THALL IS ABHUS
Is Fearr Rith Maith ná ..., Géibheann!
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tá PJ Mac Gabhann ag coinneáil súile ar scéal Jean-Pierre Treiber sa Fhrainc. Ní fios an méid scannán a dhéanfar as amach anseo.

Íomhá
Guy de Maupassant (Vicipéid)
Íomhá
An Geimhreadh ag druidim isteach
Íomhá
Victor Hugo sa bhliain 1833

Is maith is cuimhin liom an chéad uair a léigh me an gearrscéal ‘Un Bandit Corse’ leis an údar Francach, Guy de Maupassant. Bhí sé ar chúrsa na hArdteistiméireachta an bhliain ar thug mé féin faoin scrúdú agus mé ar scoil i mBaile Mhuineacháin i lár na seachtóidí. Tugtar cuntas sa scéal ar eachtra a tharla ar oileán na Corsaice ina maraítear athair beirt clainne. Cuirtear brú ar an aon mhac amháin díoltas a imirt ar an duine atá ciontach, ach is léir go bhfuil leisce air aon cheo a dhéanamh. ‘Stócach lag cúthaileach ba ea é,’ a deir Maupassant. ‘Bhí sé beag gan fuinneamh ar bith ann agus bhíodh sé tinn go minic.’ Ina ainneoin sin, ba láidre dualgas an díoltais ná é. Baineann sé díoltas amach agus tugann sé faoin sliabh. Is i nGleann an Niolu a chaitheann sé an chuid eile dá shaol ar teitheadh ó fhórsaí an dlí.

Thug an náisiúnaí Corsacach, Yvan Colonna, faoin sliabh i mí Bealtaine, 1999 nuair a chonaic sé a phictiúr ar nuachtán an lae agus ‘Á lorg: feallmharfóir phríomhphóilín an oileáin’ ina theideal air. I ngeall go raibh gach cuma ar an scéal, dar leis na meáin chumarsáide, gur Colonna a mharaigh an Préfet Erignac, shocraigh sé gan fanacht thart go dtiocfadh na póilíní á lorg. (http://www.adminet.com/min/int/erignac.html) Chaith sé breis agus ceithre bliana ar a theitheadh in iargúltacht an oileáin go dtí gur thángthas air agus é ina chónaí i scioból. (http://www.dailymotion.com/video/x3h5vhenquete-sur-le-meurtre-du-prefet-ernews) Gearradh téarma príosúin dhá bhliain is fiche ar Colonna níos luaithe i mbliana tar éis achomhairc. (http://www.yvan-colonna.com/pages/index.php?action=petition) (http://www.youtube.com/watch?v=syGx1zAL8X8)

Ba dheacair dom gan cuimhneamh ar Colonna agus ar phríomhcharachtar scéal Maupassant le roinnt seachtainí anuas. Gabhadh Jean-Pierre Treiber, iarmhaor foraoise, sa bhliain 2004 agus cuireadh dúnmharú bheirt bhan óga ina leith. Cé go n-éilíonn Treiber nach ndearna sé na mná óga, Géraldine Giraud agus Katia Lherbier, a mharú, tá fianaise láidir ann a cheanglaíonn é lena mbás. Is i seantobar ar thailte Treiber a fuarthas coirp na beirte agus d’úsáid sé cárta bainc duine acu le hairgead a thógáil as acra bainc agus iad marbh. (http://videos.leparisien.fr/video/iLyROoafMR9T.html) Is i bpríosún in Auxerre, baile atá 170 ciliméadar siar ó dheas ó Pháras, a chaith Treiber breis agus cúig bliana agus é ag fanacht go dtabharfaí os comhair cúirte é. Ach d’éalaigh sé as an bpríosún sin ar an ochtú lá de Mheán Fómhair seo caite agus tá sé ar a theitheadh ó shin.

Litreacha na Coille

I litir a scríobh Treiber chuig an iris Marianne (www.marianne2.fr) agus a cuireadh sa phost ar an gceathrú lá déag de Mheán Fómhair, deir sé go raibh sé ar tí lámh a chur ina bhás féin toisc gur mheas sé nár thug an córas dlí cothrom na Féinne dó. Cad chuige, a deir sé, nach dtugtar dá dhlíodóir na grianghraif ar fad a tógadh an lá ar tháinig na póilíní chun a theach agus na tailte timpeall air a chuardach mar chuid den fhiosrúchán? Éilíonn sé chomh maith go bhfoilseofar an dá fhótashamhail a rinne na póilíní de dhaoine a d’fhéadfadh cabhrú leo ina gcuid fiosruithe. ‘Tuigim nach é an réiteach is fearr é ar an gcruachás ina bhfuil mé, ach má shocraigh mé éalú as an gcarcair is ar mhaithe le héisteacht a fháil dom féin sula dtiocfaidh an cás seo os comhair na cúirte. Agus geallaim go mbeidh mé i láthair ag an gcás cúirte sin,’ a scríobh Treiber sa litir chéanna.

