CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Is Iad do Chuidse Eachtraí Teanga a Chinnfeas
Íomhá
Gaeltacht bheag an carr seo
Íomhá
Rossa Ó Snodaigh, ball de Kíla & gníomhaí teanga
Íomhá
Faoi ionsaí
Íomhá
Gearóid Ó Cairealláin, gníomhaí teanga

Lonnaigh mo dhá shúil ar an ghreamaitheoir i bhfuinneoig chúil an chairr an tseachtain seo caite, ‘Gaeltacht bheag an carr seo’. D’oibrigh sé a shlaitín draíochta orm. Rug mé ar an cheamara agus tharraing an grianghraf atá de leataobh an ailt seo. Is eachtra teanga é sin. Chuaigh sé i bhfeidhm orm go raibh duine eile i mo chompal ar aon dearcadh teanga liom. Cúpla lá ina dhiaidh sin ar shliabh Galltachta bheannaigh mé don chúigiú duine, b’fhéidir, anuas im’ éadan. “Dia is Muire duit” a freagra. Máthair óg lena fear céile agus beirt ghasúr acu. “Tá Gaeilg agaibh, bail ó Dhia oraibh” a dúras agus thosaigh an comhrá. As Maigh Chuilinn í féin ach ba as Sligeach a fear agus drogall air an teanga a tharraingt chuige féin, mhínigh sí. D’oibrigh mo chuid Gaeilge tionchar uirthise, ar a gcuid gasúr agus braithim gur oibrigh ar a fear céile mar gur labhraíos leis’sean i mBéarla go lách. Eachtra teanga eile.

Léigh mé faoi eachtra mhór teanga na seachtaine an lá dár gcionn. D’ionsaigh an Irish Times (IT) muintir na Gaelscolaíochta go nimhe neanta le halt aineolach ó húdar gan baiste. Fuair siad freagra nach raibh éinne ag dréim leis, freagra a ndiongbhála ó Rossa Ó Snodaigh. (Tá an comhfhreagras sin sna naisc de leataobh an ailt seo agus is mór is fiú iad a léamh.) Chas Rossa an cúiseamh trom faoi ‘chinedheighilt’ thart ar fad, go snasta agus i mbeagán focal, ar an té gan ainm a scríobh an t-alt san IT.

Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin. Bhí ráite ag Ciarán Ó Féinneadha leis nach coiste a bhunaíonn gaelscoil ach duine amháin a dhéanann é agus go n-oibríonn coiste leis. Is siosmaideach an méid sin óir chonaic an scríbhneoir seo an méid sin go díreach le gaelscoil eile roinnt blianta roimhe sin inár fágadh an obair go léir faoi aon duine amháin, cé nach raibh gasúr aige féin.

Bíonn stró nach beag le hiarracht den chineál sin agus chuaigh an gnó idir mo dhuine seo agus codladh na hoíche nuair a mhol an dlíodóir dó litir a sheoladh amach ag míniú don phríomhoide úr nach raibh post roimpi a thuilleadh. (Bean óg í seo a chuir suas do phost eile go gairid roimhe sin le teacht chuig an ghaelscoil úr!) Níor ghlac mo dhuine le comhairle an dlíodóra, Gaeilgeoir, ach d’fháisc sé air san iarracht go damanta agus tá na céadta cainteoirí líofa Gaeilge san áit mar gheall ar an aon duine amháin sin.

An Cheist Dúisithe

Tá daoine ag déanamh an-iarracht le glúin anuas. Saor-Raidió Chonamara, Teilifís na Gaeltachta/Gaeilge agus tá daoine ag spreagadh na coda eile againn i rith an ama. Cuimhím ar ailt Ghearóid Uí Chairealláin i LÁ. Tá mórán an obair chéanna ar bun ag Colm Ó Broin i nGaelscoil le tamall anuas. Tá bordáil ar chúig leathanach faoi ghnéithe sochtheangeolaíochta i nGaelscéal (24 DFómhair). Is ceist bheo í seo, gan amhras ar bith agus tá an cuimsiú fairsing seo le moladh go mór tharla gur ríchosúil go bhfuil tobar ár saíochta, an slabhra gan briseadh sin, an Ghaeltacht, i gcontúirt mhór, faraor. Chonaic mé féin trí seachtaine sa Ghaeltacht i measc cainteoirí dúchais aon teanga Gaeilge. Ní raibh Béarla acu, ar chor ar bith. Tharla comhrá Béarla amháin, iascaire coimhthíoch sa teach leanna, ar feadh leath uaire san achar trí seachtaine sin. Trí bliana déag ina dhiaidh sin, bhí an teach leanna iompaithe ar an Bhéarla ar fad AG AON STÓCACH AMHÁIN. Tá a ainm ar eolas ag daoine. B’fhéidir go n-athródh sé a iompar teanga ar ais sula mbeidh sé daichead bliana d’aois, ach tá an dochar déanta anois. Tá foras tábhachtach poiblí amháin caillte san áit, an teach leanna, agus níl mórán thairis sin ann.

Is é brí an scéil, gur féidir le duine amháin tionchar mór a imirt ar gach éinne thart air. Dá mbeadh fear diongbhála an stócaigh san áit ag an am, mórán ar aon aois leis, níor ghá go gcaillfí an áit. Chonaic mé féin iompú teanga casta ar ais in achar cúpla mí. Aon duine amháin a dhiúltaigh iompú ar an Bhéarla nuair a thréig seisear cainteoirí dúchais Gaeilge a dteanga mar gheall ar bhean óg amháin. Ise an chéad duine den seisear a d’iompaigh ar ais nuair a thuig sí meas mo dhuine ar an teanga.

Seal Gairid Eile

Is eagal liom go gcaithfidh roinnt de mhuintir na Gaeltachta, an lucht treorach, an chuid eile a mhisniú óir tá siad faoi ionsaí, d’ainneoin taca na craoltóireachta, RnaG go háirithe agus TG4 chomh maith, d’ainneoin chuile shórt. Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.

Táimid gar dó. Eachtra amháin a chonaic an scríbhneoir seo cúpla bliain ó shin i mbaile Galltachta. Cailín óg de bhunadh na Pacastáine a rugadh in Éirinn i mbun stailc teanga. Bhí sí ag diúltú Béarla a labhairt agus bhí a cairde, sna déaga, ag gáire agus ag tathaint uirthi “Ah come on [ainm], speak English to us, come on, please”. Cé go raibh Urdúis (agus Béarla) aici, Gaeilge a bhí sí ag labhairt leo.

Ionad siopadóireachta sa Ghalltacht, chuala mé stócach ag rá lena ghirseach, mar bhí mé go díreach taobh thiar díobh, “God, you don’t expect me to keep speaking Irish to ya all day, do ya?”

Tá an t-athrú tosaithe. Tá an t-iarann te. Buailimis é!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.