AR NA SAOLTA SEO
Léinte Bána i Sléibhte na hÚisbéiceastáine
Amanda Reid Amanda Reid

Fuair Amanda Reid síob le dul ag spáisteoireacht is ag dreapadh i sléibhte na hÚisbéacastáine. - Síob in otharcharr!

Íomhá
Muintir an mhargaidh i dTermiz na hÚisbéiceastáine
le Mutt Lunker ar Vicipéid
Íomhá
San Úisbéacastáin
le John ar Picasaweb
Íomhá
Khan Tengri, taobh na Circeastáine
le CiGarb ar Vicipéid
Íomhá
Mosc Shakh-i Zindeh céad bliain ó shin
Leabharlann na Comhdhála, SAM ar Vicipéid

Is baile beag feirme é Dachnab, deich ciliméadar soir ó thuaidh de Samarkhand. Bhí sé socraithe agam coicís a chaitheamh ar fheirm sa gceantar sin. Brionglóid a bhí agam ó bhí mé i mo chailín óg. Cén costas a bhí air seo? Dosaen léinte bána: is ceoltóirí a bhí sna fir ar an bhfeirm, agus bhí gá acu leis na léinte le caitheamh nuair a bheadh siad ag seinm. Bhí ganntanas léinte bána san Úisbéiceastáin.

Chaith mé an chéad deich lá i gclós na feirme agus gan deis ar bith agam dul thar an mbaile amach. Bhí mé ar bís ag iarraidh cuid den tír a shiúl. Shiúil mé thar an ngeata amach. Lean na fir mé. D’iarr mé rothar, ach go tobann, ní raibh rothar ar bith ar fáil. Bhí muintir an tí buartha faoin éirí amach seo. Ba léir gur shíl siad nach raibh siad ag tabhairt a ndóthain aire dom. B’fhéidir go raibh siad den tuairim nach raibh mé sásta le luach mo chuid léinte. Chuir siad breis daoine ag suí agus ag siúl liom chun nach mbeadh uaigneas orm. Bhreathnaigh mé i dtreo shléibhte arda Iarthar an Tien Shan le héadóchas. Thosnaigh na ballaí ag dúnadh isteach orm.

Otharcharr Airm

Bhí iontas agus imní orm nuair a tháinig otharcharr den chineál a bhíonn ag an arm isteach an geata i ndeireadh na coicíse. An raibh rud ar Mhamó? An raibh timpist nó drochscéal ann? Bhailigh muintir an ti tímpeall ar an otharcharr. Thosaigh siad á líonadh le trealamh agus le bia. Bosca stáin, mealbhacáin uisce, cácaí móra aráin, feoil, luibheanna agus túlán dubh. Bhí na gasúir ag rith thart go fíáin. Bhí an leaidín ab óige réitithe le haghaidh féile, é gléasta i jumpsuit cniotáilte, agus a éadan nite sciúrtha. Ba léir go raibh ócáid mhór á pleanáil. Sa deireadh thiar, bhí an veain lán. Tháinig said chugam an uair sin.

‘Gabh i leith uait anois. Tá muid chun tú a thabhairt chuig na sleibhte.’

Chaith Mamó a dá láimh san aer, agus thosaigh sí ag guí ar ár son.

Tá súil agam nach raibh aon timpist nó géarchéim leighis an mhaidin sin i Samarkhand agus an t-otharcarr gafa againne mar chóir thaistil. Lean an tiománaí abhainn an Zaraf Shan i dtreo na sléibhte, agus an carr pulctha le trealamh agus le bia, líon mór fear ann agus mac an tí. Bhailigh muid triúr eile ar an mbealach. Uair an chloig bealaigh ón baile, lig an tiománaí amach muid taobh le habhainn i ngleanntán grianmhar. Chas sé timpeall, agus d’imigh leis ag freastal ar easláin na tíre. Bhí ciúnas ollmhór ann ina dhiaidh. Ní raibh na fir i bhfad á líonadh. Téipeanna ceoil, cócaireacht, vodka, agus – iontas na n-iontas – bord picnic agus cathaoireacha úrnua ar dhath dearg agus bán!

