TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Iontaobhas na Gaelscolaíochta
Caroline Nolan Caroline Nolan

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Caroline Nolan, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Béal Feirste.

  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cá fhad atá tú sa phost?

Oifigeach maoinithe mé ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta. Ceann de na buntáistí leis an phost, mar sin, ná go mbím ag tabhairt dea-scéala go minic do thuismitheoirí, daltaí agus múinteoirí atá ag fanacht le tacaíocht airgid chun cur le saol scoile na bpáistí. Tugann sin sásamh mór dom. Tá mé ag obair anseo le bliain anois.

  1. Cá huair a bunaíodh Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus cé a bhunaigh é?

Bhunaigh an tAire Oideachais, Martin McGuinness, Iontaobhas na Gaelscolaíochta i mí Feabhra 2001. Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Cionn is go raibh tromlach mór na nGaelscoileanna ó thuaidh taobh amuigh den chóras ag an am sin, iad ar bheagán airgid agus beagán áiseanna. Ní hamháin gur thug sé deontas de £1.75m ach d’ísligh sé na critéir aitheantais do Ghaelscoileanna go suntasach, rud a bhain ar shiúl an bac éagórach a bhí ar Ghaelscoileanna go dtí sin.

  1. Cén obair a dhéanann InaG anois?

Dáileadh airgid is mó. Tugaimid airgead do chúig scoil atá gan aitheantas fós ó thuaidh. Ciallaíonn sé sin go mbímid ag íoc tuarastal le múinteoirí i scoileanna, nó b’fhéidir ag aimsiú suímh do scoil nó ag tabhairt deontas do dhreamanna atá ag cabhrú le Gaelscoileanna. I mbliana, chaitheamar thart faoi £600,000 go dtí seo agus thiocfadh leis an fhigiúr sin ardú fós idir seo agus deireadh na bliana.

  1. Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?

£1.75m ón Roinn Oideachais chun tús a chur leis an Iontaobhas agus thug an Roinn £500,000 don eagraíocht i mbliana. Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála. Ar ndóigh, i ndiaidh blianta fada leatroime agus neamhairde beidh éileamh níos mó ná mar ba cheart ar an airgead agus ciallaíonn sin nach leor an deontas. Ach bhí toradh maith ar an obair go dtí seo; sa bhliain 2000, mar shampla, bhí leathchuid de na Gaelscoileanna anseo gan aitheantas - 14 scoil. Anois tá an líon sin laghdaithe go cúig cinn. Agus is eol dúinn ó na tuismitheoirí, ó na daltaí agus ó na múinteoirí go bhfuilimid ag déanamh difir dá saol.

  1. Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag InaG?

Níl san Iontaobhas ach uirlis leis an airgead a fháil ar bhonn cothrom a fhad leis an dream is mó a bhfuil sé de dhíth orthu. Ní chuirtear amú pingin agus féachann na scoileanna féin i gcónaí le hiomlán tairbhe a bhaint as gach pingin a fhaigheann siad.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá doras oscailte ann anois do scoileanna neamhaitheanta agus tacaíocht ann dóibh seachas diúltú. Sin an rud is tábhachtaí dá bhfuil bainte amach againn, is dócha. Táimid ag obair anois i gcomhar le Comhairle na Gaelscolaíochta ar straitéis deich mbliana d’fhorbairt na nGaelscoileanna ar fud na Sé Chontae.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht?

An laige is mó is dócha ná go bhfuilmid cuid mhaith ar chúl ar ár macasamhail sa chóras oideachais Béarla. Agus dála aon eagras nua caithimid foghlaim de réir mar a théimid ar aghaidh. Is lú áiseanna agus taithí atá againn ná dreamanna eile go dtí seo ach níor theip riamh ar bhean an mhisnigh! Díograis na ndaoine atá ag obair sna scoileanna an bua is mó atá ar thaobh s’againne.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag InaG faoi cheann cúig bliana.

Dúbláil ar líon na nGaelscoileanna. £1m a bhailiú gach bliain. Feabhas mór ar infrastruchtúr fisiciúil na Gaelscolaíochta.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

As baile beag mise i gCeatharlach agus fuair mé amach anseo gur iontach na físeanna a thig leat a bheith agat don teanga i mBéal Feirste agus an oiread sin Gaeilgeoirí sa chathair. Ba bhreá liom cónaí i nGaeltacht uirbeach anseo agus tá iarracht ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a chur ar bun, rud a thugann spreagadh mór dom. Nó sa deireadh is teanga í an Ghaeilge agus mairfidh sí má bhíonn pobal ann á labhairt. Labhair í agus mairfidh sí an seanmhana a bhí ann agus tacaím leis sin. Agus thar aon rud eile, is mian liom an teanga agus an pobal Gaelach a dhéanamh chomh tarraingteach sin go mbeidh an t-aos óg ag briseadh a gcos le bheith páirteach iontu!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.