CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Íocshláinte na hÉireann

Teastaíonn misneach agus tuiscint thar mar a theastaigh cheana. Tuiscint ar am, ar áit agus tuiscint ar chumas nó ar an méid is féidir a chur i gcrích sa saol. Is ag cur lenár dtuiscint ar oibriú na hinchinne atá saol na heolaíochta. Nuair a thig an duine nuabheirthe ar an saol, bíonn an chuid is mó dá inchinn liog-rianaithe do ghné thábhachtach amháin. Ní do bhainne cíche, do bhia ná do theas agus fuacht a bhíonn bunáite inchinn an duine nuabheirthe liog-rianaithe amach roimh ré, ach do fhoghlaim teangan. Bíonn 68% den inchinn liog-rianaithe do fhoghlaim teanga, nó ‘hardwired for language acquisition’ mar a deir siad sa Bhéarla. Léiríonn sé seo a lárnaí is atá teanga don duine agus don chomhluadar daonna. Is amhlaidh an scéal ar fud na cruinne. Faoin am a mbeidh an leanbh nuabheirthe tuairim is ceithre bliana déag d’aois, beidh an inchinn réitithe le rianta de lioganna don chuid eile dá shaol agus ní theastóidh an réimse leathan lioganna do fhoghlaim teangacha is a theastaigh ón naíonán. Ní bheidh fanta faoi réim fhoghlaim teanga do liog-rianta inchinne an duine atá os cionn 14 bl. d’aois ach 1%. Sea, bíonn maolú 67% tagtha ar rianta na hinchinne a bhíonn leagtha amach go huathúil agus ar fáil ag an fhoghlaimeoir teanga os cionn 14 bl. d’aois. Ar ndóigh, is fearr an féinsmacht, na modhanna féinfhoghlama agus is fearr modhanna féinspreagtha a bhíonn ag an duine fásta ná a bhíonn ag an ghasúr. Is argóint iontach láidir ar son an tumoideachais i sprioctheanga gné seo na liogeolaíochta, óir is é nádúr an naíonáin teanga agus teangacha a fhoghlaim ar luas iontach tapa. Tarlaíonn sé chomh humhal éasca ar fud an domhain, domhnach is dálach, ó cheann ceann na bliana agus chomh feiceálach gur minic a shamhlaítear do thuismitheoir gasúr atá ag foghlaim dhá theanga, nó breis, gur múscán uiliteach é inchinn an ghasúir i dtaca le foghlaim teanga/cha.

Leanbaíocht na hAoise, nó an Mhallréir

Táthar, agus beifear feasta, ag díriú airde ar an liogeolaíocht thar mar dhírigh siad riamh cheana. Léiríodh i gCeanada gur cosaint ceithre bliana in aghaidh leanbaíocht na haoise é an dá theanga a bheith ag duine. (Féach an nasc ar dheis.) Is léir go mbíonn an mhallréir ar an othar ach ní chuirfidh sé isteach ar an duine ar feadh ceithre bliana mar gheall ar na rianta lioganna breise a bhíonn ag feidhmiú in inchinn an duine a bhfuil dhá theanga ar a thoil aige. Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí sách minic roimhe seo, “what good is Irish to anyone?” mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.

Ar mullach ghné na liogeolaíochta, is fearrde an tír an t-aos óg a fhásfas aníos ann a shnaidhmiú léi sa dóigh go bpillfidh siad abhaile i ndiaidh sealanna oibre is oideachais thar lear. Níl aon rud eile a dhéanfas an snaidhmiú sin ach an tsaíocht dúchais ar di an teanga a croílár. Ní bhraitear ainm áite ná a n-iompraíonn sé, mura dtuigtear é ar dtús. Geo-cultural orientation a thugtar i mBéarla ar an bhraistint sin a bhíos i logainm, i stéibh cheoil, i radharc uathúil taobh tíre. Is dócha go gcuimsíonn an t-aon fhocal amháin i nGaeilg, dúchas, an bhraistint sin.

Is caoithiúil tuismitheoirí a spreagadh i leith an tumoideachais an tráth seo bliana, san am a mbíonn fuadar faoi cén scoil sa cheantar a rachaidh ár naíonán ag deireadh an tsamhraidh? Ní miste an fhírinne lom a inse, gur i dtuilleamaí na haon teanga amháin a bhíonn gasúir i gcóras scolaíochta an Bhéarla. Níor oibrigh sé agus ní oibríonn a mhacasamhail i dtíortha eile. Ach teangacha a bheith acu, in áit na haon teanga amháin, ní fios an leas a dhéanfaidh an ghlúin aníos don tír seo. Cuirimis le rolla na Gaelscoile in aice linn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.