CÚRSAÍ SPÓIRT
Luibheolaí clúiteach na Mí
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá leabhar nua foilsithe faoi Sheán Boylan, bainisteoir fhoireann pheile Chontae na Mí. Is leabhar é atá difriúil ón ngnáthbheathaisnéis, a deir Colm Mac Séalaigh, mar go dtugtar cead cainte ann do roinnt mhaith de na himreoirí a d’imir faoi Boylan.

Íomhá
Seán Boylan, bainisteoir fhoireann pheile na Mí

*The Boylan Years *(Eagarthóir Liam Hayes) an teideal atá ar leabhar breá nua a foilsíodh roimh an Nollaig agus a raibh sé de phléisiúr agam é a léamh ar mo shuaimhneas le linn shaoire leisciúil na Nollag. An Boylan atá i gceist, dar ndóigh, ná luibheolaí clúiteach Chontae na Mí, Seán Boylan.

Is breá an foilseachán é seo faoi Sheán Boylan agus faoi pheileadóirí agus fhoirne na Mí agus is leabhar neamhghnách é ó thaobh coincheapa de. Tógann sé muid trí scór bliain de pheil Chontae na Mí faoi bhainistíocht Sheáin Boylan. Insíonn breis agus caoga imreoir a bhí páirteach sna cluichí go léir a scéal féin agus déanann siad cur síos ar an bhfear is mó a raibh tionchar aige orthu féin mar pheileadóirí agus ar dhul chun cinn an chontae ó 1982.

Scór bliain atá caite ag Seán Boylan i mbun fhoirne na Mí agus san achar sin threoraigh sé iad chuig ceithre chraobh uile-Éireann, Corn an Chéid, trí Shraith Náisiúnta peile agus ocht gcinn de chraobhacha Laighean. Sa leabhar seo freagraíonn na peileadóirí cuid éigin de na ceisteanna a chuirtear faoin mbainisteoir contae is faide sa “suíochán te”, mar a déarfá.

Ag tús Sheáin bhí contae na Mí in umar na haimléise ó thaobh fhoireann pheile an chontae de, in ainneoin thraidisiún na peile a bheith an-láidir agus an-fhada sa Chontae Ríoga. Ach i 1982 ní raibh suim ag éinne den lucht traenála ar fud an chontae dul i bhfeighil ar fhoireann na Mí. D’fhiafraigh duine éigin de Sheán Boylan, iománaí a bhí fós ag imirt lena chlub, an mbeadh suim aige an fhoireann a ghlacadh faoina chúram agus is cuid den stair anois é gur ghlac Boylan leis an gcuireadh agus leis an dúshlán.

Deir na himreoirí a bhí ann ag an am, leithéidí Gerry McEntee agus Mick Lyons, gur beag aithne a bhí acu ar Sheán Boylan, é sin nó ní raibh aithne dá laghad air! An t-aon aithne a bhí ag go leor air ná gur iománaí cuibheasach maith a bhí ann!

Is é an bealach a ndeachaigh Seán i gcion ar na himreoirí i dtosach ná tríd an meas a léirigh sé orthu, trí aire a thabhairt dóibh i slite éagsúla agus trí bheith ag éisteacht leo, go mórmhór leis na seanfhondúirí ar nós Joe Cassells agus Gerry McEntee. Bhí, agus tá i gcónaí, bua na cainte ag Seán agus chabhraigh sé sin go mór leis ag an tús chun na himreoirí a thabhairt leis.

Ní raibh Seán Boylan i bhfad ag dul i bhfeidhm ar an bhfoireann. Sa chéad áit ní bhíodh mórán imreoirí sásta an traenáil chuí a dhéanamh sular tháinig sé i gceannas orthu ach d’athraigh an staid sin go tapa lena theacht. Labhrann cuid de na himreoirí faoi mhodhanna traenála Sheáin sna blianta sin. Deir cuid acu go gcuireadh sé an-bhrú orthu sa traenáil fhisiceach agus go gcumadh sé triallacha éagsula de réir mar a bhí sé ag dul ar aghaidh. Chuireadh sé iad ag rith suas agus anuas ar na dumhcha cois trá agus ansin isteach san fharraige fhuar, fheanntach. Ach dheineadh sé féin an traenáil in éineacht leo agus bhí meas acu air dá bharr sin. Ach, agus aon chluiche dhéag imeartha faoina réimeas bhí deich gcinn buaite - b’in athrú mór eile ar chúrsaí peile i gcontae na Mí ag tús na n-ochtóidí.

