CÚRSAÍ SPÓIRT
Léirmheas: ‘Lá an Phaoraigh’ le Seán Óg de Paor agus Aoife de Paor
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh
Íomhá
An Paorach
Íomhá
Seán Óg

Ní de bharr tallainne amháin a bhuaitear duaiseanna agus craobhacha sa spórt, ach trí obair chrua agus uaireanta fada an chloig caite i mbun cleachtaidh agus traenála. Ní hamháin sin ach teastaíonn meon ar leith ón duine a dteastaíonn uaidh buaic na glóire a bhaint amach – meon diongbháilte, láidir a chuireann ar chumas an duine roghanna deacra a dhéanamh, roghanna a chinnteoidh nach dtitfidh sé i leataobh nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne sna dúshláin mhóra a bhaineann le gach aon spórt.

Ina dhírbheathaisnéis ‘Lá an Phaoraigh’, a scríobh sé i dteannta a dheirféar, Aoife, (Cló Iar-Chonnachta 2007) deir Seán Óg de Paor: “Déanta na fírinne, ní raibh tada eile i mo shaol chomh tábhachtach céanna leis an bpeil”. Sa leabhar seo aige déanann Seán Óg cur síos ar an anluí a bhí aige leis an bpeil. Ó bhí sé ina leaid óg agus é faoi anáil agus faoi stiúir a athar, bhí Seán Óg gafa le rud amháin thar gach ní eile agus ba shin í an pheil Ghaelach. Ní caitheamh aimsire amháin a bhí sa chluiche seo don Phaorach ach oiread ach sórt trialach; triail chumais, triail tola, triail fhéinmhuiníne. Déanann sé tagairt go minic don fhéinmhuinín. Dar leis bhí sé cúthail, ciúin, gan mórán le rá aige ach an t-am ar fad ag déanamh machnaimh ar an bpeil, ag déanamh anailíse ar an gcluiche agus go háirithe air féin mar pheileadóir. D’éisteadh sé lena chuid traenálaithe, ag iarraidh cleasa a fhoghlaim uathu agus ag iarraidh bealaí a aimsiú a chuirfeadh lena fhéinmhuinín mar pheileadóir. Chun a mhian a bhaint amach, rinne Seán Óg cinntí agus roghanna tábhachtacha agus uaireanta roghanna deacra. Agus é fós ar an mbunscoil, rinne sé cinneadh as a stuaim féin go rachadh sé ar Choláiste Iarfhlatha i dTuaim le haghaidh a chuid meánoideachais seachas ar an scoil áitiúil ar an gCeathrú Rua in éineacht lena chairde. Roghnaigh sé an rud deacair – imeacht ón mbaile, cónaí i gcoláiste cónaithe a bhí píosa fada ó bhaile, cur suas le huaigneas agus le cumha agus é ina ghasúr trí bliana déag d’aois. Is chun a thallann peile a fhorbairt agus a chothú a chuaigh sé chuig Coláiste Iarfhlatha – coláiste ina raibh traidisiún mór peile agus cáil dá réir. Bhí sé sin ar eolas ag Seán Óg agus é ina ógánach. Cé nár bhuaigh foireann na scoile Craobh na hÉireann, údar mór díomá do Sheán Óg, bhí sé ag foghlaim a cheirde an t-am ar fad.

D’éirigh go maith le Seán Óg i scrúdú na hardteistiméireachta agus bhí rogha eile le déanamh aige ansin. Ba mhaith leis staidéar a dhéanamh ar an gcorpoideachas i Luimneach, ach bhí an pheil níos láidre i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Dar le Seán Óg, ba thábhachtaí an pheil ná an staidéar (níorbh é nár scoláire maith a bhí ann ach a mhalairt). Mar sin, rinne sé staidéar ar an eolaíocht i nGaillimh agus bhí an dara mórchinneadh déanta aige ar thriall na peile.

An bhliain dheireanach dó i gColáiste na hOllscoile, bhuaigh an fhoireann peile Corn Mhic Shigiúir agus Seán Óg ina chaptaen. Dar leis gur bhua an-tábhachtach é ó thaobh na Gaillimhe de mar go raibh foireann shinsearach an chontae in ísle brí san am (1992) agus thug bua an choláiste uchtach agus misneach do dhaoine. Ní gan dua a tharla an bua céanna.Bhí íobairtí i gceist ina shaol sóisialta mar shampla. Bhí rogha le déanamh: ragairne agus cóisireacht nó traenáil agus staonadh, oícheanta deireanacha nó maidineacha luath. Deir sé go ndearna daoine eile a raibh tallann peile acu féin an cinneadh eile, ach maidir le Seán Óg ní raibh ach an t-aon mháistreás ina shaol ag an am agus ba shin í an pheil.

Tá a lán eile atá suimiúil faoi leabhar Sheáin Óig seachas an méid thuas. Déanann sé cur síos ar ndóigh ar na blianta a chaith sé ag imirt ar fhoirne na Gaillimhe agus go háirithe an fhoireann shinsir. D’imir sé le Gaillimh i gcluiche ceannais sinsir na hÉireann trí uaire agus bhuaigh siad faoi dhó. Bhuaigh sé mórán gradam eile ar nós Craobh Chonnacht, Craobh Shinsir an Chontae, Craobh Pheil na Gaeltachta, gradaim Réalta, agus ionadaíocht ar fhoireann na hÉireann in aghaidh na hAstráile. I bhfocail eile, bhí Seán Óg de Paor ina shárpheileadóir.

macántacht freisin sa leabhar faoi féin mar dhuine. Míníonn sé, mar shampla, gur chaith sé go dona lena chlub agus lena chairde tráth a bhí sé óg agus ina bhall d’fhoireann na Gaillimhe. Sna blianta a chaill Gaillimh go luath sa chraobhchomórtas, roimh theacht do chóras an chúldorais, bhíodh sé de nós aige dul ar ragairne in ainneoin cluichí tábhachtacha a bheith le himirt lena chlub, an Cheathrú Rua. Níl aon leithscéal aige dá iompar seachas baois na hóige agus deir sé go bhfuil náire agus aiféala air faoina iompar ag an am. Tá cur síos aige freisin ar an gcaoi ar tháinig tuiscint nua ina shaol níos déanaí, go bhféadfadh rudaí eile sa saol, seachas peil, a bheith tábhachtach.

Tá an leabhar scríofa i nGaeilge nádúrtha, inléiterud is annamh agus is iontach fiú amháin i measc an dreama a bhfuil cáil an Ghaelachais orthu. Cinneadh eile ab ea é sin, mar bhí agus tá meas ag Seán Óg ar an muintir agus ar an gcultúr Gaeltachta as ar fáisceadh é. Tugann sé ómós freisin don dream sin thiar a chuidigh leis dul chun cinn a dhéanamh agus é óg agus, níos tábhachtaí ná sin, a rinne obair éachtach ar son ógánaigh an cheantair Ghaeltachta tríd is tríd. Rud tábhachtach dó Cumann CLG na Ceathrún Rua lenar chaith sé scór blianta ag imirt ar an bhfoireann shinsearach, ó bhí sé seacht mbliana déag.

Tá a lán faoi imreoirí, chluichí, eachtraí agus eile sa leabhar seo a gcuirfeadh lucht leanta na peile suim iontu, ach is é an rud is spéisiúla dar liom ná an cur síos ar an aistear, ar an triall, agus ar an streachailt i dtreo na sprice.

Mar eolas: www.cic.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.