Déanann Brian Ó Broin cur síos ar na radharcanna a chonaic sé le linn Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac.
Bertie i Washington, Martin Cullen ag leagan bláthfhleisce i Times Square, stríoc ghlas á péinteáil síos lár Fifth Avenue i Manhattan. Lá Fhéile Pádraig eile i Meiriceá, ba chosúil. Chuir mé romham Meiriceá na nÉireannach a bhlaiseadh i mbliana, óir ba é an chéad uair dom bheith i Meiriceá don fhéile ó bhog mé go Nua-Eabhrac. Isteach liom mar sin ar an traein go luath ar maidin chun áit mhaith a fháil ar Fifth Avenue don pharáid.
An rud ba mhó a chuir iontas orm ná chomh míleata is a bhí an mórshiúl. Chuaigh drong i ndiaidh droinge de shaighdiúirí, póilíní, agus fir dhóiteáin tharam ar comhchéim, aghaidheanna sollúnta crua dírithe chun cinn. Tiomnaíodh mórshiúl na bliana anuraidh do Reisimint 69 Arm Mheiriceá, a chaill 19 saighdiúir san Iaráic go dtí seo, agus tiomnaíodh mórshiúl na bliana seo dóibh freisin, in onóir a bhfillte ón Iaráic le gairid. De ghnáth máirseálann siad i gceann an mhórshiúil, ach anuraidh níorbh fhéidir leo agus iad thar lear. I mbliana bhíodar ar ais san áit ba dhual dóibh, agus shiúladar tharainn go bródúil crosta, gléasta go fóill in éide ghioblach an ghaineamhlaigh. Os a gcomhair amach cú faoil mór, sonóg na reisiminte. Eisean an t-aon té a raibh meangadh gáire air sa drong, ba chosúil.
Traidisiún fada Éireannach atá ag an “Fighting 69th”, mar is fearr aithne orthu san arm agus i measc phobal Nua-Eabhrac. Bunaíodh as muintir na hÉireann iad 150 bliain ó shin i Nua-Eabhrac, faoin mana atá mar gháir chatha acu go fóill, “Faugh A Ballagh,” mana a fheictear scríofa ar a mbratacha go fóill.
Ní raibh a fhios agam go raibh an méid sin píobaí ar fáil ar domhan is a chonaic mé i rith an mhórshiúil. Póilíní iad na píobairí den chuid is mó, ach ar a laghad b’fhaoiseamh iad ó chiúnas agus aghaidheanna crua na saighdiúirí! Is cosúil go bhfuil banna píb ag gach roinn póilíní i Meiriceá, agus más ea, bhíodar i Nua-Eabhrac an lá seo. Shiúil banna píb ó phóilíní New Orleans tharam, bratach acu ag gabháil buíochais le Nua-Eabhrac as an gcúnamh a tugadh dóibh i ndiaidh Spéirling Katrina.
Tagann lucht na gcontaetha tríd, scaiftí beaga daoine faoi sheanbhratacha daite agus ainmneacha na gcontaetha orthu. Cuireann bratach ollmhór Chumann Ard Mhacha iontas orm, í go hiomlán i nGaeilge, an t-aon bhratach amháin sa mórshiúl a bhfuil Gaeilge uirthi.
Na cheerleaders, ar ndóigh. Táid préachta, na créatúir, ina ngúnaí beaga, ach fair play, leanann siad orthu leis na ciceanna arda agus le rothlú na mbataí, beag beann ar an bhfuacht san aer.
Agus saighdiúirí arís. Lucht an chabhlaigh, an t-aerfhórsa, saighdiúirí cabhlaigh, saighdiúirí cúltaca. Déanaim suntas arís de a laghad atá ag caitheamh suaitheantas Éireannach ar bith. Siúlann seisear i ngarda brataigh tharam, gach duine acu ag iompar brataigh, gan ceann acu bainteach le hÉirinn.
Tagann drong leipreachán faoi dheireadh, grúpa fear gléasta in éide scéiniúil ghlas agus féasóga dearga orthu. Faoiseamh iad ón troime mhíleata.
Gardaí Éireannacha! D’aithneofá ar an toirt iad, a laghad sin datha ar a gcraiceann, agus a chúthailí is atá siad. Siúlann siad go neamhfhoirmiúil tharainn. Ní léir go n-aithníonn mórán cé hiad.
