Is millteanach an scéal é scéal an chóicín. Ní thuigeann Balor, mar sin, cén fáth nach dtiontaíonn úsáideoirí ar snaoisín ina áit.
Bhuel, tá bliain úr eile buailte linn – bliain bhisigh, a deirtear linn, agus tá muid ar fad ag súil le Dia go mbeidh biseach inteacht ar chúrsaí thar mar a bhí i rith na bliana atá díreach caite. Bhí ár sáith cúiseanna caointe againn i gcaitheamh na bliana, le foirne éagsúla na hÉireann agus na Poblachta ar easpa fuinnimh agus easpa tuigbheála, agus a gcuid bainisteoirí ar easpa cuid mhór rudaí eile. Tá a fhios ag an saol mór gur drochbhliain amach is amach a bhí againn i gcúrsaí spóirt. Ach caidé faoin gheilleagar? Bhuel, de réir mar a bhí an bhliain ag dul isteach, bhí glór George Lee ag dul síos, síos, síos – an fear bocht ag dul níos mó agus níos mó le haimléis agus le hainnise. Dar leis go bhfuil muid ar fad sa chac. (Tá sorry orm, a eagarthóir!)
Ní raibh Nollaig bhán ann ar fud na tíre, ach bhí an Nollaig bán go leor in áiteanna áirithe, a bhuíochas sin don chóicín ar fad a bhí dá smúradh ag liúdair agus ag óinseacha agus ag gamail na hÉireann. I dtreo dheireadh na bliana a tháinig scéalta uafáis faoin chóicín chun tosaigh. Agus muid ag druidim leis an Nollaig, ba bheag lá nach raibh scéal inteacht doghrach, donasach, dramhsach ar na nuachtáin – scéal inteacht a raibh a chuid fréamhacha bunaithe go domhain sa chóicín. Ón am a chuirtear an síol sa talamh go dtí go ndéantar an púdar a hooveráil suas srón duine inteacht, ní bhíonn ann ach tragóid i ndiaidh tubaiste. Is millteanach an scéal é scéal an chóicín.
Ach seo ceist: caidé atá contráilte leis an snaoisín? Má tá daoine ag iarraidh stuif a chur suas a srón, nach dtiocfadh leo an snaoisín a úsáid? Agus mura bhfuil dath donn nádúrtha an snaoisín maith go leor dóibh, nach dtiocfadh leo é a dhéanamh bán? Má táthar in ann an bradán agus an breac a thairgeadh ar dhathanna éagsúla anois, gan trácht ar an phráta féin, nach dtiocfadh leo an rud céanna a dhéanamh leis an snaoisín?
Tá stair uasal ársa ag an snaoisín sa tír seo. Bhí sé mar ábhar sóláis agus mar chrann taca ag muintir na hÉireann riamh anall. Ní amháin go gcuireann sé brí agus spiorad sa té a thógann é, ach smaoinígí air seo – ní bhfuair duine ar bith riamh bás siocair é a chaitheamh in éineacht le cúpla pionta. Choinnigh sé jabanna go leor ag dul thuas ansin i monarcha Carrolls i nDún Dealgan agus níor ghá é a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath taobh istigh de chorp duine, agus ansin é a chacáil amach arís sula gcuirfí suas srón inteacht é. (Tá sorry orm arís, a eagarthóir!)
Ní dhearna an snaoisín dochar ar bith do dhuine ar bith riamh, seachas smugairlí agus smaoiseanna agus sneatair a bheith in áiteanna nár chóir agus nach rabhthas ag súil leo. Ach seachas sin, bhuel, thiocfadh liom laoi mholta a chumadh faoi dtaobh de... Agus b’fhéidir go gcumfaidh..... ************
- Laoi Mholta an Snaoisín (Tá an curfá seo le reic ag deireadh gach véarsa, agus trí huaire ag deireadh na laoi.)
*
"Snaoisín ar maidin agus snaoisín san oích’
Snaoisín don chloigeann, don chorp is don chroí.
Níl díobháil ná díth a dhéanfadh dochar don bhrí
Nach leigheasfaí le pinsín beag snaoisín.
Arsa Banríon Shasana le Séarlas a mac:
‘Le hais mhuintir na hÉireann tá muid fágtha sa chac.’ *
‘Arú a mhama,’ ar seisean ‘Siúr caitheann muid tobac,
Is caitheann muintir na hÉireann an snaoisín.’
Bhí cruinniú dí-choimisiúnaithe ag lucht UDA
Nó bhí Paisley is McGuinness dá gciapadh dá gcrá.
Bhí siad sásta a gcuid arm agus armlón a bhá
Ach ní ghéillfidís unsa den snaoisín.
Bhí mé lá amháin ó dheas insan áit sin Cill Chais
Is bhí file mór Gaoluinne ina sheasamh lem’ ais.
Bhí sé ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais:
‘Cad a dhéanfaimid feasta gan snaoisín?’
Tá amhras anois faoi lucht lúthchleasa an domhain
Nach n-úsáideann a gcloigeann faoi steroids, ochón.
Dá mbeadh ciall ar bith acu d’úsáidfidís a srón
Agus ghlacfaidís pinsín beag snaoisín.
Tá lucht caite sna tábhairní fágtha faoi bhrú.
Níl cead rud ar bith a lasadh faoin reachtaíocht nua.
Ach ní lasann tú an snaoisín mar lasann sé thú.
Mo cheol thú a bhosca beag snaoisín.
Ag Craobh-Chluiche na hÉireann ’sé a dúirt Mickey Harte
‘Tá a fhios agam gur cosúil nár bhearr mé i gceart
Ach tharla an fás seo is an chéad leath díreach thart
An t-am sin ar thóg mé an snaoisín.’
Bhí deacrachtaí móra ag Róise Thrá Lí -
Nó ní raibh Róiseanna na hÉireann le fáil áit ar bith.
Bhí siad sínte ar a leaba ag ligean a scíth
Iad sona ar nós cuma liom ar snaoisín.
Bhí poc mór ar buile i gCiarraí fadó
A bhuail rop dá chuid adharc ar thóin garda sa cheo.
Bhí mearbhall ar Shagart an Daingin dar ndó’:
Ní an diabhal a ba dhóigh leis ach snaoisín. Bhí seanchoileach ar an fhara a bhí céasta ag pian
Is ní dhearna sé a ghnoithe le breis agus bliain.
Ach níl cearc ar bith slán anois, is é ag obair gan srian
Ó thosaigh sé ag caitheamh an snaoisín.
’Sí do mhamó í ó ’sí do mhamó.
Bhí Cailleach an Airgid in aois céad is a dó
Nuair a phós sí is bhí clann aici – trí chúpla, gan ghó
Ó thosaigh sí ag caitheamh an snaoisín.
Thug mé cuairt ar an Phápa a bhí breoite go leor:
‘Ó caidé mar atá tú, a Phápa a stór?’
‘Tá mé i gceart anois,’ ar seisean, ’gus tocht ina ghlór.
‘Deo gratias gur thug tú leat snaoisín.’
A snaoisín, a snaoisín is aoibhinn liom thú.
Cuireann tú neart ionam, láidreacht is lúth.
Is cuma liom fiú nuair a théim Ááá-tsiúúú!
’Fhad is a fhaighim mo dhóthain den snaoisín. (* Tá sorry ar Bhanríon Shasana fosta, a eagarthóir.)
Guíonn Balor, Tuairisceoir Tuisceanach an Bhéil Bhinn, bliain úr mhaith oraibh ar fad, a léitheoirí. Agus ná déanaigí dearmad, agus sibh ag dul amach san oíche, ar an bhosca beag snaoisín.