AR NA SAOLTA SEO
Jan Palach 1948-1969
Ken Ó Donnchú Ken Ó Donnchú Ken Ó Donnchú

Fuair Ken Ó Donnchú ábhar domhain machnaimh ar shuíomh idirlín a tiomnaíodh do Jan Palach, an féiníobartach a losc é féin i gCathair Phrág sa bhliain 1969.

Íomhá
Cuimhneachán ar fhód a mbáis, Palach-Zajíc, ag an Iarsmalann Náisiúnta
(le Angela Kroeger ar Vicipéid)
Íomhá
An t-ionradh ar Praha Lúnasa 1968
(le Dusan Neumann ar Vicipéid)
Íomhá
Ryszard Siwiec san agóid a thug a bhás i stadion X Lecia i Bhársa
(Vicipéid)
Íomhá
Uaigh an leasaitheora Alexaner Dubček
(le Kelovy ar Vicipéid)

Bhí an tSeicslóvaic faoi chois ag tíortha ollchumhachtacha éagsúla ar chaon taobh i rith an chéid seo caite: an tríú Reich ó 1939 go 1945, agus an tAontas Sóivéadach ó dheireadh na 1940í go dtí 1989, agus ar feadh cúpla céad bliain roimhe sin, anuas go dtí an chéad chogadh mór, Impireacht Hapsburg. Scar an dá thír, Poblacht na Seice agus Poblacht na Slóvaice lena chéile i 1992. Ba chorraitheach cinniúnach iad na tréimhsí thuasluaite seo i stair na Seice san aois seo caite. Eachtraí áirithe a thit amach i rith na dtreimhsí sin chuaigh siad i bhfeidhm chomh mór sin ar mhuintir na Seice go spreagann siad cur agus cúiteamh i gcónaí, in ionad glacadh leo scun scan mar chuid de leagan oifigiúil na staire a scaiptear go coitianta, mar is minic a tharlaíonn i gcás stair náisiúnta. Cuireadh borradh úr le déanaí faoin allagar poiblí i dtaobh na híobartha a rinne fear óg darbh ainm Jan Palach ag deireadh na 1960í, nuair a seoladh suíomh idirlín nua (www.janpalach.cz) atá dírithe ar a shaol agus ar ar lean a ghníomh radacach. Chuir an mac léinn óg seo é féin trí thine ar son ‘mhúscailt a thíre ón támhnéal ina raibh sí’ os comhair Iarsmalann Náisiúnta na Seice 16 Eanáir na bliana 1969. Fuair sé bás de dheasca a ghortuithe ón loscadh trí lá ina dhiaidh.

An tEarrach Prágach

Sé mhí roimhe sin rinne tancanna an Aontais Shóivéadaigh ar an tír gur ghabhadar í. An tEarrach Prágach, mar a tugadh air, ba chúis le gabháil seo na Sóivéideach. Tar éis d’Alexander Dubček agus leasaitheoirí eile an Pháirtí Chumannaigh tabhairt faoi ‘chrot nua’ a chur ar dhúnghaoisí an pháirtí in Aibreán 1968 (’aghaidh dhaonna an tSóisialachais’ a chur chun cinn ba ea a n-aidhm) mhéadaigh ar dhóchas na ndaoine go bhféadfaí athruithe suntasacha teacht ar an saol. Cuireadh deireadh le cinsireacht ar na meáin chumarsáide, ceadaíodh saoirse cainte, agus tugadh cead a gcos do Sheicslóvacaigh. Chuaigh muinín agus misneach lucht an daonlathais i méid, agus ba é a moladh siúd don Pháirtí Cumannach leanúint lena ghlantachán Earraigh.

Ghlac na Sóivéidigh ceannas míleata ar an tír sula raibh deis an ag an bPáirtí Cumannach cur lena chlár athruithe, agus chuireadar fear nua, Gustáv Husák, in áit Dubček, a dhéanfadh de réir thoil Mhoscó. D’fhéach siad le smacht an Pháirtí Chumannaigh ar mhuintir na Seicslóvaice a threisiú. Níorbh aon nuaíocht ag Seicslóvacaigh an smacht agus an bhagairt, óir bhí fórsa rúnda póilíní ag feidhmiú sa tír ó ghabh an Páirtí Cumannach cumhacht iomlán i 1948. Ba mhinic daoine a raibh amhras fúthu i dtaobh a ndílseachta don pháirtí (dá laghad nó dá neamhiontaoibhe an t-amhras céanna) curtha i ngéibheann, nó seolta chuig na mianaigh agus na Cumannaigh i gceannas na tíre. Mar sin atá ag an bpríomhcharachtar in úrscéal cáiliúil Milan Kundera The Joke (Žert). Iadh teorainneacha na tíre go gairid i ndiaidh theacht na dtancanna, ach sul má rinneadh, d’imigh os cionn seachtó míle Seicslóvacach ar deoraíocht. Creidtear go raibh a dhá oiread imithe faoin am ar baineadh leasuithe an Earraigh Phrágaigh dá mbonnaibh mar chuid den tréimhse ‘normálaithe’ a lean gabháil na Sóivéideach.

