CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Is é do Bheatha a Ghaelscéal!
Íomhá
Trevor Ó Clochartaigh agus Ciarán Dunbar, Gaelscéal
Íomhá
Treasa Bhreathnach, Gaelscéal

“Tá níos mó ná nuachtán i gceist le Gaelscéal – is modh caidrimh agus cumarsáide atá ann idir lucht labhartha agus léite, scríofa agus éisteachta na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.” (Stillwater)

An Ghlúin atá Thuas

Tréaslaímid le foireann Ghaelscéal an chéad eagrán a bheith amuigh inár measc agus guímid gach rath ar a saothar san am atá amach romhainn. Bhí sé go deas greim a fháil ar nuachtán Gaeilge arís i ndiaidh ar chailleamar le himeacht LÁ agus FOINSE, faoina sheanchruth, agus le ‘scaoileadh’ an dá ‘scoil’ sin. Níl sé furasta ag nuachtán teacht ar an fhód as an nua agus cruthú dó féin. Is ag brath ar chuid Pháidín den mhargadh a bhíonn nuachtán Gaeilge. Líon fíorbheag de mhuintir na Gaeilge féin a shantaíonn fanacht i dtaobh le saol na Gaeilge, saol atá, dar leo, de leataobh ó shaol mhór Bhéarla na hÉireann. Is ansiúd a bhíonn a n-iúl is a n-aird don chuid is mó, faraor. Bíodh go bhfuil riar a ndóthain den teanga seo acu, idir léamh agus labhairt, is mar ligean scíthe acu, nó mar chaitheamh aimsire acu é. An dream mór seo, theastódh iontas thar na bearta gach eagrán lena dtarraingt chuig seilf siopa le nuachtán Gaeilge a cheannach.

An Ghlúin Aníos

De réir mar a chuirfear le líon na gcainteoirí agus na léitheoirí Gaeilge, ardóidh líon an chodáin bhig sin a cheannós nuachtán Gaeilge. Tá sé sin ag tarlú agus tá le tabhairt faoi deara nach ag ciorcal comhrá ar leith a chasfar an sin ort a mbíonn a ainm is a sheoladh i nGaeilg. Tá siad le tabhairt faoi deara ar Facebook agus níl siad chomh tanaí ar an talamh is a bhíodh. Scór nó breis bliana d’aois agus comharthaíonn siad gur seobh iad iad. Tá a n-ainm i nGaeilg acu, tá an teanga acu agus sin a bhfuil de. Measaim féin, cheal aon taighde ar an ábhar, gur meascán de Chumann na bhFiann, coláistí eile agus de dhream na gaelscolaíocht iad, dream iad a dtugann pocán gabhair na Gaeilge i lár an aonaigh, teilifís na Tulaí, misneach agus uchtach dóibh agus go bhfuil siad sásta thar mar a bhí riamh gabháil i lár aonaigh iad féin agus an teanga mar chuid ghníomach dá bpearsa. Chomh maith le sin, níl saol mór Bhéarla na hÉireann chomh mór millteach céanna is a bhí deich mbliana ó shin, ná baol air, fágaim:

Meastar go bhfuil ar a laghad 200 teanga á labhairt sa tír faoi láthair, agus is iomaí duine a bhíonn ag freastal ar ranganna oíche in Ionad na dTeangacha OÉ Má Nuad a deir gurb iad na teangacha uilig a chloiseann siad thart orthu a spreag iad le tabhairt faoin Ghaeilge arís. (A. Ní Ghallchóir, LCC xxxix 221)

Cúrsaí léitheoireacht Ghaeilge de, is beag cuidiú an lagmheas ina leith a d’fhás ar fud an domhain i gcoitinne ó na 1960aidí anuas nuair a leagadh béim ar theoiricí an ‘oral-aural’. Is go malltriallach atáthar ag teacht ar an tuiscint a fhad is a bhaineann le cumasú duine i dteanga nach tábhachtaí don duine os cionn 14 bliana d’aois caint agus éisteacht na teanga oiread is a samhlaíodh. Tugtar faoi deara anois go rabhthas ag déanamh leathcheal sna réimsí eile i dtaca leis an duine fásta. Le haon fhocal úr amháin, cuir i gcás, a dhingeadh i gcuimhne an duine (os cionn 14 bl. d’aois), caithfidh an duine an focal nua a fheiceáil agus a thuiscint ag an am chéanna 19 n-uaire!

Bígí ag léamh mar sin, go santach, ar BEO.ie, ar Ghaelscéal agus ar Fhoinse. Má thig linne cuidiú ar dhóigh ar bith le héinne sna meáin Ghaeilge ó thaobh grianghraf a aimsiú, nó rud ar bith mar é, cuideoidh sinn agus fáilte.

Naisc: http://www.facebook.com/home.php?#!/pages/Gaelsceal/107334065952083?ref=tswww.gaelsceal.iehttp://andrumamornuacht.blogspot.com/2010/02/ciaran-dunbar-le-bheith-ina-eagarthoir.htmlhttp://www.forasnagaeilge.ie/ForasNaGaeilge/headline-manager.asp?id=68

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.