Tá dul amú an-mhór ar na daoine atá buartha go ndéanfaidh sé dochar don turasóireacht i gCiarraí an logainm Gaeilge “an Daingean”, seachas an leagan Béarla, bheith in úsáid ar chomharthaí bóthair agus ar léarscáileanna.
Tá an ceart ag muintir Chiarraí agus an Daingin bheith buartha faoi bhfuil i ndán don turasóireacht. San am a chuaigh thart, d’éirigh go hiontach leis an réigiún mar gheall ar Aerfort na Sionainne, an scannán Ryan’s Daughter, Fungi, lochanna Chill Áirne, áilleacht na radharcanna agus caint bhinn bhlasta shnasta mhuintir Chiarraí. Tá an ré órga sin ag sleamhnú uainn agus ní thig linn bheith ag brath ar mheascán de thoscaí teagmhasacha le tionscal turasóireachta a thógáil agus a fhorbairt.
Beidh orthu siúd atá ag iarraidh go fóill a theacht i dtír ar an chlú a tharraing *Ryan’s Daughter *ar an chontae a n-aird a dhíriú ar an am atá romhainn agus bheith straitéiseach agus cruthaitheach ina gcuid pleanála.
Is é a chéad dúshlán i bhforbairt aon straitéis turasóireachta ná féachaint ar na láidreachtaí atá agat agus fiafraí cén fáth a mbeadh fonn ar thurasóirí teacht chugat ar an chéad dul síos. Is cinnte nach ar mhaithe leis an aimsir a thiocfaidh siad go hÉirinn. Níl muid pioc níos cairdiúla ná na daoine i réigiúin na Meánmhara nó na hÁise. Tá tírdhreach álainn againn ach tá a leithéid ag Albain agus ag na Críocha Lochlannacha fosta. Cuirfidh corrscannán de chuid Hollywood borradh faoin turasóireacht i gceantar ar feadh tréimhse - go dtí go ndéanfar scannán eile in áit éigin eile.
Má dhéanann muid anailís ghrinn ar na láidreachtaí agus ar na laigí atá againn, tiocfaidh muid ar chúpla conclúid.
Is éard a mheallann turasóirí ná an ilghnéitheacht, ní an t-aonchineálachas leamh. Is é príomhláidreacht na Gaeltachta ná an cultúr sainiúil atá ansin, nach bhfuil caomhnaithe chomh maith céanna in aon áit eile. Tá cultúr saibhir na nGael mealltach mar go bhfuil sé difriúil: an ceol draíochtúil, an damhsa fuinniúil, na cúirtchairn agus na dolmain, an tírdhreach traidisiúnta agus na turais bheannaithe agus, níos mó ná aon rud eile, an teanga mhisteach sheanda.
Tá saibhreas ag bunadh na Gaeltachta a bhfuil go leor daoine sa chuid eile den tír in éad leo mar gheall air. Tá sé i bhfad níos tábhtachtaí é sin a chaomhnú agus a láidriú ná bheith buartha faoi na logainmneacha “an Daingean” nó “Dingle”. Is é “an Daingean”, nó “Daingean Uí Chúis”, an fíorainm seanda. Nuair a úsáideann muid an leagan ceart seo, léiríonn sé go gcreideann muid go bhfuil fiúntas ag baint lenár n-oidhreacht agus nach bhfuil muid sásta glacadh leis an leagan truaillithe a chuir na coilínigh ar fáil.
Déanann áilleacht iarthar Chiarraí, i gcomhar leis an saibhreas cultúrtha agus an teanga, áit ar leith as. Agus meallann áiteanna ar leith cuairteoirí!
Mar fhocal scoir, níor cheart dúinn bheith den tuairim go gcaillfear turasóirí muna bhfeiceann siad ainm Béarla. Ní amadáin iad - tá léamh agus labhairt acu!