Tá cuairt tugtha ag Liz Curtis ar roinnt iarsmalann suimiúil in Albain le tamall de bhlianta anuas.
Má tá tú ag taisteal thart ar Albain agus suim agat sa stair, agus más maith leat aithne a chur ar dhaoine, is fiú bualadh isteach sna hiarsmalanna beaga atá scaipthe fud fad na tíre.
Tá na céadta iarsmalann bheag in Albain, agus is cuid thábhachtach den saol áitiúil iad. Go minic bíonn siad ag brath ar shaorálaithe, dream a bhíonn an-díograiseach agus eolach.
Agus mé ag taisteal ar an Black Isle ar thaobh Linne Mhoireibh, atá taobh thoir d’Inbhir Nis, tháinig mé ar an Groam House Museum i sráidbhaile gleoite darb ainm Rosemarkie. Tá clú ar an iarsmalann sin de bharr na gcloch Piochtach atá inti, agus comharthaí rúndiamhra greanta iontu.
An lá sin, bhí mé ag caitheamh T-léine a rinneadh sa Spidéal i gContae na Gaillimhe, agus seandán Gaeilge scríofa ar an tosach. Bhí fear cairdiúil, ar dhuine scortha é, taobh thiar den chuntar. Nuair a chonaic sé an T-léine, gháir sé, “Nach Gaeilge é sin?”
“Is ea,” a d’fhreagair mé. “Seandán Éireannach atá ann.”
Tháinig aoibh an gháire air, agus dúirt sé liom, “Tá Gaeilge na hAlban agamsa.” Ansin thosaigh sé ar dhán galánta Gàidhlig a rá go roscach óráideach. Níor thuig mé ach cúpla focal anseo is ansiúd, ach thaitin an cur i láthair go mór liom.
Agus mé thall in Albain arís ar na mallaibh, thug mé cuairt ar iarsmalann atá an-spéisiúil ar fad: an Highland Folk Museum atá suite i Strath Spè ar bhóthar A9 go hInbhir Nis. Tá dhá shuíomh ag an iarsmalann - tá an ceann níos sine i gCeann a’ Ghiuthsaich, agus tá ceann nua sa sráidbhaile atá in aice láimhe, Baile Ùr an t-Slèibh. Tá suíomh álainn acu - tá an gleann mór agus leathan, agus tá na sléibhte maorga ar a dtugtar Am Monadh Ruadh ansin ar an imeall.
Bhunaigh an Dr Isabel Grant an iarsmalann sna 1940í. Bhí clú agus cáil uirthise mar bhailitheoir agus staraí chultúr lucht tuaithe Ghaeltacht na hAlban. Scríobh sí leabhar mór le rá dar teideal Highland Folk Ways.
Teach deas Seoirseach
Ar dtús, bhunaigh an Dr Grant iarsmalann bheag i seanséipéal ar Í Chaluim Chille. Bhog sí an iarsmalann go Ceann a’ Ghiuthsaich nuair a cheannaigh sí teach deas Seoirseach ansin. Ba é cuspóir na hiarsmalainne, a scríobh sí, “to shelter homely ancient Highland things from destruction”.
Chuir an Dr Grant a bailiúchán sa teach agus i scáthlán in aice leis, áit a bhfuil siad le feiceáil go fóill - éadaí agus uirlisí, orthaí agus fidleacha, troscán agus gathanna iascaigh de chuid na bpóitseálaithe. Rud eile a rinne sí ná iarraidh ar sheanfhear ó Leòdhas stiúradh a dhéanamh ar thógáil tí sa stíl thraidisiúnta sna hOileáin Siar darb ainm “teach dubh”.
Tá an teach dubh sin ann go fóill, toit ag éirí tríd an cheann tuí, agus éadach nite ag séideadh ar an sreang tuartha. Nuair a chuaigh mise ansin, bhí Brian Willcocks taobh amuigh agus é ag tochailt sa “kailyard”, nó garraí glasraí, ag léiriú an dóigh le spáid a dtugtar “cas chrom” uirthi sa Ghàidhlig a úsáid. An jab atá ag Brian ná na seandóigheanna a mhíniú do chuairteoirí agus a gcuid ceisteanna a fhreagairt.
Tá an chuid eile den iarsmalann, atá ag Baile Ùr an t-Slèibh, mar fhorbairt ar an choinceap sin. Tugtar The Highland Folk Park ar an suíomh seo, a shíneann ar feadh míle sa ghleann. Tá neart foirgneamh dúchasach ann, agus páirceanna agus ainmhithe agus uirlisí, agus tá oibrithe ansin le rudaí a mhíniú duit.
