CÚINNE NA nEALAÍON
Liosta na laochra
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Chuir Colm Ó Snodaigh liosta le chéile le gairid de na halbaim is mó a thaitníonn leis. Míníonn sé anseo cén fáth a bhfuil sé tógtha leo.

Íomhá
A píobaire Johnny Doran: fiántas ina mhéara
Íomhá
Íomhá
Íomhá
An ceoltóir snagcheoil Pat Metheny

Le gairid thug eagarthóir na hirise Hot Press cuireadh dom liosta a chur le chéile den deich n-albam is ansa liom. Bhí liosta á lorg aige ó cheoltóirí na hÉireann – iarracht a bhí ann an céad albam “is fearr riamh” a liostáil.

Tuigim nach bhfuil sna liostaí seo ach cleas margaíochta nó bealach éasca le spás a líonadh, agus tuigim freisin nach bhfuil a leithéid de rud ann is “An 100 Albam is Fearr Riamh!”. Ach tar éis dom roinnt machnaimh a dhéanamh, thuigeas go bhfillim chuig ceol áirithe arís is arís eile.

Rinne mé mo rogha, mar sin, agus sheolas chuige í. Rinne mé botún ag an am, áfach, agus sheolas aon teideal déag chuige. Seo an liosta iomlán.

The Unforgettable Fire – U2

Fós cloisim an t-amhránaí ag cumadh na liricí; na ceoltóirí ag streachailt leis na cordaí, na fuaimeanna, na struchtúir; na léiritheoirí ag stiúradh na smaointe agus ag fáiltiú rompu.

The Bunch of Keys – Johnny Doran

Jimi Hendrix na bpíob! Fiántas ina mhéara, iad chomh ar mire le tinte móra Oíche Shamhna agus splancanna tintrí. Éist, mar shampla, leis an léasadh a thugann sé don ghnáthfhonn “Rakish Paddy”. Taistealaí ab ea é a sheinn agus é ina sheasamh, agus bata faoina chos, ag ócáidí móra pobail agus a fuair bás ró-óg nuair a thit falla ina mhullach i 1950. Níl a mhacasamhail tagtha go fóill chuig na píobaí.

Live & Dangerous – Thin Lizzy

“Is there any Irish out there?” a fhiafraíonn Phil Lynott ar an gceirnín beo seo roimh an amhrán “Emerald”. “Is there any girls there that would like a little more Irish in them?” Ansin pléascann cuid giotár Brian Robertson agus Scott Gorham go spleodrach. Cheannaigh mé é seo sa Ghearmáin nuair a bhíos trí bliana déag. Thug sé seans dom snas a chur ar mo sheinnt ar an ngiotár aeir agus mé ag éisteacht leis agus ag léim timpeall mo sheomra leapa.

Codona – Don Cherry, Nana Vascanceoles, Collin Walcott

Árasáin ghioblacha, bhrocacha. Oícheanta fada ceoil. Móin. Tinte á n-adhaint. Ceol á chumadh. Ceird á cleachtadh. Agus samplaí mar seo á n-úsáid againn mar shlat tomhais ar áilleacht agus dhraíocht an cheoil. Ceol saor ó ghnáthfhoirm. Ceol a dhruid ó oíche go lá is ó mhaidin go tráthnóna go héasca.

Kind of Blue – Miles Davis

Ceol mall. Ceol diamhair. Ceol domhain. Scoith an cheoil ó cheoltóirí ag barr a maitheasa. Cloisim Nua-Eabhrac ó seo i gcónaí. Trácht. Tacsaithe buí. Jazz. Central Park. Miles Davis agus a stíl ghlé ghlan ghéar ag séideadh go cruinn cinnte. Taifeadta in imeacht dhá thráthnóna. Ceol leisciúil maidin Domhnaigh.

Deora Áille – Máire Áine Ní Dhonnchadha

ornáidíocht Leabhar Cheanannais le cloisteáil i nguth an amhránaí seo. Mo mháthair a cheannaigh an ceirnín agus a mhuscail mo shuim inti. Thuig sí go raibh cumas amhránaíochta agam agus go raibh fonn orm ceol deacair, domhain a fhoghlaim. Móramhráin na tíre ar an albam – “Úna Bhán” agus “Dónal Óg”, mar shampla. Tá sé as cló anois le blianta; cheannaigh mise na cúig chóip dheireanacha ó Cheirníní Cladaigh cúig bliana ó shin, agus scaip iad ar mo chairde.

Moorish Music from Mauritania – Dimi Mint Abba

Eason’s Sráid Uí Chonaill. Tower Records, thuas staighre. Saidhbhín ag obair ann. Amhránaíocht thuaisceart na hAfraice uaim. Shiortaíomar an rannóg. Thángamar ar an tseoid seo. *Blues *malla fhásach na hAfraice.

Five Leaves Left – Nick Drake

Boige Shasana. Anam Shasana. Leochaileacht Shasana. Amhráin bhoga ó dhuine leochaileach a thuig an iomarca. Fuair an duairceas an ceann is fearr air agus chuir sé lámh ina bhás féin nuair a bhí sé sé bliana is fiche.

Stony Steps – Matt Molloy

Draoi na feadóige móire. Tá sé blianta anois ó taifeadadh an t-albam seo agus fós níor éirigh le héinne dul gar dó. Nuair a shílim go bhfuil caighdeán áirithe sroichte agam, éistim leis seo le srian a choinneáil orm féin.

Le Mystere des Voix Bulgares

Tá sé dochreidte chomh beacht, chomh cinnte, chomh hálainn is atá an t-albam seo. Ceol a chuir a chodladh mé gach oíche ar feadh bliana nó mar sin – gach aon chas scornaí ar eolas de ghlanmheabhair agam. Guthaíocht ghrúpa ghalánta.

Travels – Pat Metheny

Mise fiche a dó. Díreach éalaithe ón gcoláiste. Mé thall i mBonn d’Fhéile Cheoil d’Ógánaigh na hEorpa. Ise fiche a cúig. Ag déanamh iarrachta bheith ag staidéar. Ár gceol borb Gaelach ag tarraingt a hairde ó na leabhair. Sheol sí caiséad chugam dár gceol oíche tar éis dom filleadh abhaile – tá an caiséad fós agam agus an ceol fós greanta i m’aigne.

Foilsíodh liosta *Hot Press *agus is beag de mo rogha a bhí ann. Ach, is beag den rogha a bhí acu nár thaitin liom. Conas a d’éirigh liom na Beatles, Pink Floyd, AC/DC nó fiú na Sex Pistols a fhágáil ar lár? Liosta lae eile, is dócha.

Tá liosta Hot Press ar fáil ag an seoladh thíos agus cuireadh tugtha do léitheoirí vótáil do liosta mar é do léitheoirí amháin:

www.hotpress.com/vote/top100albums/top100list.adp

Is as Dumhach Thrá i mBaile Átha Cliath é Colm Ó Snodaigh. Seinneann sé agus canann sé leis an ngrúpa Kíla (www.kila.ie) agus is údar é chomh maith.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.