Colún tathanta atá ag Pat Butler daoibh an mhí seo, a chairde. In airde leis ar ardán na cainte, más ea, faoi scannán ar leith, ar neamhaird seó-oíche na nOscar go léir.
‘Bonnie and Clyde’ - Bláth na Bliana 1967.
Tógaim sos beag ón rabharta scannán, a bhformhór mór den dara grád, is baolach, (seachas ‘Shutter Island’, ‘The Girl with the Green Tatoo’, ‘A Single Man’ agus cúpla ceann eile) a seoltar amach ar chúr an tsrutha stiúraigh a leanann seó-oíche na nOscars. Earrach an Ghorta Mhóir a thugaim ar an dtráth sin ina bhfágtar ar an ngannchuid sinn. Seachas dua a chaitheamh ar ábhar úr nach bhfuil thar moladh beirte, caithim súil siar ar cheann a leag Warner Brothers fán ár mbráid i mbliain seanré na hóige 1967. Cé a chonaic ar a chéad shodar a dhearmadfas riamh an t-each folúil sin ‘Bonnie and Clyde’? Bhí sé tráthúil gur aimsigh sárshaothar Arthur Penn glúin leanta nua san IFI le deireannas. Tréaslaím le breithiúnas an sceidealóra. Nára fada go bhfaighidh a chapall aonstábla ‘Cool Hand Luke’ (Warner Brothers, 1967 arís) cead na gceithre gcos ar scáileán iardhearcach éigin freisin.
Is cuimhin liom fós cumhacht na réamhtheideal creidiúna. Bhíodar crosghearrtha le seanghrianghrafanna dubha agus bána na beirte. Bhí Bonnie Parker ciardhubh, dála an scéil, níor fionnán ar aon dul le Faye Dunaway í. Clic an sean-Kodak le gach griangraf. Tá tuar na fola ann freisin - sa chaoi a n-aistríonn ainmneacha Warren Beatty agus Faye Dunaway ón mbán don fhuildhearg, sula measctar amach as deireadh na sraithe grafaigh sin go beola fhuildearga Faye Dunaway in CU ollmhór. Agus muna dtuigimid ar an toirt gur scannán é seo ar fhoréigean, agus ar bhás is ar chollaíocht na beirte leannán, ní fhágann céad mhír an bheo-aicsin féin - na beola thuasluaite san áireamh - i mórán amhrais sinn.
An Scread Feirge
Is iomaí cosúlacht agus éagsúlacht atá ann idir obair Penn agus an scéal fíor. Ní sin, áfach, ach ealaíon agus éifeacht an scannáin an fócas atá agam anseo. Mhúscail an foréigean grafach agus na gallúin fola conspóid agus mórchuid ceisteanna ag an am. Raibh an choiriúlacht á ghlóiriú sa scannán? Gan trácht ar bhlas na réamhphoiblíochta – ‘They’re young...they’re in love...they kill people’. Nó an amhlaidh gur ráiteas in éadan chóras lofa na mbancanna /an chaipiliteachais atá ann - sórt scread feirge daoscarshlua dífhostaithe Mheiriceá an Spealadh Mhóir, cosmhuintir John Steinbeck sna ‘Grapes of Wrath’, an é sin an fonn a chóirigh Penn dúinn as bunscéal Clyde Barrow agus Bonnie Parker? Nó ar cheart an bheirt seo a thaispeáint mar shraith-dhúnmharfóirí fuara, seachas i bhfoirm Dunaway agus Beatty, atá ar an mbeirt leannán retro-chic is mealltaí sa chanóin?
D’ardaigh ceisteanna dá leithéid idir theas agus sholas nuair a phléasc obair Penn ar scáileáin an domhain tá dhá bhliain le cois an dá scór anois ann. Bhí gach saghas údaráis agus chuile bhunaíocht pholaitiúil á cheistiú ag glúin sin na n-agóidí. Níorbh fhada nó gur íocóin stíle iad beirt - beret agus collaíocht oscailte Bonnie Parker, cultacha agus giodal bréige Clyde Barrow.
Leid i nDiaidh a Chéile
Ach, mar a dúrt ó chianaibh, tá chuile mhóitíf agus meafar le fáil i gcéad bheoshraith an scannáin. Bonnie, lom nocht ach díscréideach, ina seomra codlata os comhair an scátháin. Bábóg a leanbh-aoise ar an driosúr. Bean óg ag dul as a meabhair le leadrán agus le frustrachas - fisiciúil agus spioradálta. Caitheann sí í féin ar an leaba. Seanleaba ráillí iarainn, a géibheann. Bascann sí na ráillí le teann mianbhaic. Feictear Clyde thíos ar an gcosán lasmuigh, tré dhallód muiscíte fhuinneog leathoscailte Bonnie. Gluaisteán amuigh á réamhbhrath ag Clyde. Ar ais chuici féin arís. Éiríonn sí ón leaba agus bogann fá dhéin na fuinneoige. Feictear ansan ón lasmuigh í – a modhúlacht ceilte, a colainn nocht cosanta ag fráma na fuinneoige. Feiceann sí Clyde agus léann sí ar an toirt an drochobair tá idir lámha aige siúd. Lasann Bonnie suas le teann diablaíochta. Ansin tagann ceann de na línte tosaigh is is íoconaí i scannáin uile na seascadaí -
“Hey boy, what you doin’ with my Mama’s car?”
