AR NA SAOLTA SEO
Lasta casta
Pádraig Ó Siadhail Pádraig Ó Siadhail

borradh faoin aerlasta i láthair na huaire ach measann Pádraig Mac Éamoinn nach mairfidh sé seo ach roinnt blianta eile.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Le déanaí, sheol Boeing leagan nua (agus níos mó) dá n-eitleán 747 cáiliúil. Seoladh an 747-8 mar lasteitleán mar ní raibh aon aerlíne a bhíonn ag plé le paisinéirí réidh (go dtí anois ar aon nós) chun é a cheannach. Is dócha go dtiocfaidh athrú ar an scéal seo i rith 2006, ach ag an am chéanna, b’fhéidir gurb é an 747-8 ceann de na lasteitleáin mhóra dheireanacha. Ní bheidh a leithéid arís ann, mar tá domhan an aerlasta chun athrú go mór.

De ghnáth, nuair a phléitear cúrsaí iompair, iompar paisinéirí a bhíonn i gceist. Idir iompar poiblí sna cathracha (briseach ráillí Luas mar shampla) agus an nuacht is deireanaí ó Ryanair, Aer Lingus nó Aer Arann, is é seo an chuid is feiceálaí den ghnó, an t-iompair *daoine *ó A go B.

Ach is gnó mór é an t-iompar lasta – cé acu ó Bhaile Átha Cliath 12 go Baile Átha Cliath 6 nó ó thaobh amháin den domhan go dtí an taobh eile. Agus is gnó é ina bhfuil an méid céanna athruithe ar siúl is atá i ngnó na bpaisinéirí.

Tosaímis ag an tús.cúis iontais é go bhfuil cúpla difríocht mhór idir paisinéirí agus lasta! An ceann is soiléire ná go bhfilleann formhór na bpaisinéirí ar ais abhaile ar ball (téann duine go dtí an oifig ar maidin agus ar ais abhaile tráthnóna, nó téann sé go Marbella ar feadh seachtaine agus filleann sé ar ais ina dhiaidh sin) ach ní fhilleann an chuid is mó den lasta ar ais. Mar shampla, tagann mórán glasraí agus bláthanna ar eitleáin ón Afraic go dtí an Eoraip, ach ní iompraítear mórán lasta sa treo eile – bíonn ar na heitleáin filleadh ar ais agus iad folamh, nó lasta eile (nach bhfuil chomh hoiriúnach) a thógáil go saor chun costais an turais a laghdú. I gcás paisinéirí, seachas méid beag imirceach, bíonn thart ar an méid céanna daoine ag dul áite agus ag filleadh ar ais.

Is cinnte go méadaíonn sé seo na costais a bhaineann le lasta eitleáin, más gá costas an turais fholaimh ar ais a chur san áireamh i gcostais iompair na nglasraí nó na mbláthanna nó na gcomhpháirteanna leictreonacha. Ach d’ainneoin sin, tá méadú mór tagtha ar an ngnó aerlasta le deich mbliana anuas. Cén fáth? Tá cúpla cúis leis:

Ar dtús, mar a deir lucht an ghnó seo, “is cuma le lasta má tá sé ar sheaneitleán” nó “is cuma le lasta má tá air athrú ó eitleán amháin go heitleán eile”. Is é sin le rá, ní foláir do na haerlínte a bhíonn ag iompar paisinéirí eitleáin réasúnta nua, réasúnta compordach a bheith acu chun bheith iomaíoch, ach is féidir le haerlínte lasta eitleáin níos sine agus níos saoire a úsáid. Mórán de na heitleáin lasta, úsáideadh iad roimhe seo chun paisinéirí a iompar agus tá doirse níos mór curtha orthu chun gur féidir coimeádáin a lódáil isteach iontu.

(Gan amhras, ní iompraítear gach aerlasta i lasteitleán speisialta. Téann roinnt mhaith i mbolg gnátheitleán paisinéirí. Sna héitleáin mhóra go háirithe, ní bhíonn an bolg lasta ar fad de dhíth do bhagáiste na bpaisinéirí, agus dá bhrí sin bíonn spás ann chun lasta a iompar freisin.)

An dara rud ná mar gheall ar fhorbairt gheilleagrach idirnáisiúnta (an Tíogar Ceilteach agus samplaí eile thart ar an domhan), tá méadú mór ar an éileamh atá ar iompar lasta idirnáisiúnta. De réir na saineolaithe, méadaíonn an méid aerlasta a iompraítear ar a laghad dhá uair níos sciobtha ná an Olltáirgeacht Intíre.

