CÚINNE NA nEALAÍON
Léirmheas: Mary Coughlan le Cuckoo Savante san Academy, Sráid na Mainistreach, BÁC
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Chuaigh Breandán de Gallaí chuig coirm cheoil le hamhránaí na Gaillimhe, Mary Coughlan a chlos. Bhí sí á tionlacan ag Cuckoo Savante. Tugann sé adhmholadh di, agus do Cuckoo Savante fosta, anseo thíos.

Íomhá
Mary Coughlan
Íomhá
Cuckoo Savante

Tá mé ag leanstan Mary Coughlan (an ceoltóir agus chan Mary Coughlan TD - Tánaiste... ) anois le corradh le fiche bliain, ó thosaigh mé ag glacadh suim i gceol agus mé i mo dhéagóir óg. Ní amháin go gcanann sí amhráin de chuid macasamhail Billie Holiday, Bessie Smith agus Jacques Brel, a bhfuil dúil mhór agam iontu chomh maith, ach tá stór amhrán úr aici de chuid cumadóirí na tíre seo, agus lena chois sin uilig, bíonn léiritheoireacht agus cóiriú den scoth déanta ar na hamhráin.

Bhí sí ag casadh le déanaí san Academy ar Shráid na Mainistreach i mBaile Átha Cliath agus cé nach bhfuil bomaite agam ar na laethanta seo leis an MA atá ar bun agam, chuaigh mé féin agus cara de mo chuid go dtí an cheolchoirm. Téim go minic le hí a fheiceáil, is cuma cá mbíonn sí ag seinm. Ní maith liom a dhul aici ach amháin nuair atá die-hard fan liom. Cuireann sé isteach orm nuair a deir an te atá in éineacht liom nár shíl siad a mhórán di agus mise mé féin ar croith le eofóiria.Tá an Academy iontach mar ionad cheolchoirme, diomaite den fhuacht. (Bhí muid conáilte ag siorradh.) Tá sé leagtha amach mar a deir siad – Cabaret style seating – agus tá an seomra é féin measartha beag. Shíl mé go raibh sé breá cosúil le Vicar St., ach go díreach giota maith ní ba lú. Bhí an beár sa seomra céanna .. sásta .. (ní mar sin atá sé i Vicar St.) agus bhí freastalaí ann .. sásta .. mar sin ní raibh orainn bogadh. (Anois – dá dtiocfadh liom a theacht ar leithreas iniompartha...?) Cionn is go raibh sé chomh beag, bhí sí féin níos deise dúinn agus bhí an t-atmaisféar iontach ar fad. Mar is gnáth, bhí an áit lán de lucht leanúna Mhary agus chuir sin go mór leis an atmaisféar chomh maith.Tá sí ag tabhairt tacaíocht go leor do bhanna úr darb ainm Cuckoo Savante i láthair na huaire. Tá díséad déanta aici leo, http://www.youtube.com/watch?v=P66j6e1xEC0 agus déanann siadsan amhránaí cúnta di go minic. Cibé, bhí siad léi an oíche seo, agus caithfidh mé a rá go bhfuil siad thar barr. Chuirfeadh an stócach a chanann Jack L i do chloigeann. Tá sé óg, dóighiúil, funcaí agus glór mór láidir aige, ach is binn a ghlór, chomh maith le cur i láthair iontach. D’fhéadfá a rá, cosúil le Mary, go bhfuil repertoire s’acu bunaithe ar shnagcheol agus ar ghormacha, ach le vibe níos óige agus níos comhaimseartha. Tháinig Mary amach i lár seit s’acusan leis an singil atá taifeadta acu lena chéile a dhéanamh, rud nach ndéanfadh mórán ceoltóirí atá mór le rá ar bhealach ar bith. Nuair a thosaigh sí seit s’aici féin, bhí a fhios agam go raibh oíche mhaith romhainn. Bíonn na ceoltóirí is fearr sa tír léi i gcónaí, agus cé nach raibh léi an uair seo ach triúr – pianó, drumaí agus dord – bhí fuaim iontach acu.

Chan sí cúpla classic, agus ansin lean sí le cuid de na hamhráin úra atá ar a dlúthdhiosca úr te bruite. Ní maith liom nuair a dhéanann ceoltóirí seo, ach tuigim go bhfuil an chamchuairt atá ar bun acu ag tarlú le haird a tharraingt ar an DD úr, ach is maith liom an ceol a bheith cloiste agam sa bhaile roinnt mhaith sula mbíonn suim agam é a chloisteáil beo. Bheul a mhalairt de chás a bhí anseo. Bhí sé amhail is go raibh mé ag éisteacht leis na amhráin le blianta. Comhartha é seo go bhfuil an DD nua iontach ar fad.Tá rud faoi leith faoi Mhary Coughlan – is cuma c’acu a bhíonn sí in ionad beag nó mór, ciúin nó clamprach; nó c’acu tá fonn ceoil uirthi nó nach bhfuil, ní féidir locht a fháil uirthi. Chonaic mé í blianta ó shin nuair a bhí sí go dona leis an ól, agus fiú ansin bhí sí iontach. Tá brón agus pian ina glór i gcónaí, mar gheall ar an phian a d’fhulaing sí féin is dócha, agus tá an t-anam seo i gcónaí i láthair nuair a cheolann sí. Críochnaíonn sí na ceolchoirmeacha le “I would rather go blind” go minic, an t-amhrán ab fhearr lena máthair. (D’inis sí seo dúinn uair amháin go luath tar éis dá máthar bás a fháil.) Agus í ag canadh an cúpla soicind deireanach, briseann sí i gcónaí isteach i “Bring in the clowns”. Cha raibh súil thirim fágtha sa teach ina dhiaidh. D’aithnigh mé, nó bhí mé chomh cóngarach sin di, go raibh rud éigin faoi leith fá dtaobh di agus í ag ceol – tá sé chomh nádúrtha di; gan nóta amach as alt; caillte go hiomlán in áilleacht an cheoil. Measaim go bhfuil rud inteacht catairseach ann di – go gcuireann cur i láthair na n-amhrán miserable seo (mar a ghlaoigh sí féin orthu) ar leibhéal eile í, agus mar gheall ar seo, cuirfear muidinne, an lucht éisteachta, ar leibhéal eile fosta. Cuidíonn sé go bhfuil achan duine atá thart orm ar chomhintinn.Bíonn an ceol mar sin. Titeann muid i ngrá in amanna le hamhrán, nó le healaíontóir, nó le banna, agus gníonn sé maith mhór dúinn a bheith ina measc ag éisteacht leo, i gcomhluadar daoine eile a mhothaíonn an rud céanna leat féin. Cinnte, rinne an oíche dheiridh maith mhór domhsa, agus am ar bith eile a mbíonn sé de phribhléid agam a bheith os comhair Mary Coughlan. (B’fhéidir go bhfeicfidh mé lá inteacht i nDáil Éireann í. Cloisim go bhfuil sé deas beag agus foirfe fá choinne taispeántais.)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.