Tá mearbhall ar Bhalor: cén fáth a bhfuil an oiread sin long ag dul go toin poill i láthair na huaire? Caitheann sé a shúil ghéarchúiseach nimhe ar an fheiniméan seo.
Balor bocht! Tá mearbhall air le mí anuas agus an oiread sin long ag dul go tóin poill. Bhí an L.É. Asgard II ag treabhadh na dtonn go tréan, de bharr na gcnoc is in imigéin, amach ó chósta na Fraince, nuair a thosaigh an t-uisce ag teacht isteach go fras. Ní fios cén fáth ar thosaigh an t-uisce ag teacht isteach, nó ní fios ar bhuail an long carraig, nó cloch, nó buidéal fíona, nó fomhuireán nó ollphéist a bhí ar a theitheadh ó Chom Seangán, ach ní rófhada a d’fhan an long ar snámh. Ar a laghad d’éalaigh gach aon duine a bhí ar bord lena n-anam.
Ní thiocfadh linn an rud céanna a rá faoin dara long a bádh ar na mallaibh, mar atá an L.É. Páirtí Daonlathach. Ba mhinic an cheist ar bharr a theanga ag Balor, ach bhí eagla air an cheist a chur nuair a bhí an long áirithe sin fós ar barr uisce: nach raibh páirtí ar bith eile in Éirinn daonlathach? Nó an é go raibh an páirtí sin ní ba dhaonlathaí ná páirtí ar bith eile? Ní cóir a bheith ag magadh fúthu siúd ar leag Dia na bPáirtithe Polaitíochta lámh orthu, nó is é Dia na bPáirtithe Polaitíochta an t-aon neach a bhí sásta lámh a chur in aice leo le tamall anuas. Bíodh sin mar atá ní raibh lámh chuidithe ar bith ar fáil nuair a bhain maithe agus móruaisle an pháirtí, agus Ciarán Ó Loose Cannon agus Christmas Ó Grialais agus Máire Ní Ha Ha hÁirne, an pluga an mhí seo a chuaigh thart. Cúpla slat amach ó chósta Fhianna Fáil a bhí an long nuair a chuaigh sé go tóin poill. Is iomaí grua thirim a bheas ina diaidh.Liospóin
Cuid de na fáthanna ar shocraigh muintir na hÉireann gan L.É. Liospóin a tharrtháil
Long eile a bádh ar na mallaibh ab ea an L.É. Liospóin II, long álainn, aclaí, aerach, aigeanta, a déarfadh daoine áirithe, ach déarfadh daoine eile nach raibh ann ach báidín bídeach, beosach, bóidheach. Ní miste an cheist a chur: cad tuige go ndeachaigh sé go tóin poill sula raibh fiú an dara turas curtha di? Chuaigh Balor an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil amach ar shráideanna agus ar bhóithre agus ar chabhsaí na hÉireann le fáil amach cén fáth nach raibh an L.É. Liospóin le tarrtháil. Fuair sé roinnt de na freagraí i bhfoirm fáthscéil: mar a bheadh daoine ag vótáil Tá nó Níl i reifreann. Is é a dúirt roinnt de na daoine a d’fhreagair an cheist nár thuig siad an cheist ar chor ar bith. Dúirt go leor eile nach raibh siad cinnte an raibh Liospóin i gContae Aontroma nó i gContae an Dúin. Ach dúirt an mhórchuid acu siúd a chuaigh glan in éadan Liospóin II gur bhain an cheist leis an Eoraip agus nár thaitin Real Madrid leo, ná Benfica, ná Bayern Munich. Dúirt fear amháin gur thug sé airgead ar iasacht do dhuine ón Pholainn deich mbliana ó shin agus nach bhfaca sé rian de ó shin. Dúirt bean amháin gur bhain German Shepherd greim aisti nuair a bhí sí óg. Dúirt fear eile nár thaitin Swiss rolls leis, ná Venetian blinds ach oiread. Ba léir nach raibh an long le sábháil agus shleamhnaigh sí faoi na tonnta go mall maorga, an dá chrann tógála i bhfoirm V mór ag fanacht ar feadh cúpla bomaite os cionn uisce nuair a bhí an chuid eile den long faoin fharraige, mar a bheadh sí ag sá dhá mhéar i dtreo na hÉireann.
Ceann de na longa eile a chuaigh faoi loch an mhí seo a chuaigh thart ná an L.É Leo Varadkar. Ainmníodh an long seo in onóir an teachta de chuid Fhine Gael a bhí ag moladh luach sé mhí d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh a thabhairt d’imircigh nach raibh jabanna acu, ionas go rachaidís abhaile go sona sásta chuig na tíortha ar tháinig siad astu an chéad lá riamh. Tá a fhios ag an saol mór an chúis gur shleamhnaigh an Leo Varadkar faoi na tonnta: ba é an meáchan páipéir a bhí ar bord; tonna i ndiaidh tonna d’iarratais, ag impí ar Fhine Gael imeacht leo agus ag gealladh airgid dóibh dá n-imeodh. Níor dheas an radharc é; an long mhór seoil nach raibh easpa gaoithe riamh uirthi ag dul as radharc faoin uisce, agus
dromchla na farraige dá chlúdach ag achainíocha, iad scríofa go néata i dteangacha éagsúla.
Grinneall na maraChuaigh cúpla long as Cúige Mumhan go grinneall na mara an mhí seo a chuaigh thart, ceann acu ó na Déise agus an ceann eile ón Ríocht. Cé go rabhthas ag súil nach mairfeadh long na nDéise i ndiaidh na stoirme a tháinig chuici aduaidh as Cill Chainnigh, ní rabhthas ag súil lena réabadh as a chéile ar fad, mar a tharla. Táthar ag súil le long eile a bheith réidh in am don bhliain seo chugainn, ach iad siúd a thuigeann cúrsaí, tá siad ag cur na ceiste crua: an fiú an dua? Thall sa Ríocht táthar ag bailiú píosaí den smionagar cheana féin, agus is gairid go mbeidh an long sin réidh chun farraige arís. Nach mór an trua!
Ach is é an longbhriseadh is truamhéalaí ar fad a tharla le mí anuas ná críoch an L.É. Caoimhe Ní Lion. Bhí Caoimhe Beo! léi, í ag pramsáil thart ó chalafort go chéile, ó Club Med sna Bahamas go club oíche i Leitir Calaidh, gan cúram dá laghad uirthi agus gan trócaire dá laghad aici do na hiriseoirí bochta a bhí ag sclábhaíocht ar a son chun an long áirithe sin a choinneáil ag gabháil. Bhí go maith is ní raibh go holc agus tháinig lá an tsásaimh, lá an díoltais, lá agartha don eagarthóir, nuair a scríobh Balor an Tuairisceoir Tuisceanach Tallannach an píosa sin a bhain na putóga aisti. Níl sí chomh fraochta, fiata, fiánta anois, an bhfuil? Í féin agus a Gaelspell! Í féin agus a cuid gramadaí agus a cuid poncaíochta! Í féin agus a “spriocdháta is ea spriocdháta is ea spriocdháta!” Í féin agus a pramsáil thart! Phléasc muid an long áirithe sin as an uisce. Tá an Lion ar tóin na farraige agus ní bheidh sí ag cur isteach ná amach ar Bhalor ná ar a chomrádaithe arís níos mó. Céad slán leat, a Chaoimhe! Póga agus croí isteach ó Bhalor.