Gníomh Jan Palach

Ba bheag den neamhchoitiantacht a bhain le Jan Palach roimh Eanáir na bliana 1969. Mac léinn in Ollscoil Sheárlais i gcathair Phrág a bhí ann. Chuir sé suim mhór sa stair, agus tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh i mbun staidéir ar an Eacnamaíocht, glacadh leis i nDámh na nDán in Ollscoil Sheárlais i mí Lúnasa na bliana 1968, faoi mar a theastaigh uaidh i gcónaí. Bhí gnó déanta milseán ag a athair a dúnadh faoi réimeas na gCumannach ag tús na 1950í – níor ceadaíodh gnó príobháideach, ar ndóigh – ach ina ainneoin seo chuaigh máthair Jan isteach sa Pháirtí Cumannach le go bhfaigheadh a clann mhac oideachas. Dhealródh sé gur bhean réadúil seachas bean réabhlóideach ina dearcadh í Libuše Palachová. Faoin am ar thosaigh sé a chuid staidéir i nDámh na nDán i bPrág bhí Jan Palach gafa le gnóthaí agóide na mac léinn, an dream ba mhó díograis i bhfeachtas na n-easaontóirí. Bhí páirt aige i stailc ar theip uirthi i mí na Samhna 1968; dar le cairde leis agus le lucht a chomhaimsire ba í an eachtra seo a chuir i dtreo na gníomhaíochta radacaí é.

Maidin an lae ar losc sé é féin, scríobh Palach ceithre cinn de litreacha inar mhínigh sé na hathruithe á bhí á n-éileamh aige féin agus ag a lucht aitheantais. Ar na héilimh seo thathantaigh sé go gcuirfí stailc ar bun, stailc nach staonfadh go dtabharfaí ar ais an athuair an tsaoirse cainte, agus go gcoscfaí scaipeadh nuachtlitreacha de chuid fhórsaí an Airm Shóivéadaigh. Mura mbainfí na cuspóirí céanna amach faoi Eanáir 21 séard a tharlódh ná go lasfaí ‘lóchrainn eile’ le misneach na tíre a ghríosadh. ‘Lóchrann uimhir 1’ ba ea an síniú a chuir Palach leis na litreacha seo. Níor cruthaíodh riamh arbh ann do bhuíon seo na ‘lóchrann eile’ atá luaite i litreacha Palach, a dhéanfadh aithris ar an ngníomh a rinne sé féin. Rinne Seicslóvacaigh eile nach raibh baint acu le Palach ná leis an ngluaiseacht i bPrág aithris air sna míonna ina dhiaidh sin, agus fuair triúr acu bás dá dheasca. Pé acu arbh iad idéil agus aidhmeanna Palach a spreag iad, níor imir a ndearna siadsan an tionchar céanna ar stair na Seice agus a d’imir gníomh Jan Palach, ná ní chuimhnítear orthu ar an gcaoi chéanna ach chomh beag.

An Mhuirthéacht Veilbhite

Fuair Václav Havel, an chéad uachtarán ar an tSeicslóvaic tar éis thurnamh ré an Chumannachais i 1989, bás i mí na Nollag seo d’imigh tharainn 2011. Is fearr a aithneoidh léitheoirí a ainm siúd, mar gur scríbhneoir clúiteach agus ba chomhartha den tsaoirse go hidirnáisiúnta ba ea é leis. Gabhadh eisean i mí Eanáir 1989 de bharr a ghníomhaíochta in eachtraí cuimhneacháin Jan Palach na bliana sin. Bhíodh na heachtraí cuimhneacháin chéanna ina siocair chaismirte go hiondúil idir fórsaí slándála éagsúla an rialtais agus lucht an chuimhneacháin i rith an fhiche bliain a lean bás Palach gur dhíbir agóidí na Réabhlóide Veilbhite na Cumannaigh ó chumhacht. D’fhill an daonlathas ar an gcuid sin den Eoraip an athuair. D’aithin an ghluaiseacht fhrithchumannach Charta 77, dream a raibh Havel ar dhuine dá bhunaitheoirí, an treoir don easaontacht a thug íobairt agus éilimh Palach. Sa réimeas nua i ndiaidh 1989 tugadh an onóir is coitianta a thabhairt do ghníomhartha dá shaghas: tá sráid i bPrág (siúd is gur cearnóg atá i gceist sa chás seo) ainmnithe ina dhiaidh agus nochtadh dealbh ina urraim. Bronnadh an gradam is airde ar féidir leis an rialtas a thabhairt, ord Tomáš Masaryk (uachtarán na chéadphoblachta i ndiaidh an chéad chogaidh mhóir), air mar an gcéanna.

Ár Ré féin

Gníomh radacach uafásach marfach ba ea gníomh Palach, é féin a dhó. Íobairt í ar éirigh léi ‘a thír a dhúiseacht’ as an támhnéal ar shíl sé í a bheith ann, ach nár bhain aidhmeanna an fhir féin amach ar a shon sin. Ba go mall staidéartha a thuillfí éilimh Palach. Ní féidir leis an nglúin seo agamsa, a tógadh i ndiaidh ré mhór an Chumannachais, foghlaim faoin aois úd, gan trácht ar í a thuiscint, ach trí leas a bhaint as foinsí na staire. Foinse an-suimiúil agus an-luachmhar is ea an suíomh idirlín nua seo a chuireann mórán eolais i dtaobh Jan Palach ar fáil go fiú más doiligh an t-eolas ann a léamh go fuarchúiseach.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Éireannach é Ken Ó Donnchú. Tá sé ag obair sa Ghailís faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.