CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
James Whelton agus Muintir Coderdojo
Niamh Ní Shúilleabháin Niamh Ní Shúilleabháin Niamh Ní Shúilleabháin

Bhí Niamh Ní Shúilleabháin ag dearcadh isteach i scéal Mhuintir Coderdojo agus i scéal a mbunaitheora, James Whelton.

Íomhá
James Whelton
(le Juokaz ar Flickr)
Íomhá
I mbun cainte
(le Holgerblank ar Flickr)
Íomhá
James ar an ardán i Londain
(le King Molan ar Flickr)
Íomhá
James, os comhair an tslua
(le TEDxCIT ar Flickr)
Íomhá
Na Dojonna is sine in LIT Durlas
(le Irish Typepad, Flickr)
Íomhá
Spéis i sádar ag éinne, LIT Durlas
(le Irish Typepad ar Flickr)

Tá sé ar dhuine de na daoine óga is cumasaí faoi scór go leith bliana d’aois ar domhan atá luaite sa chomhluadar céanna le Mark Zuckerberg, Adele agus Lady Gaga, ach ní chuirfidh an clú agus cháil go léir an dallamullóg ar an gCorcaíoch a chuir tús le gluaiseacht Coderdojo, James Whelton. D’fhógair an iris Forbes i lár mhí na Nollag gur éirigh le Whelton agus le triúr Éireannach eile liosta na mboc óg is cumasaí a bhaint amach don bhliain 2012; ina measc bhí Jonathon Cloonan, atá tar éis clú a bhaint amach i réimse na fógraíochta san Áis agus na deartháireacha Patrick and James Collison ó Luimneach atá tar éis cáil a bhaint amach i Silicon Valley.

Bliain shuntasach a bhí ann don mbradaí ríomhaireachta agus fiontraí óg atá 20 bliain d’aois. Ó bhunaigh James Whelton Coderdojo i gcomhpháirt leis an bhfiontraí idirlín Bill Liao i mí Meithimh 2011, tá breis agus 130 club nó dojo mar thugtar orthu oscailte ó Árainn Mhór go St Petersburg, d’fhonn scileanna ríomhchlárúcháin a mhúineadh don aos óg faoi bhun sé bliana déag d’aois. Ceaptar anois go bhfuil thart ar 10,000 páiste ar fud na cruinne cláraithe le Coderdojo.

Fear paiseanta, gealgháireach agus uaillmhianach is ea Whelton ach níl sé sásta glacadh le gnásanna seanbhunaithe. Níl fonn air freastal ar an ollscoil agus is mór an t-ábhar mórtais dó an teideal atá bainte amach aige mar bhradaí ríomhaireachta.

Bradaíl i nGarraí iPod Nano

Bhain sé clú amach don chéad uair nuair a d’éirigh leis bradaíl a dhéanamh ar an iPod Nano agus é fós ar scoil. Bronnadh an gléas air mar dhuais tar éis dó comórtas ríomhaireachta a bhuachan dá scoil, Coláiste na Toirbhirte i gcathair Chorcaí.

Caithfidh nach raibh Apple róshásta leis? “Déarfainn gur díoladh níos mó iPods ina dhiaidh sin toisc gur cheannaigh bradaithe eile iad. Ní dóigh liom mar sin gur chuir sé isteach rómhór orthu”, a deir sé.

Go luath ina dhiaidh sin, chas Whelton ar Bill Liao ag an Dublin Web Summit, an lá céanna agus a bhí bréagscrúdú sa mhatamaitic ceaptha a bheith aige roimh an Ardteist. “Rinne mé an rud onórach agus bheartaigh mé gan an bhréagscrúdú a dhéanamh”, a deir sé. Bunaíodh Coderdojo agus thángadar ar chóras a bheadh furasta go leor a chur ar bun ar fud an domhain. Tá an ghluaiseacht ag forbairt de réir a chéile agus tá curaclam agus bonneagar fós idir lámha ag na teagascóirí. I gcomórtas le cruth an tseomra ranga bíonn modhanna teagaisc níos solúbtha ag an dojo, agus is é bunphrionsabal na gluaiseachta ná cothrom na Féinne do chách.

Is é an rud is suntasaí áfach ná an tacaíocht atá curtha ar fáil ag saineolaithe saor in aisce. “Ba dheacair a chreidiúint go dtarlódh a leithéid le linn ré an tíogair cheiltigh” dar le Kathleen Byrne atá ina saorálaí ag dojo i mBré i gCill Mhantáin. Is í Jennifer Thompson atá mar chathaoirleach áitiúil i mBré agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an dojo sin. Agus ré na teicneolaíochta buailte linn, tá sise den tuairim gur cheart bunphrionsabail na ríomhaireachta a chur ar shúile ár bpaistí go luath sa saol.

Tá tacaíocht faighte ag an ngluaiseacht ó pholaiteoirí agus ó fhiontraithe agus tá comhlacht Sheáin Uí Shúilleabháin (Dragons Den) ag tacú leis an ngluaiseacht. Reáchtáladh dojo do pholaiteoirí sa Dáil i Mí Iúil agus ghuigh an Taoiseach Enda Kenny gach rath ar an bhfeachtas. Ó tharla go bhfuil rath ar an tionscadal, tá suim ag lucht oideachais tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh faoin mbealach go bhféadfadh scoileanna na tíre leas a bhaint as Coderdojo mar áis teagaisc i réimse na heolaíochta agus matamaitice.

In Earnáil an Oideachais

Chuige sin, tá scéim phíolótach ar bun ag an bpríomhoide Kathleen Byrne i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig i nGleann Cuilinn i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá sé ar an gcéad scéim dá leithéid sa tír agus múintear scileanna cóidríomhaireachta chomh maith le scileanna teicniúla ó rang a ceathair ar aghaidh. Tá Kathleen go láidir den tuairim go bhfuil sé de bhuntáiste ag Coderdojo go gcuireann sé le scileanna réitithe fadhbanna na bpáistí agus go rachaidh na scileanna sin chun tairbhe do na páistí i ngach aon ábhar.

Is é an deacracht is mó atá ann do scoileanna ná saorálaithe a mhealladh i rith an lae scoile. Bíonn Coderdojo ag brath go hiomlán ar shaorálaithe agus tá tuilleadh oiliúna ag teastáil ó mhúinteoirí sa réimse seo, dar léi. Is léir áfach go bhfuil an síol curtha anois agus go bhfuil borradh idirnáisiúnta faoin ngluaiseacht. Tá gaiscí déanta ag lucht Coderdojo cheana féin. Is é an sampla is mó atá ann ná sás Harry Moran, ‘Pizzabot’ a bhain amach an chéad áit i stór sása ar iTunes nuair a seoladh é i mí na Nollag 2011. Bhí an leaid óg i rang a ceathair sa bhunscoil ag an am.

Tá Whelton dóchasach faoi thodhchaí na heagraíochta. “Tá alltacht ar dhaoine áirithe faoin méid ata bainte amach ag na dojos ach tugann sé misneach dom go bhfuil glúin de chruthaitheoirí cumasacha ag teacht chun cinn”, a deir sé. Ach an oiread leis féin is dócha.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.