Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: [i]Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil[/i] (Cló Iar-Chonnachta), le Pól Ó Muirí. Léirmheas le hÉamonn Ó Dónaill.
Deir Pól Ó Muirí i réamhrá a leabhar úir, Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil, gur chuir sé roimhe, agus an bheathaisnéis seo á scríobh aige, aird an léitheora a dhíriú “ar an Ghriannach mar dhuine” agus is cinnte go n-éiríonn leis é sin a dhéanamh go héifeachtach. Ní thugann sé neamhaird ar shaothar an scríbhneora Chonallaigh seo ach is ar an duine féin a dhíríonn sé den chuid is mó.
Tá cur síos i gcéad chaibidil an leabhair ar na blianta 1959 – 1990, tréimhse a chaith Mac Grianna in ospidéal meabhairghalair Naomh Conall i Leitir Ceanainn. Thug mé féin cuairt air faoi dhó dhá bhliain go leith roimh a bhás ach, faoin am sin, ní raibh fonn cainte dá laghad air. Bhraith mé ag an am go raibh an fear seo, duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge an 20ú haois, ligthe i ndearmad agus gur chúis náire é gur tharla a leithéid.
Mar a léirítear i saothar Uí Mhuirí, b’aonarán é Mac Grianna i rith a shaoil a raibh deighilt idir é féin agus na daoine a bhí thart air. Fiú agus é ar scoil, níorbh ionann é agus na páistí eile:
Is i dtrátha an ama seo a briseadh cumann Mhic Grianna lena chuid comrádaithe scoile – cuireadh ar shiúl ag obair iad ach fágadh eisean ina éan corr i measc pháistí óga an bhaile. Scoláireacht agus ní sclábhaíocht an rún a bhí ag a thuismitheoirí de; ní raibh lámha Sheosaimh le salú le hobair pháirce. Óg agus a bhí sé, caithfidh sé gur thuig an gasúr aigeanta seo go raibh deighilt idir é agus a chomrádaithe; níorbh ionann a mbealach feasta. (lch. 40)
Caitheadh Seosamh amach as dhá scoil ina dhiaidh sin ach d’éirigh leis, mar sin féin, áit a fháil i gColáiste Phádraig, an coláiste oiliúna do mhúinteoirí bunscoile i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath. Bhí Cogadh na Saoirse faoi lán seoil ag an am agus tá an cur síos ar an tréimhse sin i saol Mhic Grianna thar a bheith spéisiúil, mar atá an cuntas ar an bhaint a bhí aige leis an IRA agus ar na cúig mhí dhéag a chaith sé i ngéibhinn le linn Chogadh na gCarad.
Is léir nár fhóir an mhúinteoireacht go rómhaith do Mhac Grianna mar ghairm mar gur theagasc sé i “naoi scoil ... i naoi gcontae de chuid na hÉireann” sna blianta i ndiaidh an chogaidh chathartha. D’éirigh sé as an teagasc i 1928 agus chuaigh sé i mbun aistriú úrscéalta Béarla go Gaeilge don Ghúm, an t-eagras stáit a rabhthas díreach i ndiaidh tús a chur leis.
Luigh sé isteach ar an scríbhneoireacht chruthaitheach chomh maith agus bhí an-rath air ar feadh roinnt blianta. Cuirfidh an cuntas ar fhoilsiú leabhair de chuid Mhic Grianna, Eoghan Ruadh Ó Néill, ag tús na dtríochaidí an-iontas ar go leor léitheoirí. Ní hamháin go raibh an-ráchairt ar an saothar, ach bhí léirmheasanna air i gcló sa Leader, san Irish Independent, The Irish Times, The Star agus An Claidheamh Soluis go luath tar éis a fhoilsithe. Léiríonn sé seo chomh mór is atá léirmheastóireacht na Gaeilge i ndiaidh dul ar gcúl le seachtó bliain anuas.D’éirigh idir an Griannach agus an Gúm sa deireadh de bhrí gur dhiúltaigh siad leabhar dá chuid, An Druma Mór, a chur i gcló; ba léir go raibh na carachtair san úrscéal seo bunaithe ar dhaoine i gceantar dúchais Mhic Grianna, Rann na Feirste, agus bhí eagla ar lucht an Ghúim go mbeadh cúis dlí ann dá bhfoilseofaí é.
Scríobh Mac Grianna na focail cháiliúla seo agus é ag obair ar an úrscéal nár chríochnaigh sé riamh, Dá mBíodh Ruball ar an Éan:
Thráigh an tobar sa tsamhradh, 1935. Ní scríobhfaidh mé níos mó. Rinne mé mo dhícheall agus is cuma liom.
Foilsíodh an saothar is tábhachtaí dá chuid, Mo Bhealach Féin, i 1940 ach faoin am sin “bhí a phort mar údar seinnte agus bhí deireadh le saol scríbhneora; ní raibh anois ann ach tost”. (lch. 121)Bhí bean agus páiste ag Mac Grianna ach is beag atá ar eolas mar gheall orthu. Chuir an bheirt acu lámh ina mbás féin sna caogaidí ach ní fíos cad chuige a ndearna siad amhlaidh.
Bhain sé geit an-mhór asam féin a léamh go raibh an nós ag Mac Grianna scríobh i mBéarla go minic ina dhialann agus go raibh litreacha áirithe a sheol sé chuig an Ghúm i mBéarla chomh maith. Mar a deir Ó Muirí: “Seo scríbhneoir a bhí ag múnlú na Gaeilge dá thoil féin go poiblí agus ag tabhairt chúl a chinn léi i gcuibhreann príobháideach cruthaitheach a dhialainne”. (lch. 104)
Is saothar dea-scríofa, soléite é Míreanna Saoil agus is mór an trua nach bhfuil níos mó leabhar dá leithéid sa Ghaeilge. Agus é ag scríobh, cuir i gcás, faoi mheath sheanchas agus scéalta Rann na Feirste le linn óige Mhic Grianna, deir Ó Muirí: “Más seargtha a bhí colainn an chultúir, is ag preabadh a bhí na cuislí cruthaitheacha go fóill.” (lch. 44)Tá an-mholadh tuillte fosta ag na foilsitheoirí, Cló Iar-Chonnachta, as oiread stró a chaitheamh leis an dearadh: tá cuma shnasta, tharraingteach ar an leabhar.
Tá níos lú ná 130 leathanach i Míreanna Saoil agus bheadh fonn ar an léitheoir seo beathaisnéis a mbeadh trí oiread ann a léamh faoi dhuine a raibh saol chomh suimiúil sin aige! Deir Ó Muirí sa réamhrá nach leabhar acadúil é atá “ag cur thar maoil le fonótaí” ach níl a fhios agam an aontaím leis an chinneadh a rinne sé iad a fhágáil ar lár ar fad. Ní locht rómhór é sin, áfach.
I ndiaidh dom Míreanna Saoil a léamh, thóg mé An Druma Mór anuas ón tseilf agus fonn orm saothar Mhic Grianna a léamh arís den chéad uair le blianta fada. Is cinnte gur teist mhaith é sin ar bheathaisnéis Uí Mhuirí.Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil Pól Ó Muirí
Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie), €12
Is as Gaoth Dobhair é Éamonn Ó Dónaill. Is iareagarthóir ar an iris seo é agus duine de stiúrthóirí an chomhlachta Gaelchultúr (www.gaelchultur.com).