Léirigh Rialtas na hAstráile an mhí seo caite go bhfuil síad tugtha do na bréaga, dar le Dáithí Ó Colchúin, agus lucht iarrtha tearmainn Curdacha á ruaigeadh acu as an tír.
Thug Rialtas na hAstráile léiriú eile le deireanaí - cé nach raibh aon ghá leis - ar an meas atá acu ar lucht iarrtha tearmainn, ar chonarthaí idirnáisiúnta agus ar thuairimí an phobail idirnáisiúnta.
Tháinig bád i dtír ar Oileán Melville in aice le Darwin ag tús mhí na Samhna agus ceithre Churdach déag air, agus d’iarr siad go dtabharfaí dídean dóibh san Astráil. Ach níorbh é fáilte Uí Cheallaigh a cuireadh rompu ach a mhalairt. Tugadh bata is bóthar dóibh. Thóg cabhlach na hAstráile an bád, an Minasa Bone, amach in uiscí idirnáisiúnta in ainneoin na drochbhaile a bhí uirthi, agus cuireadh i dtír ar cheann d’oileáin na hIndinéise í.
Chomh maith leis sin, cuireadh reachtaíocht aisbhreathnaitheach i bhfeidhm a bhain Oileán Melville agus tuairim is 4,000 oileán eile i dtuaisceart na tíre as an “gcrios inimirce”. Is é an toradh a bhí air sin ná nach féidir le dream ar bith dídean a lorg de réir dhlí na tíre má thagann siad i dtír ar cheann de na hoileáin sin. Rinneadh an cleas céanna dhá bhliain ó shin ar Oileán na Nollag agus Oileán Cocos-Keeling san Aigéan Indiach.
Rinne dreamanna éagsúla cáineadh géar ar an Rialtas faoin scéal is deireanaí seo - an freasúra, na Náisiúin Aontaithe, an Indinéis agus eagraíochtaí cearta daonna. Níor chuir sé sin isteach beag ná mór ar an Rialtas. Níor chuir sé as dóibh ach an oiread gur dhúirt na Náisiúin Aontaithe go raibh neamhshuim déanta acu dá gcuid dualgas faoi Chúnant 1951 faoi theifigh, ná gur chuir an réiteach olc ar an Indinéis a dúirt gur caitheadh leo mar bheadh ionad dumpála do “bhruscar daonna”.
Dúirt an Rialtas i dtosach nach raibh na Curdaigh ag lorg dídine san Astráil ach ba bhréag é sin. Go gairid tar éis don reachtaíocht nua a bheith curtha i bhfeidhm, chuir an freasúra an reachtaíocht ar ceal sa Seanad. Dúirt an Rialtas nach ndearna sé sin aon difríocht - go raibh éifeacht léi nuair a díbríodh na teifigh. Bhí amhras freisin go bhféadfaí reachtaíocht aisbhreathnaitheach den saghas seo a chur i bhfeidhm.
Ba chuma leis an Rialtas. Bhí a fhios acu go maith go mbeadh lucht an chiníochais sa tír breá sásta leis an “réiteach” a bhí acu ar an scéal, agus go mbeadh leas le baint as pé uair a mbeadh an chéad toghchán eile ann, mar a rinneadar i 2001.
Ní scéal nua é an Rialtas a bheith ag bréagadóireacht faoi na cúrsaí seo ach an oiread. In 2001 dúirt siad go raibh lucht iarrthas tearmainn ar bhád amháin ag caitheamh a gcuid páistí isteach sa bhfarraige. Ba bhréag é sin freisin ach ní raibh leisce ar bith ar an Rialtas tairbhe a bhaint as aimsir an toghcháin. Is cinnte nach bheidh mórán fáilte rompu siúd a bheas ag lorg tearmainn teacht chun na hAstráile go dtí go mbeidh deireadh leis an Rialtas atá i réim faoi láthair.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.