An t-ealaíontóir gur mhór aici an damhan alla agus gur mhór a cuid damhan alla, Louise Bourgeois, fuair sí bás ar na mallaibh. Chuir Ciara Nic Gabhann an t-alt mar chuimhne ar a carn.
‘Domsa, is í an dealbhóireacht mo cholainn agus is í mo cholainn an dealbhóireacht.’
Fuair an t-ealaíontóir, Louise Bourgeois, bás le taom croí ar na mallaibh. Bhí sí 98 bliana d’aois agus bhí sí ag obair ar fad suas go dtí an tseachtain a bhfuair sí bás.
Tá Bourgeois aitheanta mar dhuine den scaifte ealaíontóirí nua-aimseartha is tábhachtaí ar domhan, an dream a spreag agus a chuaigh i bhfeidhm ar go leor ealaíontóirí eile a tháinig ina ndiaidh. Bean neamhphostúil a bhí inti nach bhfuair aitheantas ceart go dtí gur bhain sí clú idirnáisiúnta amach agus í ag tarraingt ar a 70ú breithlá. Bhíodh a cuid oibre go minic dírbheathaiséisiúil, ag dearcadh siar ar a saol luath, go háirithe an caidreamh a bhí aici lena máthair, a hathair agus le rúnsearc a hathar, Sadie Gordon. Bhain téamaí áirithe lena saothar ar nós tóir ar chosaint agus ar chothú i ndomhan scanrúil.
“Tá cuspóirí ar leith ag mo chuid oibre; a bheith ag coimhlint in aghaidh taomanna imeagla de réir mar a thagann siad orm. Cuidíonn sé liom na taomanna sin a thuigbheáil agus glacadh leo.”
Bhunaigh sí go leor dá saothar ar an chorp nó ar an tsamhail a bhí aici den chorp. Chruthaigh sí íomhá di féin i staidéar colainne amháin a rinne sí, mar shampla, ina raibh múnlú anchumtha déanta aici le cuid mhór oscailtí béil agus cruthanna cíche. Dúirt sí gur mar sin a mhothaigh sí fúithi féin, ata agus borrtha. Shil sí chomh maith leis sin, gur mhothaigh mná eile mar sin fosta, iad siúd fiú amháin a léann irisí faiseanta ar nós Vogue nó Harpers Bazaar. D’admhaigh sí go raibh bonn faoistine lena saothar a tháinig, den chuid is mó, óna hóige agus í ag fás aníos sa Fhrainc.
Taipéis an tSaoil
Rugadh i bPáras í, Lá Nollag 1911, do theaghlach meánaicmeach a dhéanadh athchóiriú ar thaipéisí ón mheánaois agus ón Athbheochan. In ainneoin nach raibh bua speisialta aici ó thaobh na líníochta de, bhí sí an-tugtha don líníocht mar chailín óg agus thosaigh sí ag tarraingt teimpléad do thaipéisí. D’éirigh go maith léi agus dúírt sí gur ansin a thosaigh a cuid ealaíne féin ag forbairt, ag cuidiú i saotharlann a tuismitheoirí.
Bhí caidreamh casta aici lena hathair agus cé go raibh meas aigesean ar mheanma agus ar bhua a iníne, bhí an ghráin aici siúd ar a nádúr teasaí tiarnasach magúil agus ar an dóigh a mbíodh sé i gcónaí ag cothú caidrimh le mná eile taobh thiar de dhroim a máthar, Joséphine. Bhí fuath ghránach aici ar Sadie Gordon go speisialta, a bhí fostaithe ag an athair le Béarla a mhúineadh dá pháistí. Scaoil sí a racht amach i saothair éagsúla a rinne sí le linn a saoil ar nós an phíosa, Scrios an Athar (1974), inar chruthaigh sí saothar mílítheach bunaithe ar bhaill choirp stróicthe óna chéile. Níor mhair an naimhdeas seo go deo, áfach, agus nuair a fuair a hathair bás 1951, mhothaigh sí an chaill go mór.
Thosaigh sí ag déanamh staidéir ar áireamh ag an Sorbonne, ach nuair a fuair a máthair bás 1932, chas sí ar an ealaín, cinneadh a ghoill go mór ar a hathair, a chreid gur dhream gan fiúntas iad an lucht ealaíne. Lorg sí comhairle ag an am seo ón phéintéir teibí, Fernand Léger, a dúirt léi go daingean, agus a cuid líníochta feicthe aige, gur dealbhóir a bhí inti. Bhuail sí ina dhiaidh sin leis an stairí ealaíne, Robert Goldwater, Meiricéanach, agus í ina hiarchéimí ealaíne agus siopa priontaí a reáchtáil aici. Dúirt Bourgeois gur pósadh iad ‘idir babhtaí dianchomhrá ar an osréalaíochas agus cúrsaí na huaire i saol na healaíne’ agus bhog siad go dtí na Stáit Aontaithe i 1938, áit ar chaith sí an chuid eile dá saol.
A Bealach Sainiúil Féin
Thosaigh sí ag obair go tréan ar a cuid ealaíne ansin, ach in ainneoin gur éirigh go maith leis na taispéantais s’ aici sna daicheadaí agus na caogaoidí, ní raibh sí ábalta dul i ngleic leis na Abstract Expressionists – Jackson Pollock, Willem de Koonig agus Mark Rothko, a bhí go mór i bhfaisean ag an am. Chreid sí go raibh claonadh ‘macho’ ina gcuid oibre siúd agus lean sí a bóthar féin go dtí go bhfaca an léirmheastóir, Lucy Lippard, a cuid oibre i 1966 agus bhain úire agus éagoitinne a saothair geit aisti.
Bhí ceannródaíocht ag baint leis na meáin a roghnaigh Bourgeois lena saothar a chruthú agus d’úsáid sí cloch, adhmad, miotal agus éadach le píosaí a dhéanamh a bhí idir corraitheach, anghrách, céadfaíoch agus drochthuarach. Thosaigh sí ag úsáíd an damhán alla mar mheafar go mall sna 90aidí agus nuair a d’oscail an Tate Modern i Londain i 2000, ba é damhán alla cré umha s’ aici, a bhí 35 troigh ar airde, a líon an Turbine Hall ansin. Thug sí Maman ar an dealbh seo agus chruthaigh sí a thuilleadh a bhí cosúil leis don Rockerfeller Plaza i Nua-Eabhrac, an Guggenheim i mBilbao agus i Havana, Seoul agus Cathair Pheadair na Rúise.
Tugadh Maman ar na damháin alla seo mar ghníomh urraime dá máthair, Joséphine, bean a bhí foighneach, airgtheach agus fuinniúil. “Ba í an cara ab fhearr agam í agus ar nós an damháin alla, fíodóir a bhí inti. Tá an damhán alla cúntach agus cosantach, díreach cosúil le mo mháthair.”