CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Déanfar léirmheas sa cholún nua seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: Vortex (Cois Life, €8), le hAnna Heussaff. Léirmheas le Pól Ó Muirí

Íomhá

B’ábhar gearáin é tíorántacht na leabhar scoile ag Pádraic Ó Conaire. Ní dócha gurb é sin an dearcadh a bheadh ag scríbhneoirí Gaeilge an lae inniu. Chuirfeadh an chuid is mó acu fáilte roimh leabhar dá gcuid bheith ar an churaclam scoile. Ní tíorántacht í anois bheith ag scríobh do dhaoine óga nó dá gcuid leathbhádóirí, an foghlaimeoir fásta. A mhalairt. Is earnáil ghníomhach í an réimse seo agus an deis ag scríbhneoir cúpla euro a bhaint amach – bíodh sé trí choimisiún Bhord na Leabhar Gaeilge nó duais de chuid Oireachtas na Gaeilge a thabhairt leo.

Bhain chéad leabhar Anna Heussaff, Bás Tobann, le hábhar léitheoireachta do dhaoine fásta. Aoisghrúpa eile atá anseo aici in Vortex – páistí – ach d’fhóirfeadh an leabhar d’fhoghlaimeoir fásta a bhí go díreach ag tosú ar bhealach na léitheoireachta. Scéal simplí atá ann – ceathrar cairde ag imirt cluiche ríomhaire, Vortex. Imíonn duine acu gan tásc gan tuairisc. Tógann sé tamall ar an triúr eile a thuigbheáil go bhfuil a gcara slogtha agus go mbeidh orthu dul isteach sa chluiche le é a tharrtháil ar naimhde istigh sa ‘chluiche’ nach cluiche a thuilleadh é ach saol contúirteach eile faoin scáileán.

Cleachtann Heussaff na seifteanna ar fad atá coitianta sa chineál seo scéalaíochta. Níl sna carachtair ach ainmneacha a gceanglaíonn an t-údar caint leo. Ní dhéantar ach an cur síos is bunúsaí ar a dtréithe agus ní chuirtear spás amú ag cur síos ar shaol clainne ach sa mhéid is go mbogann a leithéid de chur síos an scéal ar aghaidh. Is creatlach de charachtar é gach duine ach ní hionann sin agus a rá nach gcuirtear inár láthair iad ar bhealach mothálach; cuirtear agus ar bhealach gonta bríomhar leis.

Tá contúirt éigin ag baint leis an ghontacht chéanna. Is ar éigean a chuireann an léitheoir aithne ar Oisín sula n-imíonn sé leis isteach sa chuaifeach. Ní fada go dtuigeann an léitheoir go bhfuil imní ar a chomhghleacaithe faoina bhfuil i ndán dó agus is cumasach mar a chothaíonn Heussaff práinn a cháis agus eagla na gcarad ina dhiaidh.

Tá go leor abairtí thar a bheith gairid sa saothar, bua a d’éascódh gníomh na léitheoireachta ag páistí. Tá an dara bua ag an ghontacht fosta; cuireann sí le luas an scéil agus na n-imeachtaí, rud atá fóirsteanach nó baineann an scéal le carranna gasta agus iad ag rásaíocht thart ar chathracha an domhain.

Níl éalú ar úsáid teanga sa chineál seo leabhair. Le páistí a spreagadh i mbun léitheoireachta a cumadh Vortex an chéad lá riamh. Tá an scéal spéisiúil agus ba cheart go dtabharfadh sé pléisiúr do pháiste ar bith. Níl drogall ar bith ar Heussaff focail Bhéarla a chaitheamh isteach san insint agus is deacair a dhéanamh amach cad chuige. D’fhéadfaí a rá gurb aitheantas é don chineál Gaeilge scoile a chleachtann páistí óga. Bíodh sin mar atá, ní dócha go bhfuil call leis agus chuirfeá ceist ort féin cad chuige ar roghnaíodh focail Bhéarla thar cinn Ghaeilge i gcásanna áirithe. Tóg, mar shampla, “Beimid in ann labhairt le chéile istigh sa chluiche, d’you get it?” nó “To the rescue an soicind céanna sin” nó “Whack uafásach it was” nó “Agus d’fhoghlaim mé rud nó dhó nua as a result.”

Níor dhoiligh leaganacha Gaeilge de na habairtí sin a aistriú go Gaeilge, leaganacha nach gcuirfeadh crua ar léitheoir óg ach a shaibhreodh a gcuid teanga as a result in áit whack *uafásach Béarla a thabhairt dóibh. Nó b’fhéidir gur cuid de thíorántacht na litríochta seo nach bhfuil éalú ar vortex na teanga oifigiúla eile.Is as Béal Feirste ó dhúchas é Pól Ó Muirí. Tá sé ag obair mar eagarthóir Gaeilge an* Irish Times le deich mbliana anuas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.