Nuair nach raibh na ballaí timpeall orm anois, níorbh fhéidir mé a choinneáil siar. D’ímigh mé liom go beo leis an gcéad mhullach a dhreapadh. Ní raibh sé sách crochta le radharc a thabhairt thar na sléibhte ab airde, Ailp na Himalaya. D’fhill mé ar an gcomhluadar agus d’ith mé an bia a bhí ullmhaithe. Chomh luath is a bhí mé críochnaithe, d’imigh mé liom arís, ag díriú ar an sliabh ar an taobh eile den abhainn. Bhí na fir réitithe an uair seo, agus d’éirigh beirt acu ina seasamh de léim chun teacht in éineacht liom. Rinne mé chuile leithscéal le himeacht i m’aonar, ach ní raibh siad chun mé a fhágáil gan chúnamh. Leis sin, thosaigh eachtra a bhí ina scigmhagadh.

Bhí an bheirt gléasta i slacks níolóin, bróga sleamhna snasta, agus na léinte bána orthu don ócáid eisceachtúil seo. Bhí mé féin ag caitheamh jeans agus runners. Shleamhnaigh said leo céim ar chéim ag déanamh bealaigh go barr an aird. Ar mhaithe le béasa, lig me orm go raibh siad ag cuidiú liom nuair a bheirinn greim láimhe orthu chun iad a tharraingt aníos.

Mullach an Radhairc

Cluain sléibhe ansin. Scata éan siocbhána. Mullán cloiche a phléasc ón talamh aníos nuair a bhíog an domhan fadó fadó. Iad mín, slíocthaí, síonchaite. Tonn ar thoinn, b’shiúd na hAilp siar amach romham. Iad chomh géar le scian, iad ag stróiceadh na spéire goirme lena gcuid crúb bán. Áit éicint romham ina measc sin bhí Tajikistan. Afghanistan. Fairsinge.

Bhí teas an lae ag éalú leis agus an scáth ag fás sa ngleann agus muid ag filleadh. Shuigh muid go ciúin ’chois na habhann faoin aon chrann amháin a bhí sa ngleann agus sinn ag fanacht go dtiocfadh an t-otharcarr ar ais. Bhí na sléibhte arda feicthe agam ar deireadh. Bhí an vodka ólta ag na leaids. Shiúil aoire inár dtreo agus a thréad roimhe. Thosnaigh sé ag comhrá leis an gcomhluadar. Bhí madra mór taobh leis, Alsatian, agus spící miotail ar a bhóna. Chuir sé seo cuma olc air, ach thuig mé féin gur mada lách a bhí ann. Shín mé amach mo lámh le peataireacht a dhéanamh air. Gheit mé le húafás. San áit a mbeadh na cluasa, ní raibh ach dhá pholl mhóra. An míniú? Baineadh an dá chluais de chun nach mbeadh na mic tíre in ann greim a fhail air.

An mhaidin dar gcionn, shuígh mé ag caint le bean an tí. Ní raibh ag ceachtar againn ach cúpla focal Rúisise, agus is gonta an comhrá a bhí ann. “Céard a shíl tú de na sléibhte?” ar sí. Rinne mé aithris le mo chuid géaga ar an spás, an dreapadh, agus ar an tsaoirse a bhí faighte agam ann. Bhreathnaigh sí orm gan mórán tuisceana Is rí-annamh a d’fhágadh sí féin an baile dúnta. Ba ait léi na nósanna a bhí ag mná iasachta. Cá bhfios cén eachtra a bheadh ar bun agam anois, fad is a bhí cúram clainne, cócaireacht, glanadh, cur agus baint ar siúl ag mná na háite. Bhreathnaigh si orm. “An mbeidh tú ag dul ann arís inniu?”

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Nua-Shéalainn ó dhúchas í Amanda Reid a bhfuil blianta caite aici in Éirinn agus i dtíortha eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.