Cuireadh an-fháilte roimh Liz Curtis nuair a tug sí cuairt ar oileán beag amach ó chósta na hAlban roinnt míonna ó shin.
Ag deireadh mhí Lúnasa, thug mé cuairt ar oileán álainn suaimhneach darb ainm Lios Mòr, ar chósta thiar na hAlban. Tá sé suite ag an bhealach isteach go Linne Sheileach, cóngarach do bhaile an Òbain ar an mhórthír.
Bhí mé ag déanamh an turais chéanna is a rinne naomh ón 6ú haois darbh ainm Moluag, a bhunaigh mainistir ar an oileán. Ansin bhunaigh sé séipéil eile ar na h-Eileanan Siar agus ar an mhórthír. Bhí clú agus cáil go forleathan air. Chuir Aengus Céilí Dé, naomh Éireannach ón 8ú haois, síos air mar seo:
Lam Luoc glan geldai
Grian Lissmoir di Alba
[Moluag the clear and brilliant /
The sun of Lismore in Alba]
Tá roinnt mhaith scéalta faoi Mholuag. Deirtear gurbh as Éirinn é, agus go bhfuair sé a chuid oideachais i mainistir Bheannchair i gCúige Uladh. Deirtear gur sheol sé go Lios Mòr ar charraig, agus gur tháinig sé i dtír ag bá a dtugtar Port Mo-Luáig air go fóill. De réir scéil eile, bhí rás ann idir Moluag agus Naomh Colm Cille leis an oileán a shroicheadh. Scoith Moluag méar de féin agus chaith sé go Lios Mòr í, agus mar sin fuair sé seilbh as an oileán.
Deirtear freisin gur thug Moluag an t-ainm Lios Mòr ar an oileán, a raibh Tir a’ Phùir air roimhe sin. Is ainm Briotanach é sin a chiallaíonn "tír fhéaraigh" agus tá caoirigh agus ba ar fud an oileáin go fóill. Tugtar dhá mhíniú ar "Lios Mòr" – “gairdín mór" agus "imfhálú mór". Ag tagairt don mhainistir a bheadh "imfhálú mór".
Chuir mé mo rothar beag infhillte sa ghluaisteán, agus d’imigh mé liom go Port Apuinn, áit as a dtéann bád beag farantóireachta anonn is anall an lá ar fad.
Turas gairid aoibhinn a bhí ann, na sléibhte thart ar an loch agus scáth na néalta ag corraí tharstu, agus oileáin charraigeacha ghlasa scaipthe anseo is ansiúd sa sáile gorm.
Is oileán iontach é Lios Mòr don rothaíocht, mar níl mórán tráchta ann. Tá sé thart fá dheich míle ar fad agus míle go leith ar leithead. Tá bóthar cúng ag dul ó bhun go barr, agus níl ach cnoic ísle ann.
Siopa agus oifig an phoist
Tá an t-oileán iontach ciúin – níl ach thart fá 180 duine ina gcónaí air. Tá siopa amháin ann, ar oifig an phoist é chomh maith. Níl caife ann ná teach tábhairne, cé go bhfuil ionad oidhreachta á thógáil agus tá sé beartaithe bia a chur ar fáil ansin. Níl ach dhá lóistín leaba agus bricfeasta ann, agus cuireann siad dinnéar ar fáil freisin. Stop mé féin i gceann acu, The Old Schoolhouse.
Bhí bean an tí, Maureen Crossan, an-deas ar fad. Tá sí an-chineálta cuidiúil agus cuireann sí bia blasta ar fáil. Dúirt sí liom: "Is as Glaschú mé. Tháinig muid anseo leis na páistí ar saoire gach bliain, ansin chuir muid fúinn san áit. Is breá liom an t-oileán, mar mothaím go bhfuil spioradáltacht ann. Is aoibhinn liom dath glas lonrach na bpáirceanna. Cruthaíonn an aolchloch atá thíos faoin talamh an dath sin."
Mar a scríobh roinnt mhaith daoine i leabhar cuairteoirí Maureen, bíonn muintir an oileáin uilig an-chairdiúil fáilteach. Mhothaigh mé go raibh daonnacht ina gcroí. Dúirt fear an tsiopa: "An dearcadh atá acu ná go bhfuil na cuairteoirí chomh deas leo féin, go dtí go léiríonn siad a mhalairt."
