CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: Teacht den tSliabh Tráthnóna le hAoidh Ó Canainn (Coiscéim). Léirmheas le Pól Ó Muirí.

Íomhá

Bhraithfeá ar an chéad amharc gur leabhar seanfhaiseanta é seo, scéal sagairt as Contae Dhoire, Pádraig Ó hEaráin, agus a spéis sa Ghaeilge. Tá sé olc go leor gur sagart atá faoi chaibidil ach is measa fós ár gcás gur sagart nár bhain clú ná cáil amach dó féin mar scoláire nó mar scríbhneoir atá i gceist. Cé hé féin, Pádraig Ó hEaráin, agus cad chuige a gcuirfeadh duine ar bith spéis ann ar chor bith?

Bhuel, is fiú spéis a chur ann mar go bhfuil idir bheathaisnéis agus scéal pobail scríofa ag Aodh Ó Canainn agus an té ar spéis leis foghlaim faoin am atá imithe le go dtuigfidh sé an t-am atá ann anois agus an t-am atá le teacht, b’fhiú dó cuntas eolach tuigseach pléisiúrtha seo Uí Chanainn a léamh.

Bhain Ó hEaráin leis an ghlúin sin de shagairt a mhair in Éirinn fadó fadó. Tháinig sé ar an saol sa bhliain 1897 agus oirníodh an oiread sin sagart ina chuideachta i Má Nuad sa bhliain 1925 nach raibh go leor oibre le fáil acu i bparóistí na hÉireann. Chaith Ó hEaráin féin seal in Albain sular phill sé ar Bhaile na Scríne, Co Dhoire, agus ar na Spéiríní. Céim sa Léann Ceilteach a bhí aige ó Mhá Nuad agus suim mhór i nGaeilge bheo dheisceart Dhoire a mhair le linn a óige féin. Bhailigh sé béaloideas agus scéalta, chuir sé fios logainmneacha (agus ní cruinn i gcónaí a bhí sé ina chuid tuairimí) agus scríobh corralt thall is abhus faoi cheisteanna teanga. Bhí dúil inteacht ag Ó hEaráin go ndéanfadh sé scoláire de féin ach ní mar sin a tharla. Obair na paróiste an cúram a bhí air agus, diaidh ar ndiaidh, chaill sé teagmháil leis an teanga bheo agus rinneadh Gaeilgeoir ócáideach de, duine de na daoine sin a raibh cáilíocht ollscoile teanga acu ach nár bhain úsáid as an teanga ar bhealach ar bith rialta.

Agus a fhad agus a bhí an sagart “cráifeach corr” seo - mar a thugann Ó Canainn air - ag coinneáil greama ar a chuid Gaeilge mar mheán príobháideach, bhí an pobal thart air ag cailleadh a gcuid Gaeilge mar mheán poiblí. Cuireann cuntas Uí Chanainn i gcuimhne dúinn an méid daoine a bhí beo ar na Spéiríní a raibh Gaeilge ó dhúchas acu. Tugann Ó Canainn roinnt samplaí d’ábhar a bhailigh Ó hEaráin agus is mór an preab a bhaineann sé asat mar léitheoir a thuigbheáil go raibh cuid den ábhar seo beo ar bheola chainteoirí dúchasacha Dhoire go dtí na 1920í.

Rith sé liom agus mé ag léamh chuntas Uí Chanainn nach raibh a chur síos ar ré Uí Earáin chomh héagsúil sin lena bhfuil ag tarlú i roinnt ceantar Gaeltachta sa lá atá inniu ann. D’fhéadfá amharc ar mheath na Gaeilge ar na Spéiríní agus scéal a himeachta a shonrú i mórán mioncheantar Gaeltachta i nDún na nGall san am i láthair. Smaoineamh thar a bheith scáfar é sin ach níl éalú air nó, mar a léiríonn Ó Canainn, bhain Ó hEaráin le glúin na hAthbheochana a raibh “caint na ndaoine” mar mhana acu ach a bhí éagumasach an teanga a choinneáil beo mar nár theastaigh ón phobal féin í a choinneáil beo.

Bheadh cathú ort a rá gurbh ionann taithí Mhic Earáin agus taithí Sheosaimh Mhic Grianna, fear a tháinig ar an saol trí bliana ina dhiaidh: “Rinne mé mo dhícheall agus is cuma liom.” Seans mór gur chuma leis sa deireadh. Fuair sé bás sa bhliain 1977 agus is beag iomrá atá air, nó a bhí air, i measc lucht na Gaeilge cé gur bhain sé le glúin Mháire agus Joe Fheilimí. Bhí de mhí-ádh air fosta gur chaill sé an chéad athbheochan eile - más sin atá ann - agus deontais mhóra Fhoras na Gaeilge agus cláir TG4. Tá Ó Canainn i ndiaidh é a thabhairt ar ais ón díchuimhne mar is cóir. Tá scéal an tsagairt seo spéisiúil agus tá scéal a linne agus na ndaoine a bhí ina chuideachta chomh spéisiúil céanna. (Ba chóir dom focal molta a thabhairt do dhearadh an leabhair, an clúdach ach go háirithe. Tá sé ar phíosa ealaíne chomh deas agus a chonaic mé le fada.)

Cad chuige ar chóir do dhuine ar bith scéal Uí Earáin a léamh? Mar gurb ionann a chás agus cás na mílte eile duine le Gaeilge fud fad na hÉireann: Gaeilge a fhoghlaim le dua agus í a chailleadh le díomua.

Teacht den tSliabh Tráthnóna Aodh Ó Canainn Coiscéim, €8

Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.