CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Is annamh a bhíonn deis ag lucht léite na Gaeilge leabhar neamhfhicsean a léamh. Ar an ábhar sin, agus ar ábhair eile chomh maith, cuireann Pól Ó Muirí fáilte roimh [i]Fáithe an Fichiú hAois[/i].

Íomhá
Tá aiste faoi Dietrich Bonhoeffer in Fáithe an Fichiú hAois
Íomhá
Is cúis díomá é nach bhfuil aiste faoi John Hume sa leabhar

Baineann réimse na leabhar Gaeilge le ficsean agus filíocht den chuid is mó. Is annamh a bhíonn deis ag léitheoirí leabhar neamhfhicsean a léamh. Is fíor go mbíonn beathaisnéisí le fáil ach ní bhíonn, mar shampla, leabhair staire nó cnuasaigh aistí chomh coitianta sin – an cineál ábhair a chuireann Roy Foster nó Declan Kiberd ar fáil, cuir i gcás.

Ar an ábhar sin amháin a chuirfinn fáilte roimh Fáithe an Fichiú hAois (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) le Séamus Ware, cnuasach eolach aistí ar shaol dáréag a bhí eisceachtúil. Ní ficsean é. Thairis sin, chuirfinn fáilte roimh an leabhar mar go bhfuil na daoine ar a scríobhann Ware thar a bheith spéisiúil. Samhlaíonn muid go mbaineann fáithe leis an Bhíobla. Ní hamhlaidh an scéal agus tugann Ware cur síos ar cad is fáidh ann: “ba é gnó an fháidh léirmheas a dhéanamh ar an tsochaí timpeall air ... Is féidir linn breathnú ar fheidhm an fháidh sa lá atá inniu ann mar chabhair ag daoine machnamh ar a n-eispéireas féin.”

Is é gnó Ware, mar sin, léirmheas a dhéanamh ar na léirmheastóirí fáidhiúla agus déanann sé sin ar bhealach simplí – scríobhann sé aiste ghairid ar na daoine is mó as an aois seo caite a chuaigh i bhfeidhm air féin. Fir agus mná den traidisiún Críostaí atá faoi chaibidil aige agus aithneoidh léitheoirí cuid de na hainmneacha: Dietrich Bonhoeffer, ministir Protastúnach a mharaigh na Naitsithe de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh; Dorothy Day, bean thar a bheith spéisiúil a chomhbhunaigh an nuachtán an Catholic Worker agus Máirtín Liútar Cing, soiscéalaí an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe a feallmharaíodh.

Tá daoine eile ann nár aithin mise: Corrie Ten Boom, bean chróga Dhúitseach a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda; Barbara Ward, bean chumasach eile a thuig tábhacht an chomhshaoil roimh mhórán daoine eile agus Chiara Lubich, bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, Focolare.

Dea-bheathaTá an méid a rinne siad dochreidte, i ndáiríre. Bíodh sin mar atá, is beag aithne atá ag an phobal mór orthu i gcomparáid le húdair mhóra ár linne nó lucht peile. Tugann saol na ndaoine seo eiseamláir den dea-bheatha dúinn. Cuireann siad i gcuimhne dúinn, ar laethanta seo an rachmais, nach bhfuil gach duine chomh maith as agus atá muid féin, go mbíonn daoine ag fulaingt faoi fhoréigean agus ocras agus go bhfuil dualgas orainn – ní rogha – cuidiú leo oiread agus is féidir linn.

Dá fheabhas an leabhar, tá aon locht mór amháin agam air: níl Peace People an Tuaiscirt nó John Hume luaite ann. Bronnadh an duais Nobel ar son na síochána ar bheirt de bhunaitheoirí Phobal na Síochána, Máiréad Corrigan agus Betty Williams, in 1976. (Tá cuimhne agam féin gur thóg mo mháthair mé a fhad le

léirsiú dá gcuid agus mé i mo thachrán scoile.) Bíodh is gur éirigh idir Corrigan, Williams agus baill eile na gluaiseachta, tá Corrigan ag obair léi ar son na síochána ó shin.

Tuilleann laoch Dhoire, Hume, áit i measc na bhfíréan fosta. Bronnadh an Duais Nobel ar son na síochána airsean agus David Trimble as a gcuid iarrachtaí Comhaontú Aoine an Chéasta a thabhairt ar an saol. Fear cróga Críostaí a bhí in Hume a rinne cion fir ar son na síochána in Éirinn. Níor choinnigh sé an t-airgead a fuair sé as an duais ach bhronn é ar charthanachta Caitliceacha agus Protastúnacha, gníomh praiticiúil éacúiméineach.

Is ait agus is trua liom nach bhfuil siad le fáil i measc na cuideachta seo. Ach b’fhéidir gur léiriú é sin den nath nach n-aithnítear fáidh ina thír féin!Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an *Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.