Casann Clyde. Léann seisean méin Bonnie is na mianta atá ag coipeadh tríthi san aon spléachadh amháin. Fiú sula gcasann sí ón fhuinneog, fiú muna gcuireann sí uirthi ach gúna cadáis scagach le fuadar a cuid drúise - gúna a bhfuil an dá chnaipe uachtarach fós á gceangal aici nuair a briseann sí doras an tí amach - tuigimid, pé rud eile a tharlós sa scannán seo, go bhfuil splanc domhúchta lasta cheana féin idir an bheirt aonarach neamhchoinbhinseanúla seo. Agus tá ’s ag éinne againn atá ar an eolas, nach múchfar an splanc sin go dtí go dtiomáinfidh siad isteach i gcith marfach piléar an luíocháin ‘gabhála’ ar deireadh, i Model ‘A’ Ford, más buan mo chuimhne - cith piléar a réitigh an Texas Ranger Frank Hamer mar bheart díoltais is mar mharbhna comhcheoil dóibh araon.
Ar shlí, tá bun, barr agus deireadh an scannáin sa tús. Beirt imeallach in éadan an domhain. Beirt ar tí imeacht le bánaí i gcoinne an chórais mar nach leamh a bhéas an geábh spleodrach sin. Beirt le brionglóidí féiníobartha. Beirt le mianta báis neamhshainithe, mianta nach n-aithníonn siad iontu féin go dtí nach bhfuil aon éaló ann dóibh uathu. Beirt a mharódh ocht nduine dhéag i spraoi fiáin robála tré Stáit an Iar-Láir, idir 1931 agus 1934. Beirt a mhúscail macalla i nglúin saor na mbláthchumhachta, glúin réabhlóideach fhriothbhunaíoch na bliana 1967.
Seoid
Tá ‘Bonnie and Clyde’ ar tinneall le sraitheanna sainiúla – na tóireacha gealtacha, a raibh ceol Lester Flatt, Earl Scruggs is na Foggy Mountain Boys fúthu - an bealach tuisceanach ina láimhseáltar éagumas Clyde agus frustrachas Bonnie – an mhír i lár an scannáin ina ngabhann siad an Texas Ranger Frank Hamer, fíoreachtra. Glacann siad griangraf de i mbaclann Bonnie a rinne ceap magaidh de bhleachtaire nuair a sheoladar chun na nuachtán é. Eachtra a chinntigh an cith piléar cinniúnach. Eachtra a spreag an líne – “I figure to have my picture took with them two just one more time”, nuair a fhilleann Frank Hamer ar an aicsean chun fógra tóra marfach a eagrú ina gcoinne sa deireadh.
Nuair a chuireann tú san áireamh taispeáintais Michael J. Pollard (C.W. Moss), Gene Wilder (Eugene Grizzard), Gene Hackman (Buck Barrow) agus Estelle Parsons (Blanche, bean chéile Buck) a bhain Oscar dá páirt mar aisteoir mná i ról tánaisteach (1968), ’sí mo theachtaireacht duit ná go bhfuil seoid anseo ar fiú féachaint as an nua arís air. Munar ar an tseilf sa bhaile agat cheana féin é, ceannaigh, nó tóg ar iasacht é. Agus caith oíche cois tinteáin le línte glórmhara mar seo leanas –
“This here’s Miss Bonnie Parker. I’m Clyde Barrow...We rob banks.”
Bainigí sult as, agus ná tóg orm é nuair a thiteann tú fá dhraíocht bhuan na beirte seo!
Pat.Butler@beo.ie
Naisc: An tús http://www.youtube.com/watch?v=C0j6ghtjNto&feature=relatedAn deireadh http://www.youtube.com/watch?v=Sh0luSsP91ISa scannán http://www.youtube.com/watch?v=jzeYbStdBU&feature=relatedhttp://en.wikipedia.org/wiki/Bonnieand_Clydehttp://www.youtube.com/watch?v=2HU8egqDF1A&feature=relatedRéamblaiseadh an scannáin http://www.youtube.com/watch?v=BizxiDtFdrIíospháirtithe http://texashideout.tripod.com/victims.htmlAn teálta http://texashideout.tripod.com/bc.htm
http://www.youtube.com/watch?v=6RTxcurOXNo&feature=related
Faye Dunaway http://ga.wikipedia.org/wiki/Faye_Dunaway