CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ionsaí ar lucht tuaithe na hÉireann

Tá lucht cathrach ag iarraidh a bheith ag brú a gcuid tuairimí faoi nósanna maireachtála ar bhunadh na tuaithe.

Íomhá

Tá sé le feiceáil go soiléir ó thorthaí daonáirimh na bliana seo go bhfuil i bhfad níos mó daoine anois ina gcónaí i limistéir chathrach agus i mbailte na tíre ná mar a bhí riamh. Tá suas le 50% de phobal na Poblachta ag cur fúthu gar do chathair Bhaile Átha Cliath nó sa chathair féin, agus tá an líon seo ag méadú bliain i ndiaidh bliana.

Tá an eagraíocht chaomhnaithe An Taisce, i gcomhar lena gcairde sna meáin chumarsáide (leithéidí Frank McDonald san Irish Times), ag rá go bhfuil sé thar am deireadh a chur le tógáil tithe aonair faoin tír agus gur cheart go ndéanfaí na bailte tuaithe a fhorbairt.

Tá An Taisce go láidir den tuairim go bhfuil muintir na hÉireann ag milleadh an tírdhreacha tuaithe leis an tógáil atá ar siúl agus go mbeadh sé níb éifeachtaí agus níb fhearr don timpeallacht dá mbeadh forbairt á déanamh ar na bailte.

An toradh atá ar an fheachtas seo ná go bhfuil An Taisce ag cur i gcoinne tithe aonair faoin tuath agus go bhfuil an Bord Pleanála ag tacú leo ar bhonn imshaoil. Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag tógáil seasamh láidir i gcoinne an fheachtais seo agus é ag maíomh go bhfuil na bailte fearainn tuaithe ina gcóras traidisiúnta maireachtála, agus gur cheart leanúint leis mar pholasaí stáit tacú leo, in ainneoin thuairimí An Taisce.

Mar atá rudaí faoi láthair, tá cosc á chur ar thógáil go leor tithe aonair, go háirithe sa Ghaeltacht, agus imní ar roinnt mhaith de mhuintir na tuaithe nach mbeidh cead acu lonnú ina gceantar dúchais as seo amach. Tá na húdaráis ag diúltú cead pleanála a thabhairt ar na cúiseanna seo: dochar don timpeallacht agus milleadh radharcanna tuaithe; easpa infrastruchtúir tuaithe agus an costas a bhainfeadh le caighdéain sasúil a bhaint amach sa réimse seo.

Is féidir a rá go bhfuil an feachtas atá ar siúl ag An Taisce tar éis teacht aniar aduaidh ar mhuintir na tuaithe agus tá fearg ag teacht orthu dá bharr. Mothaíonn go leor de bhunadh na tuaithe gur seo aicme ar leith cathrach atá ag iarraidh saol traidisiúnta na tuaithe a chur i mbaol agus gur ionsaí é ar a saol agus ar a nósanna maireachtála.

Tá eagraíocht nua, Irish Rural Dwellers Association, tosaithe ag Jim Connolly as Contae an Chláir le dúshlán a thabhairt don dearcadh cathrach agus tá tacaíocht láidir á fáil aige ar fud na tíre dá sheasamh.

Beidh ar an Rialtas cinneadh a dhéanamh luath nó mall an dtabharfar cead do lucht na tuaithe a dtithe a thógáil cibé áit is mian leo, fhad is go nglactar le moltaí ar dhearadh agus áit lonnaithe, ar a dtalamh féin.

Is conspóid í seo ar fiú súil a choinneáil uirthi mar go bhfuil impleachtaí móra i gceist ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta agus an baol ann go gcothófar deighilt níos mó idir muintir na tuaithe agus pobal cathrach na tíre.

Is é ár dtuairimne go bhfuil oileán na hÉireann mór go leor le freastal ar riachtanais bheatha gach duine, bíodh siad ag iarraidh a bheith ina gcónaí i gcathracha agus i mbailte móra, nó faoin tír.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.