Tá Treiber, 47 bliain d’aois, ar a sheachnadh ó shin. I dtrí litir eile a scríobh sé chuig a ‘hartzala’ (= ‘croí beag’ san Alsáisis), Blandine Stassart, agus a foilsíodh i Paris Match (www.parismatch.com) ar an 13 Deireadh Fómhair, déanann sé cur síos ar an saol nua atá aige ó thug sé an sliabh air féin - an ceo maidine nuair a dhúisíonn sé, an t-iora rua go cruógach ag cur lena stóras bia sula dtitfidh codladh an gheimhridh air nó an tseanbhean a casadh air agus a thug torthaí agus glasraí dó ag rá ‘go mbeidís ag teastáil uaidh’ agus cuma uirthi gur thuig sí cé a bhí ann. Bogann sé, nuair is gá dó, faoi choim na hoíche ach bíonn sé de dhánacht ann, scaití, dul isteach sna sráidbhailte chun a chuid litreacha a shacadh sa phost nó chun sracfhéachaint a chaitheamh ar na nuachtáin má bhíonn an deis aige.

Cáin an choill is taithigh í, ...’

Is beag amhras atá ann ach go dtiocfar ar Treiber luath nó mall. As an 29 duine ar éirigh leo éalú as príosúin na Fraince i mbliana, tá 23 duine acu ar ais faoi ghlas arís. Tá faire curtha ag na póilíní ar mhuintir agus ar chomhluadar Treiber. Tá an ‘chasse à l’homme’ dírithe ar áiteanna a bhfuil taithí ag an teifeach orthu, is iad sin na coillte agus na foraoiseacha inar chaith sé na blianta fada ag obair agus ag seilg i gceantar an Seine et Marne. Agus, in ainneoin a thaithí marthana faoin aer, tá laethanta agus oícheanta fuara an gheimhridh ag druidim isteach agus beidh sé níos deacra, dá bharr, fanacht beo. Is dóigh gur sciath thar lorg dó féin atá ina luiteamas scríobh faoin dúlra áfach. Cuimhnímis ar an seanfhocal Gaeilge, ‘cáin an choill is taithigh í, mol an mhóin is seachain í’.

Ach fiú má tá daoine ann ar féidir le Treiber brath orthu chun cuidiú leis agus é ar a theitheadh - bia agus athrú éadaí a thabhairt dó - is uaigneach aonarach an áit ina bhfuil sé anois ó thaobh na síceolaíochta de. Tá daoine ar a thóir a bhfuil úsáid ingearáin, gluaisrothair agus madraí acu. In aghaidh fhorlámhas an stáit, cén seans atá ag Treiber? Dúirt sé féin é i litir a foilsíodh uaidh go luath tar éis dó na cosa a thabhairt leis: ‘Tá cúpla lá ann anois ó d’athraigh mé ó charcair amháin go “carcair” eile, ach go bhfuil an ceann nua seo níos mó...’. Tarlaíonn sé uaireanta go dtugann an duine atá ar a theitheadh é féin ar láimh toisc an brú air a bheith rómhór. Tá meas áirithe ag an bpobal ar Treiber, ar a ghliceas agus ar an dóigh ina bhfuil sé ábalta ceap magaidh a dhéanamh d’fhórsaí an dlí. Ach, ní théann sé níos faide ná sin. Tá sé ráite ag dlíodóir Treiber, Eric Dupont-Moretti, go ndúirt Victor Hugo tráth dá gcuirfí ina leith gur ghoid sé na túir ó Notre-Dame nach bhfanfadh sé thart go ndéanfaí an scéal a fhiosrú. Má shocraigh Treiber rith a dhéanamh ag an bpointe seo, dar le Dupont-Moretti, is toisc go bhfeictear do na póilíní agus, níos tábhachtaí fós b’fhéidir, do na meáin gurb é atá ciontach.

(http://www.youtube.com/watch?v=5nqk5HkmIHU&feature=channel)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.