Tá á bheartú ag Fondúireacht na Gaeilge Tionscadal16, Lárionad Gaeilge do Bhaile Átha Cliath a fhorbairt le bheith réidh d’ócáid chomórtha 1916. Is moladh é ar cheart d’achan Ghaeilgeoir agus Éireannach tacú leis mar go mbeifeá ag súil go mbeadh a leithéid ag príomhchathair na tíre seo leis an chlú atá orainn ó thaobh meas a bheith againn ar ár gcultúr dúchais idir cheol, litríocht, rince, bhéaloideas, mhiotaseolaíocht agus theanga. Tá sé i gceist ag an bhuíon díograiseach ón Fhondúireacht €10m a bhailiú le tabhairt faoin dtogra seo, ach ar na saolta seo faraor, sin í an áit a mbeidh an deacracht agus an fíordhúshlán.
Mar atá rudaí faoi láthair, tá eagraíochtaí Gaeilge spréite amach ar fud na cathrach in ionaid bheaga agus mhóra, ar phríomhsráideanna agus i gcúlsráideanna. Tá gach uile eagraíocht á maoiniú ag an gcáiníocóir ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, bíodh sé trí Fhoras na Gaeilge, An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, nó tríd An Roinn Oideachais nó trí eite eile den státchóras. Bheadh sé ina bhuntáiste don Ghaeilge mar theanga fheiceálach bheo, go mbeadh na heagraíochtaí Gaeilge seo sásta ionad bhreá lárnach a fhorbairt – gar do Chearnóg Mhuirfean agus Sráid Grafton mar atá déanta ag Alliance Francais le blianta. Cé nach bhfuil Beo! iomlán eolach ar mhaoin cuid de na heagraíochtaí seo, tuigtear go bhfuil ceann nó dhó acu atá ina suí ar shuímheanna agus i bhfoirgintí breátha luachmhara. Tá an chuid eile acu ag íoc léasa nó cíosa ard leis an Stát nó le tiarnaí talún príobháideacha.
Nach mbeadh sé iontach dúinn uilig dá mbeadh Ceannáras na Gaeilge ina luí céad méadar ó Choláiste na Tríonóide le hOifig Fháilte deas (féach ar oifigí an AE ar chúinne Shráid Molesworth agus Dawson). Bheadh urlár dá chuid féin ag achan eagraíocht agus iad ag comhrá agus ag caidreamh lena chéile gach lá agus ag malartú tuairimí ar an Stráitéis 20 Bliain ag an sos caife.
Sraith an Díontí
Thiocfadh le hamharclann agus pictúrlann bheag dheas a bheith lonnaithe ann; siopaí ceardaíochta ó lucht ceirde na Gaeltachta; bialann bhia bhlasta na farraige; oifig ag TG4 agus ag Raidió na Life; roinnt árasán do lucht na Gaeilge sa chathair agus dóibh siúd ar chuairt; leabharlann deas Ghaeilge agus oifig eolais ar imeachtaí agus ar ghníomhaíochtaí phobal uile na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain. An t-aon ábhar trom a bheadh le socrú i ndáiríre, ná cé a bheadh i sraith an díontí!
Bheadh sé iontach dá dtiocfadh na príomheagraíochtaí Gaeilge mar Ghael Linn, Conradh na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le chéile agus féachaint, i gcomhar le Fondúireacht na Gaeilge ar chur chuige le Ceannáras Gaeilge a fhorbairt. Muna ndéantar seo, ní bheidh Ceannáras Gaeilge forbartha faoi 2030 gan trácht ar chomóradh 1916 agus ar fhís chruthaíoch Tionscadal16.Naisc:Fondúireacht na Gaeilge http://www.fnag.ie/Raidió na Life http://www.raidionalife.ie//http://www.youtube.com/watch?v=j2vna7tngrM