Geit as Baile Átha Cliath

An chéad chorn a bhuaigh Contae na Mí faoi stiúir Sheán Boylan ná Corn Uí Bhroin, comórtas a imrítear go luath gach bliain i measc chontaetha Chúige Laighean. Tharla sin i 1983 agus sa chraobhchomórtas an bhliain sin bhain an Mhí geit cheart as Áth Cliath nuair a bhí comhscór eatarthu. D’éirigh le hÁth Cliath an lámh in uachtar a fháil sa chluiche athimeartha agus Craobh na hÉireann a bhuachaint ina dhiaidh sin, ach bhí mothú láidir i measc imreoirí na Mí nárbh fhada go mbeadh an lámh in uachtar acu féin ar na Dubs.

Ach níor tharla sin chomh tapa agus a cheap siad mar an bhliain dár gcionn bhuaigh Áth Cliath arís. Ach ba é an choimhlint le hÁth Cliath an choimhlint ba ghéire agus ba thábhachtaí sna blianta go léir suas go dtí 2002. Deir níos mó ná duine amháin d’imreoirí na Mí go raibh sé níos tábhachtaí dóibh an bua a fháil ar Áth Cliath ná Craobh na hÉireann a bhuachaint! Agus d’éirigh leo an bua sin a fháil ar deireadh i 1986.

Ach roimhe sin, i 1984, eagraíodh comórtais speisialta iomána agus peile mar chuid de cheiliúradh bliain an chéid ag an gCumann Lúthchleas Gael agus chuir Seán Boylan roimhe an comórtas peile agus Corn an Chéid a bhuachaint, rud a rinne. Bhain an fhoireann an-sásamh as an mbua sin ach i gcraobhchomórtas Laighean bhuaigh Áth Cliath arís orthu. Níos measa fós, i 1985, chaill an Mhí i gcoinne Laoise. Ag an bpointe sin bhí daoine ag iarraidh fáil réidh le Seán Boylan ach sheas na himreoirí leis, go mórmhór na himreoirí ba shine ar nós Colm O’Rourke agus Liam Hayes. D’impigh siadsan ar Bhord an Chontae é a fhagáil ina phost.

Ar deireadh, i 1986, d’éirigh le foireann na Mí an bua a fháil ar Áth Cliath agus Craobh Laighean a bhuachaint. D’athraigh an bua sin a lán ó thaobh fhoireann na Mí de. Den chéad uair le fada chreid foireann as an Mhí go raibh siad chomh maith le foireann ar bith eile sa tír agus, cé gur bhuaigh Ciarraí orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann ina dhiaidh sin, bhí a lán acu cinnte go dtiocfadh a lá féin go luath. Agus tháinig, mar i 1987 bhuadar ar Chontae Chorcaí i gcluiche ceannais na hÉireann agus a bhuíochas sin cuid mhaith do Sheán Boylan. Rinne siad an t-éacht céanna arís i 1988 i gcoinne Chorcaí sa chraobh agus ní raibh ach an chorrbhliain ó shin nuair nach raibh foireann na Mí ag buachaint Chraobh Laighean nó Chraobh na Sraithe Náisiúnta nó ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann.

I 1986 bhain foireann na Mí an stáitse mór amach agus níor fhág siad é ó shin.

Tugann an leabhar an-chuntas agus cur síos ó na himreoirí ar na blianta ó 1983 i leith agus insíonn gach duine acu faoin bpáirt a bhí aige féin sna cluichí móra go léir a bhain le Contae na Mí. Tá na coimhlintí le hÁth Cliath lárnach don scéal go léir, gach duine agus a scéal féin aige faoi sin. Na ceithre cluichí i gcoinne Átha Cliath i 1991 agus na huaireanta a chaill siad i gcoinne Átha Cliath, tá sé an-spéisiuil dearcadh agus tuairimí na n-imreoirí a bhí páirteach a léamh anois.