Na draenna
Go bhfóire Dia orainn, arsa mise liom féin, ach cá bhfuil na draenna? Breathnaím suas síos Fifth Avenue, ach sin uile.
Bhuel, níor cheart dom bheith ag clamhsán. I Nua-Eabhrac a bhí céad mhórshiúl na Féile Pádraig sa mbliain 1762, agus níor thosaigh an “traidisiún” in Éirinn go dtí céad bliain ina dhiaidh sin! Má airím uaim na mórshiúlta Éireannacha féin leis na draenna agus na tinte ealaíne, níor cheart dom a bheith ag súil leis an rud céanna i Nua-Eabhrac. Seo mar a bhí sé riamh, agus seo mar a fhanfaidh sé.
Ba iad trúpaí Éireannacha de chuid choróin Shasana a chuir tús leis an mórshiúl i Meiriceá. Protastúnaigh ba mhó ab ea iad, agus d’fhan an mórshiúl ina lá d’uaisle na hÉireann ar feadh i bhfad. Ba é plódú Mheiriceá le hinimircigh (cuid acu ar Molly Maguires iad in Éirinn) a d’athraigh cúrsaí, agus in 1838 thóg an Ancient Order of Hibernians, grúpa tacaíochta d’inimircigh Chaitliceacha as Éirinn, baitín an mhórshiúil go hoifigiúil. Ó shin i leith, mar a bheifeá ag súil, d’athraigh carachtar an mhórshiúil go hócáid Chaitliceach a cheiliúrann, ní hamháin an tÉireannachas, ach streachailt na gCaitliceach in aghaidh Shasana in Éirinn. Leis an nGorta Mór in 1847 agus an inimirce a lean é i Meiriceá, mhéadaigh go mór ar an mórshiúl. Bhí tuairim is 100,000 ag máirseáil i mbliana, agus cúpla céad míle eile ag féachaint ar an mórshiúl. Thosaigh an mháirseáil ag 11am agus bhí grúpaí ag siúl fós ag 5pm.
Ní bhíonn mórshiúl ar bith gan chonspóid. I mbliana ba é eachtra Christine Quinn an eachtra úd. Mar spéicéir Chomhairle Chathrach Nua-Eabhrac agus duine de bhunadh na hÉireann, fuair Quinn cuireadh máirseáil sa mórshiúl, rud a bhí sí sásta a dhéanamh ach cead a bheith aici máirseáil le suaitheantas a thabharfadh le fios go raibh sí aerach. Diúltaíodh di, ar ndóigh, agus dhiúltaigh sí máirseáil.
Shocraigh mé féin coinne le cara Meiriceánach i dtábhairne Éireannach ag a ceathair a chlog, ach b’fhearr dom gan bacadh. Ní fhéadfadh an luichín féin bogadh sa tábhairne. Bhí buicéid sna cúinní, agus drochbholadh na sceithe san aer. Bhíos ar tí teitheadh nuair a d’aithin diúgaire éigin ag an mbeár mé. “Hey, this guy’s really Irish! Get him a beer!”
Chonaic mé ól á chleachtadh mar spórt i rith Sheachtain na nGiobal agus mé i mo mhac léinn i nGaillimh, ach dar fia, ba ag na Meiriceánaigh a bhí an svae sa spórt seo. Ní fhaca mé a leithéid d’ól riamh. Is cosúil go dtógann an-chuid Meiriceánach, fiú daoine nach Gael-Mheiriceánaigh iad, an lá saor ar fad, chun é a chaitheamh go hiomlán ag ól. Bhaineas cúpla súmóg as an bpionta Guinness (a tháinig chugam, tar éis scaird thapaidh amháin, i ngloine phlaisteach) sular thosaigh an t-achrann, agus nuair a caitheadh amach beirt in aice liom, thapaíos an seans, agus d’éalaigh amach arís.
Bhí an chathair ag cur thar maoil le diúgairí, hataí plaisteacha glasa ar a gcloigne, iad ag canadh, ag scréachaíl, agus, ar ndóigh, ag tógáil gach aon tacsaí a thiomáin thart. Thógas an Subway ar ais go Penn Station agus an traein ar ais abhaile.
Ní fhéadfaí a rá anois nach bhfuil Lá Fhéile Pádraig feicthe agam i gceart i Nua-Eabhrac, ach an chéad bhliain eile b’fhéidir go mbainfidh mé triail as Baile Átha Cliath. Airím uaim na tinte ealaíne!
Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.