Ar maidin, chuaigh mé amach le háiteanna ársa a fheiceáil. Mar a deirtear ansin, is féidir ceithre mhíle bliain a chlúdach taobh istigh de chúpla míle.
Ar dtús, chuaigh mé go dtí an broch, nó caisleán cruinn a thóg na Piochtaí. Níl ach bun an bhalla mhóir le feiceáil go fóill agus cuid den phasáiste atá taobh istigh den bhalla. Tá an broch ar chnoc carraigeach in aice leis an loch, agus radharc iontach as.
Ansin chuaigh mé ar ais go dtí an príomhbhóthar agus d’imigh mé ó dheas. Ar thaobh an bhóthair, tá cnoc beag bídeach ann agus comhartha in aice leis ar a ndeirtear "Cathair Moluag". Deirtear go suíodh an naomh anseo le machnamh a dhéanamh.
Giota beag níos faide ar shiúl, tá cnoc féarach le feiceáil agus cruth mar a bheadh triantán géar air. Is carn a tógadh sa Chré-Umhaois é. Tugtar Cnoc Aingeil air, a chiallaíonn "cnoc tine". Tá radharc leathan dochreidte ón bharr, trasna bharr an oileáin go dtí na sléibhte.
Cóngarach don charn, tá teach darb ainm Bachuil, ina gcoinnítear bachall Naomh Moluag. Is féidir leat é a fheiceáil má dhéanann tú socrú roimh ré.
Ansin tagann tú chomh fada le heaglais bheag bhán a bhfuil stair fhada aici. Bhí mainistir Mholuag ar an suíomh seo. Sna meánaoiseanna, bhí Easpag Earra-Ghàidheail lonnaithe anseo agus tógadh ardeaglais ag an am. I ndiaidh an Reifirméisin, thit an foirgneamh as a chéile.
Ansin ón 18ú haois ar aghaidh, baineadh úsáid as córlann na hardeaglaise mar eaglais an pharóiste. Atógadh an chórlann, ach fuarthas réidh leis an chorp. Anois, tá an taobh istigh den eaglais an-tarraingteach agus píosaí cloiche de chuid na córlainne –an piscina agus an sedilia ina measc – mar chuid de na ballaí.
An duine is clúití a d’oibrigh anseo ná Seumas Mac Griogair, Déan Lios Mòr, a chuir duanaire de sheanfhilíocht na Gaeilge le chéile ag tús an 16ú haois.
Cumann oidhreachta
Chuaigh mé ar aghaidh go dtí an teach ina bhfuil Comann Eachdraidh Lios Mòr lonnaithe. Cumann oidhreachta an-díograiseach atá ann. Tá na blianta fada caite acu ag bailiú stair agus bhéaloideas an oileáin. Anois, tá an t-ionad oidhreachta nua idir lámha acu, atá á thógáil i lár an oileáin.
Labhair mé le Domhnall Mac’Ille Dhuibh, a bhfuil an-eolas aige ar stair an oileáin. Tá an-tóir air, go háirithe mar gur mian leis na mílte duine ar tháinig a sinsir as Lios Mòr níos mó eolais a fháil faoina bhfréamhacha. Deir Domhnall: "Bhí eisimirce ollmhór ann. Sna 1840í, glanadh beagnach 400 duine ó leath ó dheas an oileáin."
Tógadh Domhnall le Gàidhlig na hAlban, ach ní raibh scríobh na teanga aige go dtí le gairid mar nár múineadh ar scoil í agus é óg. Mar sin, d’fhoghlaim sé scríobh na Gàidhlig uaidh féin agus é meánaosta.
Anois tá an-mheas ar an traidisiún Gaelach ar an oileán. Arsa Domhnall: “Tá thart fá 25 cónaitheoir a bhfuil Gàidhlig líofa acu agus tá daoine eile scaipthe thart ar an domhan. Labhraíonn muid Gàidhlig agus muid le chéile."
Tionscadal tábhachtach atá ar bun ar an oileán ná ag bailiú logainmneacha. Deir Domhnall: "Tá beagnach 300 logainm bailithe againn nach raibh cláraithe roimhe sin. Tá siad ar maos in eolas faoinár gcultúr."
Tuilleadh eolais:
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.