THALL IS ABHUS
Léirmheas: Entre les murs
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Léiríonn an scannán ‘Entre les murs’ leochailleacht an phobail i dtaca leis an téarmaíocht a úsáidtear ina leith, ag muintir na polaitíochta go háirithe.

Íomhá
Radharc as Entre les Murs
Íomhá
Círéib in Aulnay-sous-Bois

Tá an scannán ‘Entre les murs’ - a bhuaigh an Palme d’or ag Féile Scannáin Cannes 2008 – ar taispeáint i bpictiúrlanna ar fud fad na Fraince ó mhí Mhéan Fómhair i mbliana. Is scannán tábhachtach é, mar tugann sé léargas dúinn ar an saol ileitneach atá i gceantair uirbeacha na Fraince a d’fhéadfadh a bheith ina údar do chuid mhór den trioblóid sna ‘banlieues’ le tamall anuas.

Ar an bhfiche cúigiú Deireadh Fómhair 2005, fuair beirt dhéagóirí bás i Clichy-sous-Bois, bruachbhaile bocht thart ar 15 ciliméadar ar an taobh thoir thuaidh de Pharás. Is ag filleadh abhaile ó bheith ag imirt peile a bhí siad, is cosúil, nuair a tháinig slua póilíní sa mbealach orthu. Theith siad agus chuaigh triúr acu i bhfolach i bhfostáisiún leithreachais. Níl a fhios go baileach céard a tharla ansin ach leictreamharaíodh beirt acu, Bouna Traoré agus Zyed Benna, agus gortaíodh an tríú duine go dona.Chuir bás na beirte tús le trí seachtaine corraíle a thosaigh i Clichy-sous-Bois ach a leath amach chuig bruachbhailte eile ar imeall na hardchathrach agus, sa deireadh, ar fud na tíre. D’fhógair Uachtarán na Fraince, Jacques Chirac, staid éigeandála sa tír ar an ochtú Samhain a thug cumhachtaí eisceachtúla do na húdaráis áitiúla chun déileáil leis na trioblóidí: cuirfiú a fhógairt, tithe a chuardach agus cosc a chur ar aon teacht le chéile poiblí.Dhiúltaigh Príomhaire na Fraince, Dominique de Villepin, an focal ‘círéibeanna’ a úsáid agus é ag caint faoin gcorraíl. Rinne sé comparáid idir na himeachtaí i Clichy-sous-Bois agus i mbruachbhailte eile faoi mhíbhuntáiste ina raibh troid agus achrann iontu oíche i ndiaidh oíche agus círéibeanna Los Angeles in 1992. Níor maraíodh ach duine amháin le linn na trioblóide ar fad sa Fhrainc, a dúirt sé, i gcomparáid le os cionn 50 duine a maraíodh i Los Angeles. Ina theannta sin, mhaígh sé gur dhéagóirí don chuid is mó a bhí bainteach leis na himeachtaí agus nach raibh fianaise ann gur úsáideadh gunnaí in aon achrann a bhí ag na daoine óga seo leis na póilíní. A mhalairt a bhí fíor i Los Angeles, dar leis.Mar sin féin, faoin am gur tháinig deireadh leis an gcorraíl, bhí thart ar 9000 carr dóite, os cionn céad foirgneamh poiblí curtha trí thine (scoileanna, hallaí spóirt agus ionaid fhostaiochta) agus beagnach 3000 duine gafa ag na póilíní. Chosain an damáiste ar fad breis agus 200 milliún euro.Agus an t-am ag tarraingt ar chomóradh trí bliana na n-imeachtaí seo agus é seo á scríobh agam, níl aon amhras ann ach go bhfuil teannas agus míshocracht ann i measc an phobail in áiteanna ar nós Clichy-sous-Bois. Ach ní feiniméan nua é teannas agus míshocracht a bheith ann sna ‘banlieues’. Sa scannán La Haine, a rinne Mathieu Kassovitz agus a bhuaigh an gradam ‘Stiúrthóir is Fearr’ ag Féile Scannán Cannes 1995, déantar cur síos ar shaol triúr fear óg i mbruachbhaile ar imeall Pharás. Níl sa saol acu ach dífhostaíocht, mionchoiriúlacht agus foréigean. Cé go bhfuil bród orthu as a gceantar féin agus fonn orthu é a chosaint ar gach olc ón taobh amuigh – póilíní agus lucht nuachtáin agus teilifíse, mar shampla – tá fuath acu freisin don tsochaí nach bhfuil sásta cothrom na Féinne a roinnt leo.Is iad seo na bruachbhailte céanna a ndúirt Nicolas Sarkozy, a bhí ina Aire um Shlándáil Inmhéanach in 2005, fúthu go nglanfadh sé iad le ‘Kärcher’ agus go bhfaigheadh sé réidh leis an ‘racaille’ ar fad a bhí iontu, dhá fhocal atá maslach go maith agus a chuir go mór, dar le roinnt tráchtairí, leis an teannas sna ceantair. Léiríonn na hionsaithe fíochmhara in aghaidh póilíní in Epinay-sur-Seine ar an taobh ó thuaidh de Pharás in 2006 agus i Villiers-le-Bel in iarthar na cathrach in 2007, nach mbeidh sé chomh éasca céanna fadhb na mbruachbhailte a réiteach.

Is é sin an fáth, b’fhéidir, gur thaitin an scannán nua ó Laurent Cantet Entre les murs chomh mór sin liom. Is scannán é a thaispeánann go bhféadfadh dóchas a bheith ag an duine atá ag iarraidh déileáil le fadhbanna casta na mbruachbhailte. Bhuaigh sé an gradam ‘Scannán is Fearr’ i gCannes i mbliana in ainneoin nach raibh aon aisteoir clúiteach ann. Insíonn an scannán, atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó pheann François Bégaudeau, scéal múinteora atá ag obair i meánscoil i gceantar ‘chaud’ agus an teagmháil atá aige leis na daoine óga atá faoina chúram.Ní múinteoir uilechumhachtach é atá ábalta gach éagóir a chur ina cheart, a bhfuil réiteach gach faidhbe aige agus atá ábalta an scoláire is drogallaí a spreagadh chun oibre. Is duine é a thuigeann go bhfuil lochtanna air, a dhéanann botúin agus nach mbíonn cinnte go minic faoi céard is ceart dó a dhéanamh. Ach tuigeann sé gur daoine iad na scoláirí atá sa rang aige.Is pictiúr réadúil é den saol ileitneach atá sna bruachbhailte sa Fhrainc faoi láthair agus den obair atá ar siúl ag daoine chun teacht ar thuiscint ar an saol atá thart orthu agus ar a chasta is a d’fhéadfadh an saol sin a bheith. Molaim daoibh dul ann!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.