CÚRSAÍ SPÓIRT
LIATHRÓIDÍ FADA AGUS GEARRA
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh den bharúil gur mithid foireann tráchtairí a chur chun oibre ar dhea-urlabhraíocht na tráchtaireachta, mar chuideodh a saothar leis an dream óg aníos.

Is minic a chloisfeá trácht le linn chluiche peileiomána ar TG4 ar imreoir a bheith contúirteach nó dainséarach. Cad is brí leis an aidiacht sa chás seo? An é go bhfuil scian síos i stoca an imreora agus go bhfuil baol ann go sáfaidh sé lánchúlaí na foirne eile, nó níos measa ná sin, go sáfaidh sé go feirc an réiteoir bocht os comhair na mílte daoine?

Is minic leis le linn na tráchtaireachta ar chluiche go dtugtar le fios go bhfuil an liathróid féin contúirteach. Más mar sin atá nach gceapfá go bhfaighfí liathróid eile, ceann nach bhfuil ar tí pléascadh i lámha an chúl báire cuir i gcás, nó nuair atá an lán tosaí á chiceáil thar an trasnán. Agus ag caint ar nithe a bheith contúirteach, is cosúil go mbíonn naoscairí anois ar go leor foirne agus is mór an chontúirt iad sin má thugtar cead a gcinn dóibh ar pháirc na himeartha.

D’fhéadfadh naoscaire crosta a bheith fíorchontúirteach dá dtogródh sé an réiteoir a scaoileadh nó níos measa ná sin, an Taoiseach féin agus é suite go soineanta ar Ardán Uí Ógáin lá cluichí ceannais na hÉireann. Ar a laghad ar bith ainmnítear na naoscairí go minic agus is dóigh gur cosaint de shaghas éigin dúinn uilig a fhios a bheith againn cé hiad – Colm Cúipéir, Bearnárd Ó Brógáin, Annraoi Ó Sibhleáin is araile.

An Chos Chlé

Is iomaí cineál liathróide a bhíonn in úsáid fiú amháin le linn an chluiche chéanna. Bíonn cuid acu ard, cuid eile íseal; bíonn siad fada agus gearr, díreach, caol-díreach, leathan, agus is minic a bhriseann siad nuair a dhéanann scata imreoirí iarracht breith orthu. Chuala mé trácht ar liathróid shalach go minic fiú amháin ar laethanta breátha samhraidh gan ruainne puití le feiceáil ar bhuatais ná ar gheansaí imreora ar bith. Is tábhachtaí an tseilbh a fháil ar liathróid shalach ná ar liathróid ghlan ar chúis éigin.

Rud eile a bhíonn ar bun le linn chluichí de réir dealraimhliathróidí a ‘athchúrsáil’. An é go gcuirtear na liathróidí ‘contúirteacha’ i mbosca bruscair ar leith a thugtar go dtí an t-ionad athchúrsála tar éis an chluiche agus go gcuirtear na liathróidí neamhchontúirteacha in áit eile agus go mbaintear feidhm astu arís an chéad lá eile?

Rud eile, chuala mé tráchtaire amháin á rá nár mhór ‘creidmheas’ a thabhairt d’fhoireann a rinne cosaint mhaith nó a leithéid. Má tá creidmheas ag dul d’fhoireann nó d’imreoir nó don réiteoir, céard go díreach a chiallaíonn sé sin? An é go bhfuil cineál liúntais tuillte ag tosaí mar shampla ó na coimisinéirí ioncaim toisc gur imir sé an-mhaith ar fad nó de bharr cúilín breá a aimsiú? B’fhéidir go mb’fhearr moladh mór a thabhairt dóibh – níl impleachtaí cánach ag baint leis sin. B’fhéidir gurb é an duine céanna a dúirt “Tá cos chlé ana-dheas ag…..”. B’fhéidir go raibh an ceart aige ach bhí an t-imreoir céanna ag rith rósciobtha le go bhféadfadh an ceamara a chos a thaispeáint go soiléir.

Bhí imreoir eile, babhta, ‘ag tabhairt aire’ d’imreoir ar an bhfoireann eile, rud a bhí an-deas agus spórtúil shíl mé féin mar go hiondúil is é a mhalairt a bheadh ar bun.

‘B’fhéidir go dtiocfaidh sé timpeall gan rómhoill’ a dúradh uair eile i dtaobh imreora a fuair buille láidir sa chloigeann agus nach raibh cinnte ar feadh tamaill an raibh sé i bPáirc an Chrócaigh nó sa bhaile ar an tolg. Seans go raibh a chloigeann ag dul timpeall ceart go leor le fórsa an bhuille a bhí faighte aige.

Foireann Friotail a Thiomsú

Mar is léir ó na samplaí thuas (tá súil agam), ní hionann brí aon fhocail i gcónaí. Athraíonn brí focail go minic de réir an chomhthéacs ina n-úsáidtear é agus níl sampla níos fearr ná cúrsaí spóirt. Déarfainn go dtuigfeadh formhór lucht féachana TG4 na leaganacha cainte a úsáidtear go coitianta ar an aer, na samplaí thuasluaite san áireamh. An t-aon imní a bheadh orm ná gur aistriúchán díreach, íon ón mBéarla atá in gach sampla díobh sin thuas agus nach bhfuil leaganacha nádúrtha Gaeilge á gcleachtadh sách minic.

Tuigim go bhfuil brú seasta ón mBéarla agus go bhfuil sé deacair gan ghéilleadh anois is arís don nath cainte nó don choincheap a thagann go saoráideach ón mBéarla. B’fhéidir, sula mbíonn sé rómhall, go mba chóir tráchtairí maithe arb í an Ghaeilge a dteanga mháthartha – Seán Bán Breatnach, Mícheál Ó Sé, Antaine Ó Conghaile, Gearóidín Nic an Iomaire, Pádraic Ó Sé gan ach dornán a luadh – a thabhairt le chéile agus iad a chur i mbun foclóra ar leith ina mbeadh focail agus nathanna dúchasacha, oiriúnacha agus a chuideodh le tráchtairí óga an cheird a fhoghlaim. Ar deireadh, cé acu atá ceart: leatham nó leath ama? Leathphingin nó leath pingne, leathphunt nó leath puint, leathdhoras nó leath dorais? Tá mearbhall orm leath an ama ach is ag leatham a bhíonn sos nach ea?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.