainteanna, díospóireachtaí agus imeachtaí dírithe ar pháistí. Is féidir dul isteach sa chearnóg saor in aisce, ach caithfidh tú íoc as cuid mhaith de na díospóireachtaí. Bíonn neart údar ann, ag caint nó ag léamh nó ag síniú a gcuid leabhar. Bíonn monabhar cainte agus neart gáirí le cloisteáil.
Ina dhiaidh sin, shiúil mé síos Sráid an Phrionsa, a bhí plódaithe le daoine. Bhí ceoltóirí ag seinm leo anseo agus ansiúd. Bhí pictiúrlann faoin spéir sa chearnóg in aice leis an Acadamh Ríoga agus an scannán Gregory’s Girl á thaispeáint. Bhí suas le céad duine ina suí ag amharc air. Téann an t-imeacht seo ar aghaidh ar feadh deireadh seachtaine amháin. Bhí stainníní thart ar an chearnóg agus daoine ag díol seodra agus a leithéid.
Taobh amuigh den Ghailearaí Náisiúnta bhí bratach ollmhór Phalaistíneach, ar foluain trasna an bhóthair. Bhí scata mór daoine ann, ag éisteacht le hóráidí faoi chruachás na bPalaistíneach.
Chuaigh mé suas an cnoc go dtí an Míle Ríoga, a bhí dubh le daoine mar gur seo croí na Féile ar an Imeall. Bhí neart daoine óga ann agus cuid mhaith acu gléasta suas. Bhí siad i mbun aisteoireachta ar ardáin bheaga, ag scaipeadh bileog nó ag seinm ceoil.
Ansin chuaigh mé síos go dtí páirc álainn darb ainm “The Meadows” – spás mór féarach atá ann ina bhfuil aibhinní crann agus an cnoc a dtugtar Suíochán Artúir air le feiceáil sa chúlra. Bhí go leor ar siúl anseo. Bhí bus dhá urlár ann, á úsáid mar amharclann. Bhí puball sorcais ann agus carbháin thart air – Sorcas Stáit na Rúise a bhí i ann. Bhí seó aonaigh ann freisin, agus ceol gliogarnach san aer.
Ansin tháinig mé ar ghrúpa déagóirí agus iad ag damhsa agus ag canadh i stíl na hAfraice Theas. Bhí cuid acu bán agus cuid eile dubh. Stad mé agus d’éist mé leo. Thug cailín bileog dom a dúirt gurbh as Johannesburg iad agus “Vela – African Greetings!” an t-ainm a bhí ar a seó. Bhí a gcuid fonn agus a gcomhcheol chomh deas sin go raibh mé breá friochanta ar mo chois agus mé ar mo bhealach abhaile.
Bíonn an-tóir, ní nach ionadh, ar an lóistín i nDún Éideann i mí Lúnasa, mar sin tá sé inmholta socrú a dhéanamh roinnt míonna roimh ré. Tá a lán brúnna sa chathair dóibh siúd nach bhfuil sparán mór acu. Tá ceann mór nua ann darb ainm Edinburgh Central (www.edinburghcentral.org) inar féidir seomra singil a fháil, agus ceann beag tarraingteach darb ainm Argyle Backpackers (www.argyle-backpackers.co.uk), a bhfuil grianán ann.
Dála an scéil, má tá suim agat sa stair shóisialta, b’fhiú duit amharc ar an tsraith alt an-suimiúil le Bríghid Mhic Sheáin a foilsíodh san iris An tUltach ó mhí Lúnasa ar aghaidh. Cuireann Bríghid síos ar shaol na nÉireannach bocht i nDún Éideann ag deireadh an 19ú haois, go háirithe James Connolly, a rugadh agus tógadh ansin.Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.