Tá aitheantas bainte amach ag Éilís Ní Dhuibhne mar údar cruthaitheach oilte, is cuma cé acu ag scríobh i mBéarla nó i nGaeilge atá sí. Ach tá a leabhar nua, [i]Fox, Swallow, Scarecrow[/i], rud beag uaillmhianach agus fadálach, dar le Pól Ó Muirí.
Tá Éilís Ní Dhuibhne ar bhean den bheagán údar a scríobhann go cruthaitheach i nGaeilge agus i mBéarla. Braitheann cuid mhór scríbhneoirí Gaeilge ar aistriúchán chun iad féin a chur faoi bhráid phobal na teanga oifigiúla eile. Ní hamhlaidh é i gcás Ní Dhuibhne; is fearr léi saothar a chumadh as an úr sa dá theanga oifigiúla agus tá aitheantas saothraithe aici mar údar atá oilte iontu araon.
Is é Fox, Swallow, Scarecrow (Blackstaff, £8.99) an saothar Béarla is déanaí óna peann agus tá an saothar faoi spreagadh úrscéil clúitigh de chuid Leo Tolstoy, Anna Karenina. Anois, an té nach bhfuil eolach ar an scéal Rúiseach, thiocfadh leis tarlú go gcuirfeadh sotal den sórt sin ó dhoras é. B’fhéidir go mbainfeadh lucht ollscoile pléisiúr as codarsnacht, trastagairtí, macallaí na n-ainmneacha agus rianta an phlota a lorg sa dá théacs, ach baineann an léirmheastóir seo go dlúth le campa an ghnáthléitheora – an duine glórmhar sin a thógann leabhar áirithe ina lámh má tá fonn air é a léamh agus nach santaíonn fo-nótaí ná tráchtas a léamh sula dtugann sé faoi.
Bíodh sin mar atá, is féidir an saothar a léamh mar shaothar ann féin. Is scéal é atá suite i mBaile Átha Cliath an lae inniu agus is í Anna Kelly Sweeney an príomhcharachtar atá ann. Is scríbhneoir í atá pósta ar fhorbróir, tá mac acu agus tá sí ina ball sona (murab ionann agus sásta ar fad) de chuid mheánaicme shócúil leithliseach na hardchathrach. Tá airgead mór ag a céile, tá bréagán de pháiste aici féin agus slí bheatha dheas an phinn aici lena cuid ama a mheilt.
Carachtair eile
Carnann na carachtair eile thart ar Anna. Tá Kate Murphy ann – an file nach file í ach atá anois ina riarthóir filíochta, í sásta tionchar a imirt ar chúrsaí filíochta trí phátrúnacht a hoifige agus trí dhíoltas a bhaint as craiceann foilsitheoirí a dhiúltaigh dá dánta féin. Tá Leo Kavanagh ann, ar foilsitheoir Gaeilge agus radacach síochánta é. Tá sé ar lorg an chéad fhile mór eile – agus grá – agus tá Vincy Erikson ann, an fear a chorraíonn croí Anna as an nua.
Tá údair Éireannacha an lae inniu le haithint i gcúlra an scéil. Ní chuirfidh sé mórán stró ar an léitheoir macasamhail John McGahern a aithint nó údair eile nach é. Tá Seamus Heaney ann – é ina impire os cionn aos dána na tíre, agus cuireann Ní Dhuibhne síos go beacht ar an mheon bídeach éadmhar sin atá mar chuid d’imeachtaí liteartha na tíre. Tugann Ní Dhuibhne spíd, uaillmhian agus feall na haicme liteartha chun solais le línte beaga a ghearrann go croí:
“Now she found herself facing Carl Thompson, one of the Irish writers whom she would rather not meet, ever. Many years ago, she had reviewed his first novel in Blackbird, a college magazine. The review had not been favourable. Although she realised that the chances of Carl Thompson having seen the review were slim ... everything about him indicated that yes, he had read it. Probably he had a very efficient clipping agent. He had never forgiven her.”
Aithním an port sin. Tá firinne shearbh sa líne, ach is trua é nach bhfuil níos mó den chineál sin ann. Mothaíonn tú go bhfuil Ní Dhuibhne sásta súil shlítheánta a chaitheamh ar an tsochaí ghalánta ach níl sí sásta an chos cháidheach a chur ar
sceadamán agus anáil a bhaint as lena sála míne Stiletto – a bhuíochas sin, b’fhéidir, ar an cheangal a chuireann scéal Tolstoy uirthi. Tig leis an údar a bheith géar agus tig leis an spochadh a bheith searbh, ach níl go leor de ann. Titeann an saothar idir dhá stól sa deireadh – tá aoir ann, ach ní aoir é; tá rómáns ann, ach ní rómáns é; tá fearg ann, ach ní scéal feirge é.
Agus téann an scéal chun leadráin. Tá os cionn 350 leathanach ann – eipic scríbhneoireachta is ea é, ach ceann nár choinnigh spéis an léitheora seo ann. Dá fheabhas an cur síos ar ócáidí, is beag atá ann le duine a spreagadh. Is fíor go bhfuil dhá ócáid sa scéal a bhaineann preab asat: bás gan choinne agus goid gan choinne. Eachtraí fíoréifeachtacha a bhí sa dá shliocht, ach d’éiligh an chuid eile den scéal foighid nach raibh agamsa. Ba é an rud a rith liom sa deireadh ná gur dheis a ligeadh le sruth a bhí sa leabhar – d’aimsigh Ní Dhuibhne an t-ábhar ceart, ach b’fhearr di aithris a dhéanamh ar Myles gonta ná Tolstoy foclach. Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an *Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*