Díomá na n-imreoirí

Labhrann na himreoirí go hoscailte faoi nithe éagsúla. Ceann de na gnéithe ar chuir mé féin suim ann ná an méid a bhí le rá ag imreoirí a chaill a n-áit ar an bhfoireann agus ar an bpainéal sna blianta sin. Is léir ón méid a deir siad go raibh an-díomá orthu nuair a ligeadh chun bealaigh iad, go speisialta nuair nár chuir Seán Boylan in iúl dóibh go pearsanta go raibh sé le tarlú agus nár thug sé aon mhíniú dóibh. Ghoill sé sin ar chuid acu. Tá an cuntas ag Liam Hayes faoin gcaoi inar éirigh seisean as imirt ar son na Mí cineál truamhéalach agus beagáinín ait freisin. Is cosúil nach raibh aon scrupall ar Sheán Boylan nuair a bhí cinneadh le déanamh faoi imreoir a choinneáil nó a dhíbirt ón bpainéal nó ón bhfoireann.

Duine amháin a ligeadh chun siúil i 1987 ná John McEnroe, fear a bhí tar éis na traenála troime go léir a dhéanamh roimh thús an chraobhchomórtais ach b’éigean dó breathnú ar chluiche ceannais na hÉireann ó Chnoc 16. Dar le John bhí Seán Boylan “ruthless”, ach deir sé go gcaithfeadh sé bheith mar sin!

Is iomaí scéal a insítear agus is iomaí eachtra a ndéantar cur síos air sa leabhar. Ceann amháin ná an uair a d’éirigh Seán as a phost mar bhainisteoir. Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí oíche amháin go raibh sé ag éirí as ach cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé ar ais arís tar éis do chúpla duine de na himreoirí dul chun cainte leis agus a intinn a athrú dhó! Is minic a bhíodh sé ar buile le himreoirí a bhí ag pleidhcíocht ar an bpáirc thraenála (nó ligeadh sé air féin go raibh) agus b’fhéidir go sínfeadh sé an fheadóg chuig an duine a bhí ag clamhsán nó a leithéid agus go ndéarfadh leis dul i gceannas ar an bhfoireann é féin feasta.

Cé go bhfuil an leabhar seo faoi agus tiomnaithe do Sheán Boylan is féidir a rá go bhfuil oiread céanna bainte ag an leabhar leis na himreoirí go léir a labhrann ann agus na cluichí móra a d’imir siad, agus na foirne éagsúla a chuir Seán Boylan chun páirce. Ar bhealach, is scéal fhoirne na Mí é ó 1982 i leith agus Seán Boylan mar shnáth atá fite fuaite tríd an scéal sin ó thús deireadh, an t-aon phearsa a bhí ann go leanúnach sna blianta sin go léir.

Tá mórán le rá ag imreoirí na Mí faoi chúrsaí peile ach ar bhealach is beag atá le rá acu faoi Sheán Boylan, an duine. Aontaíonn siad ar fad gur duine uasal é; gur cainteoir maith é; gur spreag sé iad; gur chuir sé iad ag traenáil go dian, gan trócaire; go ndeir agus go ndéanann sé rudaí aisteacha; go n-ullmhaíonn sé iad ar fheabhas le haghaidh cluichí móra sa chaoi is nach ngéilleann siad go deireadh an chluiche; go gcuidíonn sé leo ar bhealaí éagsúla ina saol pearsanta; gur féidir labhairt leis agus nithe a phlé leis; go mbíonn a theach i gcónaí ar oscailt dóibh; go gcailleann sé guaim air féin uaireanta; go dtugann sé deochanna gránna dóibh le n-ól uaireanta; agus go ndéanfadh rud ar bith ar son fhoireann na Mí. I bhfocail eile, duine daonna, ach duine ar leith. Ní beag sin!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.