Féachann Ciara Nic Gabhann ar an ealaín mar uirlis chun agóid a dhéanamh i gcoinne cogaí.
“Ní gá dúinn a bheith inár dtomhaltóirí - is féidir linn ár nglór a chur i bhfeidhm trí chumhacht an spioraid chruthaithigh .... Tarchéimníonn daoine nithe dofhulaingthe agus cuireann siad tús le rud úr … Ní daoine éagumasacha muid … Is uirlis chumhachtach iad na healaíona a thacaíonn leis an sracadh le maireachtáil agus chun fuascailt a bhaint amach.” An tArdeaspag Desmond Tutu Ní rud nua é na healaíona a bheith á n-úsáid mar uirlis agóide. Ní hamháin gur modh atá iontu chun ráiteas láidir a dhéanamh ach oibríonn siad mar chineál baraiméadair fosta, ag léiriú choinsias an phobail.
Tugann meán na healaíne fianaise ar eachtraí a tharlaíonn nár chóir dúinn dearmad a dhéanamh orthu. Rinne Käthe Kallwitz agus Francisco Goya, mar shampla, cur síos a bhí macánta agus brúidiúil ar an éagóir shóisialta a bhí le feiceáil thart timpeall orthu. Thuig *Los Tres Grandes *- Diego Rivera, Jose Orozo agus David Alfaro Siquenos - an chumhacht a bhí acu trí mheán na healaíne ráitis pholaitiúla agus shóisialta a dhéanamh i Meicsiceo sna fichidí agus sna tríochaidí. Spreag cúrsaí sóisialta agus polaitiúla gluaiseachtaí iomlána ealaíne ar nós na *Dadists *agus na Mothúchánachaithe Gearmánacha.
Fógraíonn graffiti, T-léinte le manaí, bratacha, péintéireacht, múracha agus dealbhóireacht go bhfuil rud éigin daingean ionainn mar dhaoine a dhiúltaíonn do chaimiléireacht agus a chinntíonn go bhfuil an spiorad daonna beo. Deir sé amach go soiléir gur daoine muid le coinsias atá ag súil le rudaí níos fearr ar an domhan seo.
Íorónta go leor, rinneadh iarracht taipéis a léirigh macasamhail “Guernica”, saothar cumhachtach Pablo Picasso, a chur i bhfolach in oifigí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar na mallaibh nuair a bhí toscaire an Tí Bháin, Colin Powell, ag déanamh cur síos ar na cúiseanna a bhí ag na Stáit Aontaithe dul chun cogaidh leis an Iaráic.
Léiríonn an saothar seo íomhánna céasta, iad casta agus ag lúbarnaíl. Rinneadh é chun déistin agus fearg a chur in iúl i ndiaidh do na Gearmánaigh ionsaí fíochmhar buamála a dhéanamh ar an bhaile Bascach, Guernica, ar an 27 Aibreán 1937. Chuir Hitler na buamadóirí isteach chun tacaíocht a thabhairt do na faisistigh le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.
Dúirt urlabhraí ó na Náisiúin Aontaithe gur chun spás a dhéanamh do lucht na meán cumarsáide a rinneadh an taipéis a chlúdach, nach raibh cinsireacht i gceist.
Spreag an eachtra, áfach, chuid mhór agóidí i Nua-Eabhrach. Cuireadh cóipeanna den phictiúr in airde le linn na n-agóidí seo chun míshasamh agus fearg an phobail a thaispeáint.
Tháinig ealaíontóirí le chéile i ngailearaithe i bpríomhchathracha ar fud an domhain sular thosaigh an cogadh leis an Iaráic chun “Draw-Ins” a bheith acu. Le linn na n-agóidí síochánta seo, tharraing siad pictiúirí d’ealaín ársa na Measpatáime (An Iaráic sa lá atá inniu ann) chun ómós a léiriú do mhuintir na Iaráice.
I nDoire Cholm Cille i dTuaisceart Éireann tá grúpa darb ainm The Bogside Artists ag obair ar mhúracha a dhéanann cur síos ar eachtraí a tharla i stair na cathrach. Tá sé ráite acu ina bhforógra gurb é ról an ealaíontóra luachanna a choinneáil beo atá bunúsach agus daonna, agus nach mór seasamh in aghaidh na bhfórsaí a dhéanann iarracht ár n-ionracas a cheistiú.
“What is the source of our first suffering?” a d’fhiafraigh Seamus Heaney nuair a dhiúltaigh sé a bheith mar chuid de dhuanaire filíochta de chuid na Breataine. “It lies in the fact that we hesitated to speak ... It was born in the moment when we accumulated silent things within us.”
Is uirlis chumhachtach agóide í an ealaín a labhraíonn faoi dhaoine nach bhfuil sásta fanacht ina dtost.
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.