Na laethanta seo, tá an iarsmalann faoi chúram Chomhairle na Gaidhealtachd. Tá suas le deichniúr ag obair san áit go lánaimseartha, agus tá 35 duine eile a oibríonn go páirtaimseartha ansin le linn an tséasúir, a mhaireann ó Aibreán go Deireadh Fómhair. Is é Bob Powell an coimeádaí agus tá an-taithí aige ar iarsmalanna faoin spéir. Is as Éirinn ó dhúchas é Bob, ach tógadh i Sasana é. Mhínigh sé bunús agus fealsánacht na hiarsmalainne dom.
“Ba é The Highland Folk Museum ag Ceann a’ Ghiuthsaich an chéad iarsmalann faoin spéir sa Bhreatain. Iarsmalann álainn thall sa tSualainn darbh ainm Skansen a spreag an Dr Grant. Bhunaigh an scoláire Arthur Hazelius í in 1891 ag Skansen - ba í an chéad iarsmalann faoin spéir sa domhan.
“Bhí an cultúr ag athrú go gasta, agus tuigeadh go raibh cultúr na ngnáthdhaoine sáite ina gcuid foirgneamh, uirlisí, agus a leithéid. An smaoineamh a bhí ann ná na foirgnimh agus na rudaí a bhí istigh iontu a shábháil, agus iad a chur le chéile le hainmhithe agus barra. Ba mhian leo freisin ealaíona agus ceirdeanna traidisiúnta a fhorbairt.”
Difriúil
Bíonn iarsmalanna faoin spéir difriúil ar fad ó iarsmalanna coinbhinsiúnacha. “Níl lipéid againn agus níl comharthaí againn,” a deir Bob Powell. “Baineann cuairteoirí ciall as an áit iad féin, trí theagmháil a dhéanamh leis an fhoireann agus leis na rudaí atá thart orthu.”
Is é an dearcadh sin an fáth go mbaineann daoine de gach aois an-sult as an suíomh ag Baile Ùr an t-Slèibh. Molann muintir na háite go hard é, agus deir go mbaineann páistí an-phléisiúr as.
Is féidir siúl suas síos an pháirc, nó is féidir dul ar bhus - tá dhá bhus ag an pháirc ar macasamhail seanbhusanna iad. Ar an taobh ó thuaidh, tá feirm shaothrach. Bhuail mé ansin le Jimmy Matheson, fear a bhfuil Gàidhlig ó dhúchas aige. Chuir Jimmy in aithne mé d’ainmhithe na feirme - sicíní dubha lonracha agus cosa gairide orthu ar a dtugtar Scots Dumpies; coileach scanráil darb ainm Eric Mór; gabhar óg darb ainm Dhuie (ón fhocal Gàidhlig ar Blackie); Rosie, capall cairdiúil Clydesdale; agus ba gearradharcacha, an pór is sine sa Bhreatain.
Ansin chuaigh mé go dtí an scoil, atá cóirithe mar a bheadh sí sa bhliain 1937. Tá an foirgneamh féin déanta as iarann roctha - rinneadh foirgnimh mar sin i monarchana sna bailte móra mar Ghlaschú, ansin díoladh ar fud Impireacht na Breataine iad. Taitníonn an scoil go mór le páistí - is maith leo suí síos ag na seandeasca agus triail a bhaint as scríobh ar sclátaí nó peann a chur sa dúchán.
Ar an taobh theas den pháirc, tá macasamhail baile mar a bheadh sé thart fán bhliain 1700. Tugtar Baile Gean air. Tá tithe ceann tuí ann agus tithe amuigh freisin. Tá cuid de na tithe leath-thógtha, le gur féidir an struchtúr a fheiceáil.
Téim isteach i dteach measartha mór. Tá sé dorcha ach cluthar. Tá cuairteoirí ina suí ar stólta thart fán tine atá i lár an tseomra, agus tá bean ag meascadh an bhracháin i bpota mór.
Taobh amuigh, éiríonn toit ó na tithe ceann tuí agus glaonn coileach. Scaipeann bean tí a bhfuil brat uirthi arbhar ar na sicíní. Níl ach crainn agus fraoch le feiceáil agus lánléargas ar na sléibhte. Tá sé furasta a chreidbheáil go bhfuil tú ar ais sa bhliain 1700 i bhfírinne, go dtí go dtagann eitleán dubh cogaidh go gasta, callánach, íseal trasna an ghleanna.
Tuilleadh eolais: The Highland Folk Museum, Duke Street, Kingussie, Inverness-shire, PH21 1JG. Fón: 01540 661307, www.highlandfolk.com
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.