Earraí beaga éadroma

Agus cad é an “lasta” seo? Sliseanna sileacain, b’fhéidir, nó cáipéisí dlíthiúla. Mar gheall ar an teicneolaíocht (agus ar éileamh ó na tomhaltóirí), tá go leor earraí éirithe beag agus/nó éadrom agus/nó luachmhar, agus mar sin is féidir iad a sheoladh ar eitleáin. Agus de bharr go bhfuil oiread iomaíochta ann chun costais a laghdú na laethanta seo agus an domhandú i gceist, ní féidir le comhlachtaí airgead a chur amú ag coimeád stoc mór comhpháirteanna ina monarchana. Bíonn siad ag lorg seachadadh “díreach in am” agus ciallaíonn sé sin go mbíonn ar a soláthróirí (a bhíonn go minic i dtíortha eile) comhpáirteanna a sheoladh go tapa. Agus go minic ciallaíonn sé sin gur gá aerlasta a úsáid.

Agus tá an tríú fáth ann, ar an drochuair, go bhfuil méadú mór tagtha ar an aerlasta, is é sin mar gheall ar eachtraí i dtíortha áirithe. Iompar cabhrach go tíortha na hÁise Thoir Theas tar éis an súnámaí, mar shampla, nó (cás níos fadtéarmaí, is dócha) iompar innealra agus trealamh tógála go dtí an Iaráic.

Ach in ainneoin go bhfuiltear ag tuar rudaí dearfacha don aerlasta, beidh deacrachtaí áirithe ann sna blianta atá romhainn. Tá cúpla cúis leis seo.

An rud is tabhachtaí ná praghas an bhreosla. Tá méadú mór tagtha ar an phraghas le dhá bhliain anuas, agus is dócha go leanfaidh sé sin ar aghaidh. Tá mórán scríofa agam i Beo! faoi seo cheana féin; is leor a rá anois go mbeidh éifeacht mhór ag praghas na hola ar gach cinéal iompair, ach go háirithe aeriompar, agus go mbeidh an costas a bhaineann le hiompar ina pháirt níos mó agus níos mó de phraghsanna earraí.

Beidh dhá éifeacht ag seo. Ar dtús, éireoidh earraí nach féidir a iompar ach san aer amháin (bláthanna úra ag dul ón Afraic go dtí an Eoraip, mar shampla) i bhfad níos daoire agus laghdóidh seo an ráchairt a bheas orthu. Beidh éifeacht dhiúltach gheilleagrach ar thíortha atá ag brath go mór ar easportáil le haerlasta. An dara héifeacht ná go dtiocfar ar shlite nua (agus níos saoire) chun earraí a iompar.

Tá sé beartaithe ag comhlacht Meiriceánach darb ainm Fastship Inc. seirbhís lasta trasna an Atlantaigh a chur ar bun in 2008, ag úsáid longa lasta speisialta meara a bheidh ábalta an turas a dhéanamh i gceithre lá in áit seacht nó ocht lá. Má éiríonn leo, tógfaidh siad go leor gnó ón aerlasta – deir siad nach mbeidh ach leath na gcostas acu is atá ag lucht an aerlasta.

(Agus ní hé an t-aerlasta amháin atá faoi bhrú ag iomaitheoirí mara. Tá comhlachtaí eile ag forbairt longa meara chun áit an iompair ar bhóithre a thógáil ar thurais fhada Eorpacha, ón Spáinn go dtí an Ísiltír, mar shampla.

Agus mar sin, cad é an chuma atá ar chúrsaí san am atá romhainn? Go gearrthéarmach, is cinnte go leanfaidh an méadú agus an fhorbairt ar an aerlasta. Ach roimh an bhliain 2015, feicfimid níos mó lasta ag úsáid slite malartacha iompair atá níos saoire. Agus feicfimid freisin níos mó béime ar logántacht, de réir mar a éireoidh costais iompair níos soiléire agus níos soiléire (agus ní na costais airgid amháin atá i gceist ach na costais neamhdhíreacha comhshaoil).

B’fhéidir go n-éireoidh le 747-8 nua Boeing aerlasta a dhéanamh beagán níos saoire, ach san fhadtéarma ní éireoidh leis é a dhéanamh saor go leor.

Oibríonn Pádraig Mac Éamoinn in earnáil na heitlíochta. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.