Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: An Prós Comhaimseartha: Léachtaí Cholm Cille xxxvi (An Sagart, Maigh Nuad). Léirmheas le Pól Ó Muirí.
Is fada an scríbhneoir Gaeilge faoi mhairg: “Níl an meas céanna orainn agus atá ar scríbhneoirí Béarla,” a deir siad agus freagróidh daoine eile: “Níl an oiread sin measa ar scríbhneoirí Béarla ach oiread.” Fág dornán beag daoine as an áireamh agus is beag scríbhneoir Éireannach atá i ndiaidh clú domhanda amach dó féin sa lá atá inniu ann.
Chinn lucht eagraithe Léachtaí Cholm Cille ar chomhdháil a reáchtáil ar “An Prós Comhaimseartha” sa bhliain 2005 agus is anuraidh a foilsíodh na haistí. “Pláinéad uaigneach – Prós na Gaeilge” a thugann Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh ar a n-aiste sa chnuasach agus éadóchasach go maith atá siad faoi chúrsaí scríbhneoireachta. (B’fhiú sárchnuasach aistí leis an scríbhneoir Dubravka Ugresic, Thank You For Not Reading, a léamh sa chomhthéacs seo. Is as an iar-Iúgslaiv í Ugresic agus tá sí ag maireachtáil, oiread céanna leis an scríbhneoir Gaeilge, ar phláinéad uaigneach a teanga dhúchais.)
Bhunaigh Nic Pháidín agus Ó Cearnaigh an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life agus ní bréag a rá go bhfuil obair mhór déanta ag an chomhlacht chéanna; baineann caighdeán ard le hábhar na leabhar agus lena ndearadh. Tá mórán le rá acu atá siosmaideach faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta. Faraor, ligeann siad don nóta caointeach an lámh in uachtar a fháil orthu anois agus arís. Creideann Nic Pháidín agus Ó Cearnaigh gur “beag fóram atá ar fáil chun dea-iriseoireacht, dea-scríbhneoireacht agus fiú díospóireacht chultúrtha éigin a thionscnamh i nGaeilge”.
An amhlaidh atá? Measaim go dtugann an suíomh seo, Foinse agus a iris mhíosúil Faobhar, agus colúin Ghaeilge an Irish Times (a gcuirim féin eagar orthu) bréag don téis shotalach sin. Tá an ceart acu go mbíonn drogall ar lucht na Gaeilge leabhar – nó leabhair áirithe – a léamh agus a cheannach. Léifidh siad alt nuachtáin sula léifidh siad leabhar agus léifidh siad alt Gaeilge ar nuachtán Béarla de rogha ar fhoilseachán Gaeilge. Is maith le lucht na Gaeilge éisteacht le Gaeilge agus í a labhairt (anois agus arís!) ach ní chuireann siad trioblóid mhór orthu féin bheith ag léamh.
Tá an ceart ag Nic Pháidín agus Ó Cearnaigh fosta gur mó tarraingt atá ag an teilifís agus raidió ar mhórán scríbhneoirí – ach an coimisiún a fháil. Cad chuige nach mbeadh? Is fearr dráma raidió a scríobh ná gearrscéal ar an ábhar gur líonmhaire na héisteoirí agus gur mó an táille. Ní peaca ar bith é sin.
Cad chuige nach léann níos mó daoine níos mó leabhar? Scríobhann Éilís Ní Dhuibhne ina halt “Saibhreas nó Daibhreas? An Scríbhneoir Dátheangach” gurb é an “rud atá de dhíth ar gach scríbhneoir ná léitheoir maith, léitheoir a thuigfidh cad tá ar bun aici, léitheoir a thuigfidh an scríbhneoir atá á léamh aici.”
Údar de chuid Cois Life í Ní Dhuibhne agus ráchairt ar a cuid leabhar. Tá léitheoirí maithe aici agus tuigeann sí an margadh ar a bhfuil sí féin (agus Cois Life) ag freastal – foghlaimeoirí fásta agus daoine ar cainteoirí líofa iad ach léitheoirí falsa. An dtabharfá “dea-scríbhneoireacht” nó “fóram” nó “díospóireacht chultúrtha” ar shaothar Ní Dhuibhne? Thabharfainn féin – cé nach ionann a fóram nó a díospóireacht nó a dea-scríbhneoireacht agus cur chuige Liam Mhic Cóil, údar eile sa chnuasach seo léachtaí, nó dearcadh Phádraig Uí Chíobháin a bhfuil alt aige dar teideal “An Treasruathar Turgnamhach: Féinspléachadh Údair ar a Ionchur i bPróslitríocht a Linne”. (Anois sin agat lán béil d’fhocail a shásódh duine ar bith agus iad ar lorg díospóireachta!)
Tá an méid seo scríofa ag Ó Cearnaigh agus Nic Pháidín: “Is léamh an-chúng ar an bprós é nach múintear leithéidí Rince ar na Ballaí le Dermot Somers nó Seal i Neipeal le Cathal Ó Searcaigh ar chúrsa spreagúil ollscoile...”
Tharla gur theagasc mé féin cúrsa ollscoile (ní déarfaidh mé spreagúil) ar ollscoil anuraidh agus mic léinn óga a bhí sa rang. Cnuasach breá alt le Liam Ó Muirthile, Ar an bPeann (Cois Life), a roghnaigh mé. Bhí na mic léinn fuar i mórán de na haistí. Go minic, níor thuig siad meon, comhthéacs ná stair an ábhair a bhí faoi chaibidil ach ba mhic léinn éirimiúla iad agus Gaeilge bhreá acu. An deacracht a bhí ann nach raibh an oiread sin spéise acu i léitheoireacht – i dteanga ar bith. Agus, ag déanamh mo mhachnaimh air, b’amhlaidh an scéal 20 bliain ó shin agus mise i m’fhochéimí.
An amhlaidh go dtagann ciall – agus léitheoireacht – le haois?
An Prós Comhaimseartha: Léachtaí Cholm Cille xxxvi
Eagarthóir: Aisling Ní Dhonnchadha
An Sagart, Maigh Nuad, 2006
Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an *Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*